Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
2-milliun-cluiche-‘foclach’-imeartha-in-imeacht-bliana

2 milliún cluiche ‘Foclach’ imeartha in imeacht bliana

| NÓS Suíomh Gréasáin | ,

Bliain is an lá inniu a seoladh an cluiche iomráiteach Gaeilge ‘Foclach’ agus deir cruthaitheoir an chluiche, Linda Keating, go gur imríodh dhá mhilliún cluiche in imeacht na bliana sin.

D’fhoilsigh Linda, a chruthaigh an leagan Gaeilge den chluiche ‘Wordle’ cothrom an ama seo anuraidh, staitisticí úsáide ‘Foclach’ ar a cuntas Twitter tráthnóna. Imríodh an cluiche dhá mhilliún babhta in 146 tír ar fud an domhain mhóir.

Agus í ag roinnt an scéala seo, ghabh Linda buíochas leis na 177 imreoir a thug tacaíocht airgid don chluiche ar an suíomh deonta airgid buymeacoffee.com agus le daoine eile a chabhraigh léi feabhas a chur ar an gcluiche i gcaitheamh na bliana: Eoghan Murray, Eoghan Ó Lorcáin, Conor Hughes, agus Eoghan Mac Giolla Bhríghde ina measc.

Chuaigh an cluiche Foclach go mór i bhfeidhm ar chainteoirí Gaeilge ar na meáin shóisialta in 2022. De réir staitisticí a chuir an tOllamh Kevin Scannell ó Ollscoil Missouri in St Louis ar fáil do NÓS i mí Iúil na bliana seo caite, bhí tionchar mór ag an gcluiche ar úsáid na emoji ar Twitter mar gheall ar an gcaoi a roinntear torthaí an chluiche ar an ardán sin. Dúirt an tOllamh Scannell go bhfuil “borradh mór” faoi na emoji ☘💛⬛ agus araile mar gheall ar chainteoirí Gaeilge a bheith ag roinnt thorthaí a n-iarrachtaí sa gcluiche focal ar Twitter. 

Chomh maith leis sin ba é ‘Foclach’ Focal Gaeilge na Bliana 2022. Roghnaigh lucht leanta NÓS ar na meáin shóisialta an focal as gearrliosta deich bhfocal a chuir Kevin Scannell ar fáil ag deireadh na bliana 2022. Níl aon amhras ann ach gur mar gheall ar an gcluiche focal a tháinig ‘foclach’ chun cinn mar fhocal na bliana.

Ba ag tús na bliana 2022 a thosaigh an saol agus a mháthair ag imirt Wordle i mBéarla. Casadh nua ar sheanchluiche focal a bhí in Worlde ach chuaigh leagan amach an chluiche i bhfeidhm go mór ar chainteoirí Béarla ar fud an domhain. Níorbh fhada go raibh leaganacha den chluiche á ndearadh i mórtheangacha eile na cruinne – an Fhraincis, an Spáinnis, agus an Ghearmáinis ina measc. Ba í Linda a chur an leagan Gaeilge le chéile – Foclach – agus chuaigh na Gaeil fiáin i ndiaidh an chluiche in earrach na bliana seo caite.

Tá na rialacha sách simplí: bíonn sé sheans ag an imreoir focal cúig fhocal a aimsiú. Má bhíonn an litir cheart san áit cheart agat, cuirtear tíl ghlas taobh thiar di. Má bhíonn an litir cheart san áit mhícheart, is tíl oráiste a leagtar taobh thiar di. Ach mura a bhfuil an litir san fhocal ar chor ar bith, is dath liath a bhíonn taobh thiar di. 

Imeartas focal a bhí san ainm ‘Wordle’ – meascán idir an focal Béarla ar ‘fhocal’ (word) agus sloinne an dearthóra a rinne an cluiche Josh Wardle. Coinníodh an t-ainm ‘Wordle’ don chluiche i roinnt mhaith teangacha eile ach bheartaigh Linda Keating an focal ‘Foclach’ a bhaisteadh ar a leagan féin de – moladh a tháinig ó Eoghan Mac Giolla Bhríghde.

Is féidir Foclach a imirt anseo.

Chuir Linda cluiche nua focal amach le deireanas freisin – Litreach. Cluiche litrithe atá i ‘Litreach’ ina gcaitear éisteacht le focal agus é a litriú i gcúig iarracht nó níos lú. Dúirt Linda inniu go bhfuil sí buíoch as na deiseanna a fuair sí na cluichí seo a chruthú agus go bhfuil sí ag súil le bheith ag obair ar thograí eile le linn na bliana atá amach romhainn le COGG agus le Logainm.ie.

Níos mó