Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
‘is-acmhainn-chumhachtach-e-cultur-na-heireann-lena-spreagtar-nualaiocht-agus-cruthaitheacht’

‘Is acmhainn chumhachtach é cultúr na hÉireann lena spreagtar nuálaíocht agus cruthaitheacht’

| Diarmuid Coffey | ,

Bhí an Gael Glas ag rá cúpla mí ó shin gur léir nach bhfuil ag éirí rómhaith leis an teachtaireacht lom eolaíochta daoine a mhealladh agus go bhfuil bearna mhór ann chun daoine cruthaitheacha a mhealladh i dtreo gnímh aeráide. Nach mór an t-iontas agus an gliondar croí a bhí orm nuair a d’oscail mé an ríomhphost is déanaí ó Ghaelchultúr agus eolas ann faoin gcúrsa úrnua darb ainm “Fiontair Bheo: Cuspóir, Straitéis agus Ceannaireacht” a thabharfaidh “freagra radacach ar dhúshláin eacnamaíochta agus chomhshaoil”. 

Bhí an t-ádh orm chomh maith mar níl sé de thaithí agam ach ríomhphost nó dhó a roghnú agus a léamh gach lá, agus na cinn eile a chur sa bhruscar (gabh mo leithscéal má tá tú ag fanacht le freagra uaim…), ach dúirt mé ag an am go mbeadh orm dul i dteagmháil leis an Ollamh Fionnbarra Ó Brolcháin, atá i gceannas air. Rinne mé é sin agus tá a chuid freagraí le léamh thíos ag léitheoirí NÓS amháin! 

Is féidir clárú leis an gcúrsa anseo, agus cá bhfios, seans go mbuailfidh tú leis an nGael Glas féin ann!

Cad a spreag sibh an cúrsa nua seo “Fiontair Bheo: Cuspóir, Straitéis agus Ceannaireacht” a chur ar fáil?

Bhí sé soiléir dúinn go bhfuil an comhrá faoi láthair maidir le inbhuanaitheacht, go mór mór sna meáin agus sa pholaitíocht, i bhfad róchúng, claonta, agus simplí. Tá seo fíor in Éirinn ach go háirithe. Go minic, feictear inbhuanaitheacht teoranta do leithéidí na timpeallachta, athrú aeráide, téamh domhanda, caillteanas bithéagsúlachta, agus araile. Shocraigh muidne go rabhamar chun iarracht a dhéanamh comhrá difriúil agus níos leithne a chothú trí chúrsa nua a chur ar fáil. 

Dar linne, baineann inbhuanaitheacht leis an tslí ar féidir leis an gcine daonna agus an domhan neamhdhaonna saol faoi bhláth a bheith acu araon ar ár bpláinéad álainn. Mar sin, tá gach rud idirnasctha. Baineann inbhuanaitheacht le abair bannaí pobail a neartú agus an cultúr dúchais a chothú chomh maith leis an éiceachórais a chosaint. Tá fiontair inbhuanaitheachta tiomanta ag cuspóirí beo in ionad cuspóirí airgid. Sin an fáth ar thugamar an teideal Fiontair Bheo ar ár gcúrsa.

Bhíomar ag iarradh cúrsa uathúil a chur ar bun ar líne ina mbeadh gnéithe mar bhrí, mothúcháin, údaracht, féinteorainneacha, traidisiúin, oidhreacht, agus araile fite fuaite le ábhair mar an geilleagair ciorclach, dramhaíl, dífhás, éicéifeachtúlacht agus a leithéid. Dhearamar an cúrsa ionas go mbeadh sé bunaithe ar fhíorluach, sin luach i bhfad níos leithne ná luach airgid amháin. Clúdaíonn fíorluach an fiúntas a bhaineann le fiontar a chruthú agus an luach a roinnt leis an pobail (daonna agus neamhdhaonna) is go deimhin leis an tsochaí féin. Is é an chaoi is fearr chun fíorluach a thuiscint ná trí staidéar a dhéanamh ar scéalta fiontair inbhuanaitheacha ó áiteanna éagsúla ar fud an domhain, mar a bheidh na mic léinn á dhéanamh ar an gcúrsa. 

Cé hiad na daoine a n-oirfeadh sé dóibh?

Beidh an cúrsa an-oiriúnach dóibh siúd fud fad an domhain, atá ag iarraidh brí agus cuspóir níos doimhne a fháil ina saolt oibre agus fiú níos leithne fós, ina saol ar fad. Táimid ag lorg daoine cruthaitheacha agus fadbhreathnaitheacha a dteastaíonn na scileanna praiticiúla uathu chun fiontair inbhuanaitheacha a bhunú agus a fhorbairt. 

Mar sin, na daoine a n-oirfeadh ná siúd gur mian leo an t-eolas agus an tuiscint atá acu ar an ngeilleagar glas domhanda a fheabhsú. Seo daoine a bhfuil comhlachtaí dá gcuid féin acu nó gur mian leo a fiontair féin a chur ar bun amach anseo. Ach freisin beidh a lán mac léinn ag obair i gcomhlachtaí príobháideacha, nó san earnáil phoiblí agus deonach. 

Seans go mbeidh siad ag iarraidh a bheith chun cinn ar threochtaí eacnamaíochta agus comhshaoil ionas go mbeadh dearcadh níos glaise istigh dá gcuid ionaid oibre. Tá sé mar aidhm ag a lán dá leithéid a gconair ghairme a athrú nó cur lena sainscileanna laistigh den ról atá acu faoi láthair. 

Beidh iarscoláirí ó Ghaelscoileanna, ón nGaeltacht nó atá tar éis an Ghaeilge a fhoghlaim as a stuaim féin an-tarraingteach mar caithfidh gach duine ar an gcúrsa bheith muiníneach as cumarsáid a dhéanamh le daoine eile agus as é nó í féin a chur in iúl trí mheán na Gaeilge. I ndeireadh na dála, tá gá le daoine ar an gcúrsa ar mhian leo a bheith mar chuid de líonra gníomhach agus nuálaíoch de dhaoine gairmiúla a bhfuil an dearcadh céanna acu agus a bhfuil todhchaí inbhuanaitheach mar chomhsprioc acu.

Cad iad na spriocanna atá agaibh? 

An phríomhsprioc fhadtéarmach atá againn ná go gcothóidh an cúrsa spreagúil seo atá á éascú trí mheán na Gaeilge comhráití cruthaitheacha faoin nasc idir an teanga agus inbhuanaitheacht. Tá impleachtaí dá réir don dearcadh agus an spéis a bheidh ag an bpobal agus ag lucht polasaí na tíre ar an dteanga. Sprioc fíorthábhachtach eile atá againn ná frithchothromaíocht a thairiscint do cheannasaíocht na gclár cúng oideachais d’aosaigh atá faoi thionchar an mhargaidh agus comhlachtaí móra idirnáisiúnta in Éirinn, atá ag déanamh neamhaird ar an nasc idir ár ndúchas agus inbhuanaitheacht.

Dar ndóigh, tá sprioc ghearrthéarmach againn freisin, sin idir 15 duine agus 30 duine a aimsiú a freastalóidh ar an gcúrsa sa bhfómhar. Ina dhiaidh sin, tá súil againn an cúrsa a chur ar fáil uair nó dhó gach bliain.

Is trí Ghaeilge a chuirtear an cúrsa i láthair – an mbaintear úsáid as an teanga í féin mar uirlis ghníomhaíochta i gcoinne fadhbanna comhshaoil, nó cén ról a bheidh aici?

Cinnte, baintear úsáid as an teanga ar an gcúrsa mar uirlis ghníomhaíochta i gcoinne fadhbanna comhshaoil. Mar gheall ar dhomhandú an lae inniu, tá go leor daoine ag fulaingt de bharr easpa fréamhacha, dícheangal leis an am atá thart agus briseadh bannaí i pobail áitiúil. Fágann sin iad gan bhrí ná cuspóir. Tá ár gclár bunaithe ar an dearbhú gur acmhainní cumhachtacha iad cultúr agus traidisiúin na hÉireann lena spreagtar brí, nuálaíocht agus cruthaitheacht agus lena gcuirtear sláine éiceolaíoch agus rathúnas eacnamaíoch chun cinn. Seo an phríomhchúis go bhfuil an cúrsa féin, atá bunaithe ar bhrí agus ar chuspóir, trí mheán na Gaeilge i láthair ina iomláine, lena n-áirítear na léachtaí, an plé ranga agus na tascanna ar fad. 

Cothóidh an cúrsa seo trí Ghaeilge saol a bhfuil cuspóir léi, fiontair inbhuanaithe athghiniúna, pobail rathúla féinspleácha agus faoi dheireadh thiar thall, sochaí agus pláinéad faoi bhláth. Is acmhainn ríthábhachtach an Ghaeilge chun muintearas, fréamhúlacht agus féiniúlacht a chothú agus dá bharr fiontair atá faoi úinéireacht an phobail agus áit-bhunaithe. Spreagfaidh ár mbéim ar an teanga fiontair inspioráideacha dhúchasacha in earnálacha cosúil le bia, ealaíona, ceardaíocht, turasóireacht, fuinneamh in-athnuaite, srl. 

Agus í ag snámh i gcoinne gnátheacnamaíochta, cuidíonn an teanga le mic léinn tuiscint a fháil ar an gcaoi a gcruthaítear agus a roinntear fíorluach, trí fhorbairt a dhéanamh ar fhiontair inbhuanaithe. Cuireann sé seo ar a gcumas, sa chaoi is go bhfaigheann siad an féinchreideamh chun iomramh i gcoinne taoide an tsaormhargaidh agus gan caitheamh le tomhaltas agus ábharachas mar phríomhspriocanna an tsaoil. 

Cáintear an rialtas go minic de bharr an easpa tacaíochta a thugann sé don teanga, agus don easpa gnímh i gcoinne fadhbanna móra an tsaoil cosúil le hathrú aeráide. An gceapann sibh go bhfuil deis ann an dá fhadhb sin a nascadh le chéile, agus réiteach a fháil orthu go léir?

Baineann na fadhbanna eacnamaíochta agus sóisialta atá againn in Éirinn le teip i réimse an spioraid dhaonna. Chun teacht aniar ar na fadhbanna sin go léir, tá athbheochan na Gaeilge, atá dlúthcheangailte le athghiniúint an spioraid daonna céanna, riachtanach. Is fórsa fíorchumhachtach í an Ghaeilge, de bharr go bhfuil sí lárnach i gcothú mórtas dúichí, nó mar a thug an file Liam Ó Mhuirthile air tráth, dúthaigh anama. Is as an spiorad sin atá fréamhaithe sa dúchas a spreagfar inbhuanaitheacht agus athghiniúnt i réimsí eile sa tsochaí.  

Tá sé áiféiseach an dá rud, an teanga agus an éiceolaíocht, a scagadh óna cheile. Tá dlúthbhaint eatarthu mar atá léirithe go han-mhaith ag Michael Cronin ina leabhar An Ghaeilge agus an Éiceolaíocht [Foilsiúcháin Ábhar Spioradálta, 2019]. 

Baineann siad araon leis an gá atá ann sa lá inniu fréamhúlacht dhomhain a chothú chun gníomhú mar bhac i gcoinne an tomhaltachais, an t-ábharachas agus an caillteanas cultúir. An réiteach is fearr ná tríd an naisc eatarthu a láidriú faoi mar atá beartaithe againn a dhéanamh ar an gcúrsa. 

Fadhb eile atá tugtha faoi deara agam le fada ná go gcuirtear gníomh aeráide i láthair mar íobairt agus cruatan i gcónaí. An bhfuil aon réiteach agaibh air sin, ionas go mbeimid in ann saol agus todhchaí níos fearr a shamhlú?

Aontaím leat go gcuirtear i gcónaí gníomh aeráide, agus níos leithne ná sin inbhuanaitheacht í féin, i láthair mar íobairt agus cruatan. A mhalairt atá muid á iarraidh chun réiteach d’fháil ar meon diúltach míchruinn mar é. 

Conas? Táimid ag tabhairt deis faoi leith do na mic léinn machnamh domhain a dhéanamh ar conas a chothóidh siad saol maith sona a bhfuil brí dhomhain agus cuspóir leis. Déanfaidh siad sin go praiticiúil tríd aiste phearsanta a scríobh le linn an chúrsa ina ndíreoidh siad ar fhéinmhachnamh agus féinchlaochlú. 

Bainfear leas as an ábhar a clúdófar sna ranganna agus as taighde féinstiúrtha chun meon domhain fréamhaithe dóibh féin a chothú. Beidh deis acu cíoradh a dhéanamh ar na smaointe agus na hábhair sa chúrsa chun slite a aimsiú chun leas a saolta féin. In dteannta sin, glacfaidh na mic léinn páirt i ngrúpaí chun samhail d’fhiontar inbhuanaitheach uaillmhianach a phlé mar choincheap, a phleanáil agus a fhorbairt le linn an chúrsa. Arís, an sprioc a bheidh ann don saothar seo ná fíorluach a chruthú, bunaithe ní ar íobairt agus cruatan ach saol lán de sonas, maitheas agus tairbhe. 

Níos mó