Baile
Aoisghrúpaí
> 4 Bliain
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag Tógáil Páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
4 > 12 Bliain
Gaelscoileanna
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
12 > 18 Bliain
Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid nuair atá tú ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
18 > 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ag foghlaim na Gaeilge
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Pobal
Ar díol agus ar cíos sa Ghaeltacht
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Folúntais
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
ca-bhfuil-na-himreoiri-oga?

Cá bhfuil na himreoirí óga?

| jeff neville | ,

Cúpla bliain ó shin, bhíodh cluichí idir-chúige ar siúl ar Lá an Dreoilín. D’imrítí an cluiche idir Mumha agus Laighin thíos i Luimneach de gnáth. Cé gur ócáid den scoth a bhí ann, le daoine a bhí fós lán tar éis dinnéar Lá Fhéile Stiofáin agus is dóigh roinnt piontaí ólta acu roimh an gcluiche, bhí mionlach ann i gcónaí ag tabhairt amach nach raibh imreoirí sinsearacha na gcúigí ar fáil. De gnáth, ba iad na himreoirí óga a roghnaigh na foirne bainistíochta mar bhí orthu sos a tabhairt do na himreoirí eile.

Anois, áfach, nuair a thagann imreoirí sinsearacha amach ar an bpáirc, bíonn daoine ag gearán nach bhfuil na himreojrí óga ag fáil deiseanna; gur cheart dóibh a bheith ar an bpáirc. Is fáinne fí é. Tá imreoirí maithe óga ag fáil taithí diaidh ar ndiaidh ach tá roinnt daoine ann a cheistíonn cén fáth nach n-imríonn siad i ngach aon chluiche.

Tá roinnt cúiseanna leis sin, agus is ceann an-simplí an chéad cheann: teastaíonn an bua ón mbainisteoir. Is spórt gairmiúil é. Is imreoirí gairmiúla iad. Caithfidh an fhoireann airgead a ghnóthú agus is é an bua an chaoi chun é sin a dhéanamh. Chomh maith leis sin, mar a luaigh mé, is imreoirí gairmiúla iad na himreoirí. Má chailleann siad cluichí, nuair atá conradh nua uathu ag deireadh séasúir, ní bheidh ceann ann dóibh le síniú, agus tá bainisteoir na foirne san áit cheannann céanna. Ba mhaith liom féin imreoirí óga a fheiceáil i gcluichí, ach is é an bua bun is barr gach aon rud i spórt gairmiúil.

An dara rud ná ní féidir le roinnt imreoirí óga cluiche i ndiaidh chluiche a imirt mar níl siad iomlán réidh don fhisiciúlacht leanúnach a thagann le rugbaí ag an leibhéal sin. Tógann sé tamall dul i dtaithí air. Smaoinigh faoi Eben Etzebeth: samhlaigh imreoir óg ag déanamh greamú air arís agus arís eile ar feadh cluiche iomlán. Ceapann roinnt daoine gur cluiche ríomhaire é, go mbeidh an t-imreoir ceart go leor díreach tar éis an chluiche. Ach ní bheidh. Teastaíonn sos uathu. 

Tóg Gavin Coombes mar shampla, imreoir lárnach do Mhumhain. Is fear mór, láidir é, fear a bhíonn thar a bheith fisiciúil agus é i mbun imeartha. Ach níor imir sé ach 246 nóiméad ina chéad séasúr do Mhumhain. An bhliain ina dhiaidh sin, d’imir sé níos lú: 140 nóiméad. Ach an bhliain ina dhiaidh sin arís, d’imir sé 1,308 nóiméad agus thosaigh sé i 17 gcluiche as 22 chluiche. Cinnte, bhí fear darbh ainm CJ Stander ag imirt agus ag tosú do Mhumhain den chéad dhá bhliain d’am Coombes, ach fós, is méadú ollmhór é.

Bíonn eisceachtaí ann, cinnte. Daoine ar nós Joe McCarthy. Ach, formhór an ama, teastaíonn am ó imreoirí óga. Tá an spórt ag éirí níos fisiciúla le gach aon séasúr a théann tharainn. Má chaitear imreoirí óga isteach nuair nach bhfuil siad réidh, ní bheidh imreoirí ann le cluichí a imirt sa todhchaí. 

Níos mó

Cláraigh do nuachtlitir PEIG

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge