Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
‘ta-colm-mac-sealaigh-ar-dhuine-de-na-liriceoiri-is-fearr-in-eirinn’

‘Tá Colm Mac Séalaigh ar dhuine de na liriceoirí is fearr in Éirinn’

| sean o dubhchon | ,

Táimid millte le raon agus réimse an cheoil chomhaimseartha atá ar fáil i nGaeilge sa lá atá inniu ann, i ngach seánra ceoil, idir phopcheol, rac, rap agus eile. Ní mar sin a bhí sé i gcónaí. Má théimid siar sa tóir ar fhoinse nó fréamhacha an cheoil chomhaimseartha, gach seans go dtiocfaimid trasna ar Cholm Mac Séalaigh, fear atá ag cumadh amhráin chomhaimseartha ina theanga dhúchais le blianta fada anuas.

Mar bhall de Na Fíréin, d’fhág Mac Séalaigh lorg buan ar cheol na tíre seo, leis an albam ceannródaíoch Sin Mar A Bhíonn, a eisíodh sa bhliain 1986, leis na hamhráin iomráiteacha ‘Tír na nÓg’, ‘Dífhostaithe’ agus ‘Deireadh na Seachtaine’. Agus níor stop sé den chumadóireacht chumasach riamh. Do gach ré nua, cruthaíonn sé saothar oilte machnamhach.

Tá cúpla snáithe a ritheann trí shaothar Mhic Séalaigh: súil ar an saol agus an tsochaí ina bhfuilimid, scéalaíocht iontach sna hamhráin agus blas úr comhaimseartha ina chuid ceoil. Tá sé suimiúil mar sin, go bhfuil na snáithí sin le mothú ar a halbam nua 1967, a eisíodh le gairid. Ós rud é go bhfuil foireann bheag i ndiaidh bheith ag obair ar an albam seo (Colm Mac Séalaigh é féin agus an giotáraí Eoin Smith, chomh maith le hAoife Smith mar amhránaí tánaisteach ar dhá amhrán), tá sé an-phearsanta mar bhailiúchán, le stíl chomhtháite ó thús go deireadh.

Tá sé suimiúil ar chúpla cúis go bhfuil 1967 roghnaithe mar theideal an albaim. Tá buaine ag baint leis na hamhráin agus tá sé deacair aois nó dáta a chur orthu. Mar sin féin, tá léiriú agus fuaim chomhaimseartha ag an mbailiúchán seo, saghas nuashonrú ar an stíl ar leith atá ag Colm Mac Séalaigh, mar chumadóir agus mar amhránaí. Agus mé ag éisteacht leis an albam den chéad uair, chuir na fuaimdhreacha ceoil cuid saothar meallacach Pink Floyd agus Dire Straits i gcuimhne dom, ach le léiriú úr nua-aimseartha.

Tugann an teideal 1967 le fios go bhfuil blas an uaignis nó súil siar i gceist leis na hamhráin seo. Is cinnte go bhfuil scéalta ó bhlianta a chuaigh thart á n-insint in amhráin ar nós ‘1967’, ‘1969’ agus ‘Céilí As Inse Chór’. Sin ceann de na buanna speisialta atá ag Mac Séalaigh; an bua scéalaíochta a thagann isteach ina chuid amhrán.

Faighimid léirithe beoga ina chuid amhráin, amhail is go bhfuilimid ar aistear samhlaíochta. Níl go leor den scéalaíocht seo i gcumadóireacht an lae inniu, agus chuir sé gliondar orm na hamhráin seo a chloisteáil. Tá téamaí comhchoiteann a phlé ar amhráin eile ar nós ‘Na Coisithe’ agus ‘Níl Aon Fháilte Romham’, amhráin le liricí atá teibí go leor ionas gur féidir le haon éisteoir nasc a mhothú leo. Tá focail na n-amhrán tomhaiste, snasta agus nádúrtha, agus bíonn sé fíordheacair na trí sprioc seo a bhaint amach ag aon am amháin. Ach is fianaise iad na hamhráin seo gurb é Colm Mac Séalaigh duine de na liriceoirí is fearr sa tír.

Cé go bhfuilim tar éis an-bhéim a chur ar fhocail (mar go mbím an-tógtha le focail in amhráin), tá ardmholadh tuilte ag na foinn láidre rómánsúla atá cumtha sna hamhráin ar 1967. Fanann na hamhráin seo san aigne, ar nós go raibh siad ar fad scríofa don raidió agus do na cairteacha. Faoi láthair tá na rianta ‘Siúil A Rúin’ (amhrán nuachumtha, ní an t-amhrán traidisiúnta), ‘Thíos Ar Mo Ghlúin’ agus ‘Airgead’ ag dul thart i mo cheann, éistphéisteanna amach is amach. Tá ionstraimiú na n-amhrán deá-ullmhaithe agus sách simplí. Tá na hamhráin in ann análú agus tá ardchaighdeán ag baint leis an tionlacan, ó thús deireadh an albaim.

Tá moladh mór tuilte ag cuid amhránaíochta Mhic Séalaigh freisin, a ghlór chomh láidir agus chomh spreagtha is a bhí riamh. Tá glór ar leith aige agus líonann sé a chuid amhrán le mothúcháin agus doimhneacht.

Scríobh mé le gairid faoin mborradh atá tagtha ar cheol comhaimseartha nuachumtha i nGaeilge, agus ar 1967 cloisimid duine de na tosaitheoirí agus na ceannródaithe fillte le cur leis an réabhlóid. Tá na rianta úrnua seo thuas ansin leis an méid is fearr atá cumtha ag Colm Mac Séalaigh roimhe seo, amhráin síoraí atá réamhdhéanta don raidió, aintiúin den chéad scoth a fhanann go fada san aigne.

1967 le Colm Mac Séalaigh ar fáil ón suíomh An Spailpín Fánach.

Níos mó