Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
‘2023-–-bliain-an-orgasaim-(ta-suil-agam)’

‘2023 – Bliain an Orgasaim (tá súil agam)’

| NÓS Suíomh Gréasáin | ,

Mí Eanáir, an mhí nuair a bheartaíonn gach éinne a shaol a athrú ó bhonn. Éireoidh mé as seacláid a ithe, tosnóidh mé ag rith, agus caillfidh mé trí chloch meáchain. Fén gCásc beidh na rúin ar fad dearmadta. Ní fiú iad. Ach ag féachaint siar ar 2022, rith sé liom go gcaithfidh mé rud éigint a dhéanamh fé mo shaol collaíochta.

Thógas nóta d’aon uair a bhuaileas craiceann in 2022. Saol na mná singile, tá a fhios agaibh féin. De réir na ciorcail bheaga dhearga ar an bhféilire, bhí deichniúr céilithe collaíochta agam i mbliana agus bhuaileas craiceann thart ar 30 babhta. 

Ní mórán é, nuair a bhristear síos mar sin é, ach níl sé olc do bhean shingil. Tá fadhb amháin agam leis na staitisticí. Oiread is orgasam amháin ní raibh agam le linn 30 babhta leathair. Anois, tá a fhios ag gach aon bhean go mb’fhéidir ná tarlóidh sé an chéad uair a bhuailfidh tú craiceann le duine. Ach an tarna huair, tríú huair, bheifeá ag súil leis. 

Mar eolas, ní bhíonn an fhadhb seo agam riamh agus mé i mo aonair, agus ní bhíonn aon náire orm cad a thaitníonn liom a thaispeáint, ach fós.  Níos measa arís, tar éis labhairt le mná eile ar an ábhar, tá sé i bhfad níos coitianta ná mar a cheapas. Ní fadhb na mban singil amháin é seo ach an oiread, faraor, agus mná atá i gcaidrimh fhadtéarmacha ag insint na scéalta brónacha céanna. Táim bréan de bheith ag cloisteáil ná baineann mná súnás amach chomh minic leis na fir. 

Mar sin, is é an rún atá agam do 2023 ná: Gnéas Níos Fearr a Bheith Agam (Le Daoine Eile). Mar is eol do chách, ní fiú aidhm ar bith a bheith agat gan plean chun é a thabhairt chun críche. Mar sin, thugas fé roinnt taighde a dhéanamh ar an ábhar agus bhriseas síos an Rún.

Cumarsáid níos fearr a chothú sa leaba

Fiú más tusa an duine is dearfaí i taobh gnéis ar domhan, bíonn sé fós liobarnach uaireanta a chur in iúl cad go díreach a thaitníonn leat sa leaba, go háirithe le duine nua. B’fhéidir go dtagann náire ort treoracha a thabhairt, nó nach dteastaíonn uait a bheith ag cáineadh na hiarrachta atá idir lámha ag do chéile leapa, cé go bhfuil sé do do ghortú. B’fhéidir nár bhainis súnás amach i dteannta fir le chomh fada san nach cuimhin leat cad a thaitníonn leat! 

Ní bheimid ag fanacht ciúin ar an ábhar seo an bhliain seo. Má chuireann tú an iarracht isteach chun a fháilt amach cad a thaitníonn le do pháirtí collaíochta, canathaobh ná beadh an rud céanna tuillte agat féin? B’fhéidir go dtógfaidh sé tamaillín rudaí a mhíniú. Ná dearmadaimis go mbíonn rudaí maithe mall. Táimse chun iarracht mhór cumarsáid níos fearr a dhéanamh agus tá súil agam go gcabhróidh sé liom borradh a chur thar n-ais fén gcuid ghnéasúil de mo shaol.

Gan amhras, braitheann sé seo ar chéile leapan réasúnta a bheith agat, rud a thugaimid chuig mo chéad phointe eile…

Faigh réidh le daoine ar cuma leo má chríochnaíonn tú

Más bean tú, a chodlaíonn le fir go háirithe, deinim amach go bhfuil tú tar éis craiceann a bhualadh le fear ar cuma sa diabhal leis má bhaineann tú súnás amach. Daoine ar cuma leo cad a thaitneoidh leis an mbean, a bhíonn mífhoighneach agus a chuireann tú ag cuimhneamh go bhfuil an iomarca airde ag teastáil uait sa leaba, agus ná fuil sé cothrom. Seafóid!

Sa bhliain 2023, ba chóir go mbeadh a fhios ag daoine gur níos mó ná seadadh fear amháin é sprioc an bhualadh leathair. An súnás isteach sa bhliain nua agus amach le daoine a dheineann leath-iarracht do bhrillín a chuimilt go garbh agus a ligeann air go bhfuil tú deacair a shásamh nuair a iarrann tú air é a thógaint go réidh. Amach, chomh maith, le daoine a luann aon rud mar gheall ar cé chomh maith a d’oibrigh an rud seo chun a ex a shásamh. Abraimis slán leo agus ná ligimis thar n-ais isteach inár leapacha iad!

Bain triail as rudaí nua

Pretty young woman gets sexual experience with sex toy accessories, holds anal beads to stimulate erogenous zone in your anus, vibrator to reach orgasm, stands against vivid yellow background

Babhta craicinn le duine nua. Píosa spraoi b’fhéidir, ach is féidir leis a bheith míchompordach agus saghas scéiniúil, fiú más é an gnéas is fearr a bhí agat riamh sa deireadh. Tú nocht agus fear dathúil ag iarradh go raghaidh tú suas air? Ach féachfaidh mo chíocha níos lú ón taobh san, agus cad a cheapfaidh sé fé mo dhá smig? Cuirimis uainn an imní. Má theastaíonn ó dhuine craiceann a bhualadh leat, nílid chun a n-intinn a athrú toisc dearcadh mífhabhrach. Táim chun glacadh níos réidhe le moltaí ó mo pháirtithe craicinn amach anseo, agus tá liosta de rudaí nua a theastaíonn uaim a thriailt á scríobh agam leis.

Ná lig ort gur bhainis súnás amach munar bhain

Displeased abused pretty female curves lips in dissatisfaction, holds pillow while sits in bed, has quarrel with husband, sorts out their relationship in bedroom, have problems with sexual life

Ní dhéanfaidh sé seo aon mhaitheas d’éinne. Tá a fhios againn ar fad nuair a deireann fear leat gur “bhreá le mná eile é seo” agus é ar nós duine a bheadh ag iarradh an taobh istigh duit a tharraingt amach asat, gur lig bean éigint eile uirthi gur thaitin sé léi, toisc go raibh sé níos fusa ná an fhírinne a insint. An féidir linn stop a chur leis seo an bhliain seo? 

2023. Bliain an Orgasaim. Tá súil agam! Ní ghá dom anois ach fear a fháilt, ach sin scéal eile. 

Níos mó