Ainmneacha Gaelacha do Pheataí
Is ceist an-choitianta í ag daoine atá tar éis peata nua a fháil dá theaglaigh – cén t-ainm Gaelach a bheadh oiriúnach don ainmhí céanna. Seo cúpla moladh agus tú ag cuardach ainm oiriúnach do do pheata.
Smaoineamh maith is ea ainm a roghnú a thugann eolas breise sa Ghaeilge faoin bpeata. Mar shampla, bheadh Olann feiliúnach do ghadhair le fionnadh lomrach, nó Síoda, dá mbeadh fionnadh mín air. Dhéanadh dathanna áirithe cúis freisin, mar chur síos ar dhath fhionnadh an pheata – ainmneacha cosúil le Breac, Dubh, agus Rua. Ní gá bheith ró-fhoirmiúil ach an oiread – is deas an iarmhír ‘-ín’ in ainm peata, mar shampla Guailín a bhronnadh ar pheata le fionnadh lán-dubh agus Báinín ar a mhalairt, nó b’fhéidir úsáid a bhaint as athrá, cosúil le DubhDubh – is cinnte go gcabhraíonn fuaim na siollaí breiseanna leis an ainmhí chun a ainm féin a aithint sa chaint.
Úsáidtear focail eile a bhaineann leis an ainmhí go ginearálta mar ainmneacha peataí freisin, cosúil le Tafann, Rith, Luas, Cara, Fiach, Piscín agus Cú. Is dócha gur rud saghas ‘meta’ é Piscín a thabhairt ar chat óg, nó Cú a thabhairt ar mhadra ach is ainmneacha tarraingteacha iad gan dabht.
Dar ndóigh, is stór an-saibhir é miotaseolaíocht na hÉireann d’ainmneacha a bheadh oiriúnach do pheataí, agus is dócha nach bhfuil sé róthábhachtach go bhfuil an inscne chéanna ag an ainmhí agus atá ag a chomhainmneach. Tá liosta fada de charachtair inár miotaseolaíocht, ach, caithfidh tú smaoineamh cé mar a d’fheilfeadh ceann acu, agus tú á scréachach i ndiaidh do mhadra i lár na páirce! De bharr sin, b’fhéidir go mbeadh Lir, Banba, Danu, Ériú, Lugh, Balor, Cormac, Oisín, agus Setanta níos úsáidí ná Manannán agus Conchobar. Deirtear gur is fearr ainm roinnt ghearr a roghnú mar ainm peata, ar mhaithe leis an ainmhí, ionas gur féidir leo a ainm féin a aithint go héasca – agus consan siosach (‘s’ nó ‘sh’) nó crua (mar shampla ‘c’ agus ‘g’) a bheith ann más féidir.
Is féidir ainm ainmhí ón miotaseolaíocht a roghnú, cosúil le madraí na bhFianna Bran agus Sceolán, nó Enbarr, capall le Manannán mac Lir, nó Púca, a d’fheilfeadh aon ainmhí, dá mbeadh sé de mhisneach agat ainm sí mar é a úsáid! Má roghnaíonn tú ainm ón miotaseolaíocht nó ón mbéaloideas, is fiú taighde a dhéanamh ar an bpearsa féin, ní amháin chun cur le d’eolas féin, ach mar fhreagra ar na daoine a chuirfidh an cheist ort faoi ainm neamhchoitianta do pheata.
Ní féidir dearmad a dhéanamh ar na gnáthainmneacha sa saol comhaimseartha a bheadh oiriúnach freisin do pheataí, cosúil le Róisín, Paidí, Reics agus níos mó. Agus is cinnte go roghnaítear focail fhánacha eile as Gaeilge mar ainm ainmhí, cosúil le Cogar, agus Milis agus Solus – tá rogha an fhoclóra againn!
Sa deireadh thiar thall, níl aon dabht gur rud dearfach é níos mó Gaeilge a bheith le cloisteáil mórthimpeall, fiú amháin mar ainm ainmhí, cibé ainm Gaelach a roghnaítear.