Tá maoiniú curtha ar fáil den chéad uair riamh do Virgin Media chun mórchlár dátheangach a dhéanamh.
D’fhógair Údarás Craolacháin na hÉireann inné go gcuirfear beagnach €2 milliún ar fáil do 15 clár raidió agus teilifíse Gaeilge nó dá theangach.
I measc na dtionscadal a fuair maoiniú, tá Grá ar an Trá, sraith chleamhnais nua a bheidh le craoladh ar an gcainéal Virgin Media Two. Is é seo an chéad uair a bhfuair clár nó sraith i nGaeilge atá le craoladh ar Virgin Media maoiniú faoi Scéim Fuaime agus Físe an Chiste Craolacháin.
Tá €500,000 bronnta ar an gcomhlacht léiriúcháin Macalla Teoranta chun tabhairt faoin tionscadal. Cúig chlár uair an chloig an ceann a bheidh i gceist leis an tsraith dhátheangach agus í dírithe ar dhaoine óga idir 15-34 bliain d’aois. Glacfaidh dhá dhuine dhéag páirt sa tsraith agus iad ag foghlaim Gaeilge agus ag iarraidh páirtí a fháil.
Tá beagnach leathmhilliún euro eile bronnta ar an gcomhlacht léiriúcháin Meangadh Fíbín chun sraith coirdhráma a dhéanamh do lucht féachana 15-34 bliain d’aois do TG4. Beidh beagán den ghreann dubh ag baint leis an tsraith Saor Sinn Ó Olc, a deirtear. Sé chlár uair an chloig a bheidh sa tsraith sin agus í i nGaeilge ar fad.
I measc na dtionscadal eile a fuair maoiniú, bronnadh €270,000 ar ROSG chun sraith faisnéise a dhéanamh faoi stair agus oidhreacht na bhféilte a bhíodh ag na Gaeil fadó le fáiltiú roimh na séasúir, Imbolg, Bealtaine, Lúnasa agus Samhain. Billy Mag Fhloinn a chuirfidh an tsraith Na Féilte Tine i láthair agus craolfar í ar RTÉ One.
Chuir an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin fáilte roimh fhógra an lae inniu, maoiniú ar cuid é den Scéim Mhaoinithe Craolacháin Fuaime & Físe, a fuair maoiniú breise €10.5 milliún i mbliana.