Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
veipeail…brocaili…an-piollaire…ceard-a-chaithfidh-tusa-in-aer-don-charghas?

Véipeáil…brocailí…an Piollaire…céard a chaithfidh tusa in aer don Charghas?

| aifric ni scolai | ,

An lá faoi dheireadh, chuimhnigh mé go raibh an charghas ag teannadh linn. B’éigean dom a dhul sa tóir ar inspioráid le rud le tabhairt suas. Le theacht ar fhreagra na ceiste seo, d’fhiafraigh mé de mo chairde cén plean a bhí acu, go bhfeicfinn an bhféadfainn smaoineamh a ghoid uathu. Seo a leanas torthaí an tsuirbhé neamhfhoirmiúil, más rud é go bhfuil tusa, a léitheoir dhil, sa gcás céanna ina raibh mise cúpla uair an chloig ó shin. 

Véipeáil/caitheamh tobac

Le linn na tréimhse diancheistithe seo ba mhó duine a dúirt galtoitíní ná na toitíní. Chuir sé sin iontas orm, mar nach cuid mór d’aon outfit ar aon oíche amach é an vape céanna agus an dath ag meaitseáil do chuid éadaí? 

Bhuel, mar a hinsíodh dom nuair a luaigh mé é seo leo, is cosúil go bhfuil nicitín sna galtoitíní céanna agus go bhfuil siad chomh dona leis na toitíní lá ar bith. 

(Tá mo chailín ag stóráil na seanghaltoitíní ar fad ina seomra agus chuile dhath faoin spéir bailithe aici faoin am seo. Tá sé i gceist aici na vapes caite a úsáid ar oícheanta amach, ionas nach gceapadh aon duine gur dearmad is cúis leis an easnamh).

Rudaí milse

Woman staring at chocolate cake

Gnáthrud é seo, shilfeá, go ndiúltóidh duine rudaí milse a ithe don Charghas ach tá mo chara théis a casadh beag féin a chur air. Má thugtar píosa seacláide di, glacfaidh sí leis. Muifín um lóin? Le huachtar! 

Ach má thugann duine éigin barra seacláide di nó rud ar bith i bpaicéad, oh no, ní fhéadfadh sí a leithéid a ithe! Isteach leis, mar aon le haon rud milis eile a mhairfeadh 40 lá, i mbosca stánach go n-osclófar é maidin Dhomhnach Cásca. Ní thuigim an loighic, ach le bheith féaráilte, páiste a chuimhnigh ar an gceann seo. 

Brocailí 

An fear a dúirt go raibh sé ag éirí as an mbrocailí caithfidh mé a admháil nach bhfaca mé ariamh ag ithe broccoli é. Cá bhfios, b’fhéidir go mbíonn sé aige chuile thráthnóna um suipéar. Ach ní dóigh liom gur maith leis brocailí agus tá faitíos orm gur ag magadh fúm a bhí sé.  

An Piollaire

Nó an piolla frithghiniúnach lena theideal ceart a thabhairt air. 

Tá dhá pháirt sa scéal seo.

Tá cara amháin liom a raibh sé i gceist aici éirí as le píosa agus dá bhrí sin níl baint dhá laghad aige seo leis an gCarghas ach go raibh sí ag iarraidh é a insint dom ar aon nós. 

An bhean eile, tá sé i gceist aici an piollaire a thógáil go rialta, sé sin le rá nach bhfuil sé i gceist aici an paicéad a fhágáil i nGaillimh nuair a théann sí abhaile don deireadh seachtaine agus trí cinn a thógáil  d’aon iarradh amháin nuair a thagann sí ar ais maidin Dé Luain. 

Níl a fhios agam an féidir Carghas a thabhairt ar cheachtar acu seo. 

Beoir (go dtí Lá Fhéile Phádraig)

Níl a fhios agam an bhfuil sé i gceist ag mo dhuine briseadh ón gCarghas a thógáil ar an Lá Mór agus filleadh arís an lá arna mhárach nó é an go bhfuil sé ag tabhairt Carghas 24 lá air féin. Má tá aithne ar bith agam ar mo dhuine, ní Lá Fhéile Pádraig amháin a bheidh i gceist ach an oiread ach write-offiomlán ar an deireadh seachtaine. Seachtain na nGiobal a bhí ann i nGaillimh an tseachtain seo caite agus shamhlóinn go bhfuil na scórtha mac léinn i nGaillimh ag gealladh nach mblaisfeadh siad deoir alcóil go deo deo arís. Tá mo chara níos réalaíche, pé scéal é, fiú mura bhfuil i gceist aige éirí as ach ar feadh beagán os cionn trí seachtaine. 

Go n-éirí leis (agus le chuile dhuine eile!) 

Níos mó