Colm MacEachmharcaigh
Le ceithre scór bhliain anuas tá John “Twin” McNamara ag spreagadh na hallaí rince, na seomraí scoile agus na cúlchistineacha ar oileán Acla agus ar fud an domhain agus tá fianaise ann nach bhfhuil sé chun stopadh go fóill. Tá albam nua, Oileán m’Aislingí ag teacht amach ar an 22ú lá de mhí Deireadh Fómhair a dhéanann ceiliúradh ar shaol agus obair “Twin”, mar a ghlaoitear air go ceanúil. Tá 18 amhrán, cumtha agus bailithe ag Twin é féin le cabhair ón a chuid scoláirí agus a cairde cosúil le Caoilte O’Cuanaigh, Laoise Kelly, Des Cafferkey agus Steve Cooney.
Tá anam agus croí curtha isteach ag Twin ina chuid obair mar mhúinteoir scoile agus gníomhaí pobail agus é i gcónaí ag scaipeadh cultúr, ceol agus teanga na hAcla ar fud fad na cruinne. Ó na seisiúin ceol leis na Dubliners go dtí an grúpa Cearta Daonna Acla a bhunú sé sna seascaidí, tá Twin i gcónaí ag spreagadh daoine agus á thabhairt le chéile tríd an gceol. I 1985 rinne sé athbheochan ar Scoil Acla, scoil samhradh ceol, teanga agus cultúr in Acaill. Chuaigh Scoil Acla ó neart go neart ó shin agus tá an-obair déanta ag Twin an ceol agus an chanúint áitiúil Gaeilg’ Acla a chaomhnú agus a fheabhsú.
Tá a lán rudaí athraithe ó thosaigh Twin ag múineadh i mbunscoil áitiúil Dhú Acha ach níl aon laghdú ar a chuid fonn agus díograis agus tá sé fós ag lorg tograí nua. Déanann an t-albam seo ceiliúradh ar a chuid ceol, fuinneamh agus grá dona cheantar agus beidh sé in ann glúin nua ceoltóirí a spreagadh as seo amach.
Is oifigeach pleanála teanga in Acaill é Colm faoi láthair.