Cuairt ar an gCróit
Is fiú uaireanta do laethanta saoire shamhraidh a chur siar go dtí go bhfuil na páistí ar ais ar scoil, más féidir. Bíonn na costais taistil agus lóistín níos lú, agus go minic bíonn margaí iontacha le fáil ag do cheann scríbe, toisc go mbíonn an séasúr turasóireachta ag críochnú agus stoc le fáil réidh leis.
Is scéal mar sin a bhí ann nuair a thugas cuairt ar an gCróit an tseachtain seo chaite, ag tús mí Mheán Fómhair, go dtí an t-oileán Hvar. Sa samhradh, is féidir eitilt as Baile Átha Cliath go dtí Split, cathair bhríomhar ar chósta na Cróite, agus as sin bád farantóireachta a thógáil amach chuig an oileán. Is féidir gluaisteán a thógáil ar an mbád má tá carr agat, rud a bheadh úsáideach cinnte ar an oileán má tá se ar intinn agat taistil thart. Sin ráite, tá córas iompar poiblí maith ar Hvar agus tacsaithe le fáil freisin, agus is féidir rothair, scútair agus báid bheaga a fháil ar cíos freisin ar an oileáin.
Split
Is ar an Riva, ar imeall an uisce, a bhailíonn an chuid is mó de na cuairteoirí ar Split, áit atá lán de chaiféanna agus tithe tábhairne. Agus is i gcroílár an Riva atá an Pálás Diocletian, ceann de na foirgnimh Rómhánacha is fearr agus is cáiliúla ar domhan. Tógadh an pálás mór seo sa 4ú haois, mar áit chónaithe don Impire Rómhánach Diocletian, agus tá an pálás á úsáid ó shin – tá siopaí, caiféanna, agus óstáin fiú lonnaithe taobh istigh de, sna ballaí agus sna clóis. In ainneoin sin, tá cuma iontach galánta ar an bpálás fós, agus is féidir siúl thart istigh agus timpeall air, ar shráideanna bána míne marmair, mar a dhéanadh an tImpire.
Hvar
Is léir go mbraitheann an t-oileán seo go mór ar thurasóireacht agus tá an séasúr turasóireachta gearr ar Hvar – sé sin, mí Iúil go dtí tús mí Mheán Fómhair. Tagann na mílte báid de gach saghas chuig an oileán ar feadh na tréimhse seo, fanann ann sna bailte cois farraige le haghaidh cúpla lá nó seachtain, agus imíonn arís, agus ansin, tagann cinn eile ina n-ionad. Um oíche, cloistear torann an rigín ar na báid seoil go soiléir sna caiféanna agus bialanna sna bailte.
Tá an baile Stari Grad, atá suite taobh istigh de chuan mhór ar chósta thuaidh d’Hvar, ar cheann de na bailte is sine san Eoraip – lán de thithe Rómhánacha, shean-lonnaíochtaí Gréagacha, agus shean-shéipéil áille, scaipthe i measc na sráideanna beaga cúnga cama.
Mar atá luaite thuas, is féidir bád beag, nó rothar, nó scútar a fháil ar cíos agus dul thart ar an oileán agus na cuain, agus tá go leor caiféanna gus bialann amuigh faoin spéir inar féidir leat do scíth a ligean. Is daoine cneasta réchúiseach iad muintir Hvar agus ní chuirtear aon bhrú ort. Cé nach bhfuil pá an-ard ag na Crótaigh, bheadh an costas céanna ag baint le dinnéir i mbialann is a bheadh in Éirinn, ach amháin go nhfuil an deoch i bhfad níos saoire, agus a fhíonghoirt féin ar an oileán.
Ag an am seo den bhliain, níl an áit plódaithe, mar a bheadh sé i mí Iúil nó Lúnasa, agus níl an teocht chomh hard ach an oiread – thart ar 30 °C, an-chompordach ar fad. Ag an bpointe seo, is ea an kuna airgeadra na Cróite, ach beidh siad ag bogadh go dtí an Euro i 2023, ach tá ATMs i ngach áit – ar an trá, fiú.
Is fiú go mór cuairt a thabhairt ar an gCróit, agus go mór mór Hvar, má tá tú ar thóir teocht, suaimhneas agus blaiseadh de chultúr éagsúil.