Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
tuairisc-on-mbrasail:-agus-toghchan-uachtaranachta-ag-druidim,-a-bholg-folamh-seachas-an-ucrain-ata-ag-deanamh-imni-do-diego

TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: Agus toghchán uachtaránachta ag druidim, a bholg folamh seachas an Úcráin atá ag déanamh imní do Diêgo

‘Ba chóir don domhan ar fad aontú agus brú a chur ar an Úcráin géilleadh don Rúis,’ a dúirt dlúthchara Brasaíleach liom agus béile ríse agus pónairí a bhí réitithe agam á alpadh siar aige.

Bhí Diêgo ag caitheamh lóin i mo theachsa toisc nach raibh greim le hithe aige le trí lá anuas. Tá sé as post le dhá bhliain anuas, tá deireadh leis an liúntas éigeandála suarach a bhí ar fáil le linn na paindéime agus ag nach mór 12%  atá an ráta boilscithe bliantúil sa Bhrasaíl – dhá phointe céatadáin níos airde ná mar atá in Éirinn faoi láthair.

Bhain a thuairim stangadh asam ach ní fhéadfainn Diêgo a lochtú, ná ní fhéadfainn locht a fháil ach oiread ar éinne eile sa Domhan ó Dheas nach bhfuil bratach na hÚcráine crochta amach as an bhfuinneog aige nó curtha in airde ar phictiúr próifíle éigin, mar a bhíonn ag go leor daoine sa Domhan Thiar.

Is bocht an scéal é ach tá straitéis na Rúise maidir leis an tuairim phoiblí sa chuid sin den domhan ar a dtugtaí ‘an tríú domhan’ fadó ag obair: ar a mbolg folamh féin a chuimhneoidh daoine nach bhfuil d’acmhainn acu a n-arán laethúil a cheannach de bharr an chogaidh san Úcráin – agus ní ar an gceist cé a thosaigh an cogadh céanna an chéad lá riamh.

Bhí dathanna buí agus gorm na hÚcráine ar fud na háite agus mé san Eoraip ar feadh nach mór trí mhí ach diabhal bratach Úcránach atá feicthe agam ó d’fhill mé ar an mBrasaíl coicís ó shin. Is iomaí fuinneog áfach a bhfuil bratacha buí agus uaine na Brasaíle agus bratacha dearga Pháirtí na nOibrithe (PT) le feiceáil iontu agus is i méid a bheidh a líon sin ag dul as seo go dtí an toghchán uachtaránachta ar an 2 Deireadh Fómhair. Tá seilbh glactha le fada an lá, ar ndóigh, ag lucht tacaíochta an uachtaráin reatha Jair Bolsonaro ar bhratach na Brasaíle agus ar léine na foirne sacair náisiúnta féin.

Agus dhá mhí le dul go dtí an toghchán d’fhéadfadh go leor tarlú fós, ach sna pobalbhreitheanna is déanaí tá an t-iar-uachtarán iomráiteach Lula, de chuid Pháirtí na nOibrithe, 18 pointe céatadáin chun cinn ar an uachtarán reatha Bolsonaro, agus tá achar mór millteach arís idir é siúd agus na hiarrthóirí eile. Ní leor áfach an 47 faoin gcéad atá á thuar do Lula le go mbeadh bua aige ar an 2 Deireadh Fómhair agus bheadh gá leis an dara babhta vótála ar an 30 Deireadh Fómhair. Idir é féin agus Jair Bolsonaro a bheadh an iomaíocht an lá sin – arís, más fíor do na pobalbhreitheanna.

Ar thóir vótaí daoine ar nós mo chara Diêgo a bheidh an bheirt – agus gan dabht is é an costas maireachtála, seachas an cogadh san Úcráin nó aon ábhar eile, an cheist a mbeidh spéis ag an bpobal inti.

‘Íosfaidh bochtáin na Brasaíle trí bhéile sa ló arís,’ a gheall Lula coicís ó shin agus é i mbun feachtais ina stát dúchais Pernambuco. Ach is iomaí bochtán – Diêgo san áireamh – a mbeadh drogall air vóta a chaitheamh do Lula go deo arís. In ainneoin gur cuireadh ar neamhní anuraidh na ciontuithe ar fad a gearradh ar an iar-uachtarán, leanann boladh scannal cheannach vótaí Mensalão Páirtí na nOibrithe i gcónaí.

Idir an dá linn beidh Jair Bolsonaro ag iarraidh cur ina luí ar na vótóirí gur fearr a scéim leasa shóisialta féin, Auxílio Brasil, ná an scéim a bhíodh ann roimpi, an scéim Bolsa Família a bhunaigh Lula thiar sa bhliain 2003.

Maidir leis an gcogadh san Úcráin agus seasamh na Brasaíle ar an gceist sin, ná bíodh dul amú ar éinne. Bhí Jair Bolsonaro ar dhuine de na cinn stáit dheireanacha a chuaigh ag cuartaíocht sa Chreimil sula ndearna Vladimir Putin ionradh ar an Úcráin, ag iarraidh naisc thrádála agus eile idir an Bhrasaíl agus an Rúis a neartú, agus tá ‘bolscaireacht ar son na Rúise’ curtha i leith Lula é féin ag údaráis na hÚcráine (cuireadh ar an liosta céanna é ar ar cuireadh an Feisire Eorpach Éireannach, Clare Daly.) Dúirt Lula, thiar i mí na Bealtaine, go raibh Volodymyr Zelensky ‘chomh ciontach céanna’ as an gcogadh agus a bhí Vladimir Putin.

An t-aon iarrthóir i dtoghchán uachtaránachta na Brasaíle a bhfuil ionradh na Rúise ar an Úcráin cáinte go láidir aige agus a bhfuil polasaí ‘neamhneodrach’ á mholadh aige ná Ciro Gomes ó Pháirtí Daonlathach na nOibrithe (PDT), páirtí atá rud beag ar chlé ón lár – ach gan á thuar dó sna pobalbhreitheanna ach 8% de na vótaí, níl seans dá laghad aige siúd.

Níos mó