Ní raibh ach ceathrar Teachtaí a labhair níos mó ná míle focal Gaeilge sa Dáil i dtréimhse seacht seachtaine ó thús na bliana.
De réir taighde atá déanta ag Tuairisc ar thaifead oifigiúil na Dála, labhraíodh níos lú ná 12,000 focal i nGaeilge ar fad le linn na tréimhse sin agus is ó bhéal an cheathrair chéanna a tháinig os cionn leath de na focail sin.
Ba é Aire Stáit na Gaeltachta, Patrick O’Donovan is mó a rinne caint i nGaeilge idir tús an téarma ar an 18 Eanáir agus tús na míosa seo, an 2 Márta. Trí huaire a bhí an tAire Stáit, atá sa ról sin ó thús na bliana, ag labhairt sa Dáil ar chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta agus 2,576 focal i nGaeilge a dúirt sé.
Ba é urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, Aengus Ó Snodaigh an dara duine is mó a rinne caint i nGaeilge sa tréimhse a bhí i gceist agus 1,532 focal Gaeilge a labhair sé, cúpla céad focal níos mó ná an tAire sinsearach sa Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán, Catherine Martin (1,302).
Ba é leascheannaire Shinn Féin sa Dáil, Pearse Doherty (1,018) an ceathrú Teachta is mó a labhair Gaeilge.
Léiríodh sa taighde nach raibh i nGaeilge ach 0.74% den chaint ar fad a rinneadh sa Dáil le linn na tréimhse seo, breis is 1.6 milliún focal ar fad.
Teachtaí Dála de chuid Shinn Féin is mó a rinne caint i nGaeilge, de réir an taighde.
Labhair 14 den 36 Teachta Dála atá ag an bpáirtí cúpla focal ar a laghad. 18 Teachta Dála de chuid pháirtithe an Rialtais a rinne píosa cainte i nGaeilge – naonúr ó Fhianna Fáil, seisear ó Fhine Gael agus triúr ón gComhaontas Glas.
Triúr de Theachtaí Dála Pháirtí an Lucht Oibre a rinne giota cainte i nGaeilge, chomh maith le duine amháin ó Aontú (Peadar Tóibín) agus duine eile ó Phobal Seachas Brabús (Bríd Smith). Ní dhearna aon duine ó na Daonlathaithe Sóisialta aon phíosa cainte i nGaeilge.
Chomh maith le hAengus Ó Snodaigh agus Pearse Doherty, bhí Mairéad Farrell Shinn Féin ar cheann de na Teachtaí is mó a labhair Gaeilge (796 focal) agus bhí ceannaire an pháirtí, Mary Lou McDonald (443 focal) ar cheann de na daoine is minice a labhair i nGaeilge. Rinne McDonald píosa cainte i nGaeilge deich lá as an 19 lá a scrúdaíodh agus agus bhain giotaí McDonald le hábhair a bhí á bplé sa Dáil ag an am, an chonspóid faoi shíntiús polaitíochta a fuair Paschal Donohue agus an ghéarchéim tithíochta ina measc, seachas le hábhair a bhain le cúrsaí Gaeilge nó Gaeltachta amháin.
Ba é an Taoiseach, Leo Varadkar an séú duine is mó a labhair Gaeilge sa Dáil le linn na tréimhse seo agus 787 focal san iomlán a labhair sé thar 11 lá. Beagnach leath an oiread sin, 401 focal, a labhair an Tánaiste, Micheál Martin i nGaeilge. Bhí Catherine Connolly (662) agus Marc Ó Cathasaigh (624) freisin i measc an deichniúr Teachtaí is mó a labhair Gaeilge.
Beirt Teachtaí Dála a bhíonn gníomhach maidir le cúrsaí Gaeilge i dTeach Laighean iad Éamon Ó Cuív (FF) agus Pa Daly (SF) ach, de réir an taifid, níor labhair an bheirt ach líon an-bheag Gaeilge sa Dáil sa tréimhse áirithe a bhí gceist leis an taighde.
43 Teachta Dála a labhair Gaeilge sa tréimhse chéanna ach níor labhair ach cúigear déag níos mó ná 100 focal.
Mionchaint, beannachtaí agus focail bhuíochais a bhí i bhformhór na cainte a rinne an 28 Teachta Dála eile.
Den 15 Aire sinsearach atá sa Dáil, rinne naonúr píosa cainte i nGaeilge. Seachas Leo Varadkar, Micheál Martin, Catherine Martin agus an tAire Tithíochta Darragh O’Brien, áfach, níor labhair aon duine den chúigear eile – Norma Foley, Stephen Donnelly, Michael McGrath, Simon Harris agus Heather Humphreys – níos mó ná cúpla abairt.
Rinne ochtar eile den 20 aire sóisearach píosa cainte i nGaeilge ach, arís, fíorbheagán a bhí i gceist seachas an mhéid a labhair Aire Stáit na Gaeltachta, Patrick O’Donovan.