Tá an-chabhair ar fáil do ghnólachtaí atá ag iarraidh níos mó Gaeilge a úsáid eatarthu féin agus lena gcustaiméirí. Seo achoimre ar na heagraíochtaí atá ag soláthar cúnamh agus comhairle, agus is cinnte go bhfuil níos mó ar fáil go háitiúil. Má tá eolas breise agat, cuir chugainn é ag peig@cnag.ie agus cuirfimid an t-eolas leis an liosta seo a bheas le fáil go gairid inár mbunachar eolais.
Agus má tá amhras ort fós faoi na buntáistí a bhaineann leis an nGaeilge i gcúrsaí gnó, b’fhéidir go gcabhródh an t-alt seo leat, le 10 bhfáth gur chóir an Ghaeilge a úsáid.
Tá sé mar dhualgais ag an Údarás an Ghaeilge a chaomhnú mar theanga bheo trí fhorbairt fiontraíochta agus tionscnaimh, agus de bharr sin, níl aon amhras go bhfuil an-chuid tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí uathu. Féach ar shuíomh idirlín an Údaráis chun níos mó eolais a fáil ar na moltaí, comhairle, cúrsaí, tacaíocht airgeadais, áitribh, deontais agus níos mó atá ar fáil acu chun gnó a thosú, a fhorbairt, a leathnú nó a lonnú i gceantar Gaeltachta.
Oibríonn Foras na Gaeilge leis an earnáil ghnó phríobháideach, ag tabhairt tacaíocht phraiticiúil dóibh chun an Ghaeilge a chur chun cinn i ngnóthaí. Foilsíonn Foras na Gaeilge taighde agus treoir maidir le dea-chleachtas i réimse an ghnó, a chuireann siad ar fáil ar a shuíomh. Is é a thionscadal ‘Gnó Means Business’ atá mar fhoinse lárnach eolais ar an nGaeilge i gcomhthéacs na hearnála gnó i gcoitinne. Féach ar na háiseanna, ábhair, eolais agus tacaíochtaí atá ar fáil acu anseo.
Tá scéimeanna maoinithe áirithe acu freisin a dhíríonn ar riachtanais gnóthaí, cosúil leis na cinn seo a leanas. Ní bhíonn scéimeanna an Fhorais oscailte ach ar feadh tréimhse áirithe sa bhliain de ghnáth:
Cuireann Glór na nGael tacaíocht, cuidiú agus aitheantas ar fáil do ghnólachtaí atá, nó gur mhaith leo, an Ghaeilge a úsáid mar chuid den ghnó acu, nó seirbhísí a chur ar fáil trí Ghaeilge. Cuid lárnach den soláthair a dhéanann Glór na nGael d’earnáil an ghnó ná an scéim GRADAIM. Is scéim aitheantais í GRADAIM do ghnólachtaí atá ag úsáid na Gaeilge mar chuid den ghnó, nó atá ag cur seirbhíse trí Ghaeilge ar fáil dá gcustaiméirí. Comhartha aitheanta ar an dea-chleachtas maidir le húsáid na Gaeilge sa ghnó é an gradam seo – féach ar an liosta de bhuaiteoirí 2022 anseo. Tá buaiteoirí an bonn óir agus airgid uilig le feiceáil ar eolaire gnó PEIG.ie, mar shampla POTA Café.
Tá tacaíochtaí ar fáil go réigiúnach freisin. Féach thíos ar liosta d’eagraíochtaí cabhrach réigiúnach:
Tuilleadh moltaí agaibh? Cuir chugainn iad!