26 Gaelscoil agus beagnach 5,800 dalta i sé cheantar – ach gan oiread is gaelcholáiste amháin le freastal orthu.
Sin an léiriú atá ar fáil i bhfigiúirí nua ar “dhroch-chás” an ghaeloideachais, a deir An Foras Pátrúnachta.
De réir na hanailíse atá déanta ag Tuairisc ar na figiúirí nua, tá 5,769 dalta ag freastal ar ghaelscoileanna sna ceantair is mó sa stát ina bhfuil éileamh ar an ghaeloideachas ach nach bhfuil aon ghaelcholáiste acu.
Is iad na sé cheantar atá aitheanta ag An Foras Pátrúnachta mar na ceantair is mó ina bhfuil práinn le bunú gaelcholáiste – Droichead na Bandan in iarthar Chorcaí, Tulach Mhór in Uíbh Fhailí, oirdheisceart chontae na Mí, ceantar Choill na Silíní agus ceantar Shoird i mBaile Átha Cliath agus Baile Átha Cliath 2,4,6 agus 8.
Tá mórcheantar cathrach eile ar liosta práinne an Fhorais Pátrúnachta, tuaisceart chathair Bhaile Átha Cliath, áit a bhfuil 20 Gaelscoil agus ceithre Ghaelcholáiste.
Ag labhairt dó le Tuairisc, dúirt Cormac Mc Cashin, Bainisteoir Tacaíochta, An Foras Pátrúnachta, go bhfuil “géarghá” le bunú Gaelcholáistí i seacht gceantar sa tír le freastal ar an éileamh atá ar an Ghaeloideachas.
“Tá seacht gceantar ar fad ann ina bhfuil timpeall míle dalta ag fáil a gcuid oideachais trí mheán na Gaeilge ag an mbunscoil ach nach bhfuil áit ar bith le dul acu [ag an dara leibhéal].
“Seo fadhb mhór agus tá sé an-deacair ag an Roinn Oideachais diúltú do na figiúirí seo. Seo ceantair a léiríonn go soiléir an easpa soláthair ag leibhéal na meánscolaíochta,” a dúirt Mc Cashin.
Tá cúig Ghaelscoil – Gaelscoil Mhíchíl Uí Choileáin, Gaelscoil Dhroichead na Bandan, Gaelscoil Chionn tSáile, Gaelscoil An Chaisleáin, Gaelscoil Dhochtúir Uí Shúilleabháin – i bhfoisceacht leathuair an chloig dá chéile in iarthar Chorcaí agus 949 dalta san iomlán ag freastal orthu.
Tá sé Ghaelscoil – Gaelscoil Eiscir Riada, Gaelscoil na Laochra, Gaelscoil Éadan Doire, Scoil na gCeithre Máistrí, Gaelscoil an Choillín agus Gaelscoil an Mhuilinn lonnaithe gar don Tulach Mhór agus 875 dalta ag freastal orthu.
Tá ceithre Ghaelscoil in Oirdheisceart na Mí – Gaelscoil na Ríthe, Gaelscoil na Mí, Gaelscoil na Cille, Gaelscoil Thulach na nÓg. 1,171 dalta atá ag freastal ar na ceithre scoil sin.
Tá deich nGaelcholáiste lonnaithe i mBaile Átha Cliath, ach deir An Foras Pátrúnachta go bhfuil trí cheantar fós ina bhfuil éileamh mór ar an ghaeloideachas ach nach bhfuil aon ghaelcholáiste iontu le freastal ar an éileamh sin.
Tá 917 dalta ag freastal ar thrí Ghaelscoil i gceantar Shoird agus Dhomhnach Bat i dtuaisceart na cathrach – Gaelscoil na Mara, Gaelscoil Bhrian Bóroimhe agus Scoil an Duinnínigh agus gan aon Ghaelcholáiste i ngar dóibh.
Tá cúig Ghaelscoil lonnaithe i mBaile Átha Cliath, 2, 4, 6 agus 8 a bhfuil 947 dalta ag freastal orthu agus feachtas ar siúl chun Gaelcholáiste a bhunú sa cheantar sin le tamall.
Tá trí Ghaelscoil – Gaelscoil Thaobh na Coille, Gaelscoil Shliabh Rua agus Gaelscoil Phádraig – gar do cheantar Choill na Silíní i mBaile Átha Cliath agus tá 910 dalta ar freastal orthu.
Deir McCashin go bhfuil daltaí atá ag fáil a gcuid oideachais trí mheán na Gaeilge ag an bhunscoil “thíos leis” mar gheall nach bhfuil “aon chóras” ná “plean cinnte” ag an Roinn Oideachais le Gaelcholáistí a bhunú.
“Tá sé dochreidte, in 2023, go bhfuil an stát ag infheistiú sna daltaí seo ag an mbunleibhéal agus gan faic ar fáil dóibh ag an meánleibhéal.
“Is cur amú ar fad atá ann go bhfuil páistí líofa sa Ghaeilge i rang a sé nach féidir leo leanúint leis an oideachais lán-Ghaeilge agus a théann ar aghaidh chuig meánscoil Bhéarla,” a dúirt Mc Cashin.
I dtuarascáil faoin ghaeloideachas a d’fhoilsigh an Roinn Oideachais anuraidh dúradh gur dócha nach mbeidh ach “deiseanna teoranta” ann Gaelscoileanna nua a bhunú sna blianta amach romhainn.
Caithfear dá bharr, a dúradh, “roghanna eile níos inbhuanaithe” a fhiosrú chun cur le líon na ndaltaí atá ag fáil oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht.
Cé gur aithníodh sa tuarascáil na bearnaí móra sa soláthar sin lasmuigh den Ghaeltacht, dúradh gur ar éigean go mbeidh mórán Gaelscoileanna nó Gaelcholáistí nua á mbunú sna blianta amach romhainn mar go dtiocfadh laghdú ar bhunú scoileanna go ginearálta mar gheall ar athruithe déimeagrafacha.
De réir na tuarascála, ní dheachaigh ach 36% de na ndaltaí a bhí i Rang a Sé i ngaelscoileanna an stáit i Meitheamh 2020 ar aghaidh go dtí iar-bhunscoil lán-Ghaeilge.
De réir na bhfigiúirí céanna, níos lú ná aon trian de dhaltaí gaelscoile a théann ar aghaidh go dtí iar-bhunscoil lán-Ghaeilge i 19 den 26 contae.
Tá 13 contae ann nach bhfuil aon iar-bhunscoil lán-Ghaeilge iontu.