Tá ‘Siopa an Phobail’, an siopa aitheanta in Indreabhán, Conamara, ag athoscailt ina ollmhargadh Tesco inniu, agus ainm áitiúil Gaeilge an tsiopa á choinneáil.
Dúirt urlabhraí Tesco Ireland le Tuairisc go raibh “áthas” orthu go raibh an t-ainm ‘Siopa an Phobail’ á choinneáil dá n-ollmhargadh nua in Indreabhán, an chéad siopa Tesco sa Ghaeltacht.
Deir Tesco go bhfuil “tús áite” á thabhairt don Ghaeilge san ollmhargadh nua. Is “cainteoirí dúchais” iad formhór na ndaoine atá ag dul ag obair san ollmhargadh nua agus tá Gaeilge le cloisteáil ar na scanóirí láimhe agus seirbhísí féinfhreastail sa siopa, a dúradh.
Beidh an fhoireann chéanna ag obair san ollmhargadh faoi stiúir Majella Conneely, a bhí ina bainisteoir ar an siopa sular cheannaigh Tesco é ón chomhlacht ollmhargaí Joyces anuraidh.
Beidh na soláthróirí céanna ag ‘Siopa an Phobail – Tesco’ agus beidh an bhrandáil agus na dathanna céanna le feiceáil ar an siopa nua.
Mhol Conradh na Gaeilge go mbeadh seirbhísí féinfhreastail agus comharthaíocht i nGaeilge le feiceáil sa chéad ollmhargadh Tesco Gaeltachta, mar atá acu i mBreatnais i siopa Tesco sa Bhreatain Bheag in áiteanna ina labhraítear an teanga sin.
Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn, le Tuairisc gur chóir go mbeadh cur chuige ‘ceannródaíoch’ ó thaobh na Gaeilge de ag an chomhlacht ollmhargaí Tesco agus a gcéad siopa sa Ghaeltacht á oscailt acu.
I mí Iúil seo caite, dúirt Tesco go ndeachaigh siad i mbun comhairle le hÚdarás na Gaeltachta lena chinntiú go mbeifear in ann freastal “mar is ceart ar phobal na Gaeltachta”.
Bhí cruinniú ag Údarás na Gaeltachta le hionadaí sinsearach as Tesco Ireland faoin siopa nua in Indreabhán ina dhiaidh sin agus lorg siad comhairle chomh maith ó Gaillimh le Gaillimh faoi na bealaí a bhféadfadh Tesco tacú le cur chun cinn na Gaeilge.
A fhad is a bhí obair athchóirithe á déanamh ar an siopa in Indreabhán, bhí fógraí i nGaeilge le feiceáil taobh amuigh den ollmhargadh agus ar veaineanna seachadta earraí grósaera Tesco sa cheantar.
Beidh ‘Siopa an Phobail – Tesco’ á oscailt go hoifigiúil ar maidin ag a 10am agus fáilte roimh mhuintir an cheantair cuairt a thabhairt ar an ollmhargadh nua.