Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
comharthai-bothair-datheangacha-a-bple-sa-nua-shealainn

Comharthaí bóthair dátheangacha á bplé sa Nua-Shéalainn

| Diarmuid Coffey | ,

Fógraíodh le déanaí go mbeidh comhairliúchán ar siúl ag údarás bóthar na Nua-Shéalainne, Waka Kotahi, faoi chomharthaí bóthair dátheangacha a chur ar fáil den chéad uair sa tír. Ní raibh ag an dtúsann ach scéal beag i ndáiríre, agus ní bheadh aon ionadh orm dá gcreidfeá go ndearnadh é seo le comharthaí sa tír seo i bhfad ó shin.

Ach tugann an t-achrann a d’eascair as an gcinneadh seo léargas ar staid na tíre, ar mheon an coilíneachais atá fós go tréan i measc sciar mhaith den phobal, agus ar na páirtithe polaitíochta atá sásta leas a bhaint as an gciníochas. Agus, toisc go mbaintear úsáid go minic as an nGaeilge – go hoifigiúil i gcás Waka Kotahi, agus go neamhoifigiúil ag na polaiteoirí agus ag daoine ar an dá thaobh den díospóireacht – tabharfaidh an comhairliúchán deis dúinn i gConradh na Gaeilge Aotearoa tacú le mionteanga oifigiúil na tíre seo chomh maith.

Ligfidh mé do Lorna Johnson, comhairleoir cathrach atá mar bhall gníomhach sa Chonradh agus a d’fhoghlaim a cuid Ghaeilge ar fad sa Nua-Shéalainn, cur síos a dhéanamh thíos ar stair oifigiúil na teanga sa tír, agus a léamh a thabhairt ar conas is féidir le polaiteoirí an teanga a chur chun cinn. Is leor domsa a rá go mbíonn sé ait go leor d’Éireannach ar bith a thagann go dtí an tír agus a fheiceann na comharthaí aonteangacha fud fad na tíre, d’ainneoin Te Reo Māori a bheith mar theanga oifigiúil an stáit ó 1987 ar aghaidh, agus aitheanta mar taonga (nó taisce) dhá bhliain roimhe sin.

Cuireadh dualgas níos mó ar an stát agus eagraíochtaí an stáit nuair a reachtaíodh Acht nua Te Reo Māori in 2016, agus is mar thoradh ar an Acht sin atá an comhairliúchán seo ar siúl. Rinne Waka Kotahi iarracht bheag cúpla bliain ó shin nuair a chuir siad an focal “kura” (scoil) ar chomharthaí scoile in dteannta leis an mBéarla. Má chuirtear an méid atá sa chomhairliúchán nua i bhfeidhm, beidh an Reo ar beagnach gach comhartha bóthair sa tír. An rud is suntasaí domsa ná go gcuirfidh siad logainmneacha agus ainmneacha bailte Maoraise san áireamh, cé nach bhfuil na leaganacha Maoraise glactha go hoifigiúil ag an rialtas go fóill ach ag líon an-bheag acu…cuir é sin i gcomparáid leis an gcinneadh a rinne Sléibhteoireacht Éireann le déanaí úsáid na n-ainmneacha oifigiúla sna ceantair Ghaeltachta a sheachaint.

Mar a deire Lorna thíos, tá dearcadh an-dearfach ag formhór de mhuintir na tíre ar Te Reo Māori – an pobal Māori agus an pobal Pākehā (daoine le bunús Eorpach) araon. Ag an am céanna, níl aon dabht ach gurbh fhíor don stiúrthóir Taika Waititi nuair a dúirt sé in 2018 “New Zealand is racist as fuck.” Bhí mé féin beagáinín soineanta nuair a cheap mé nach mbeadh aon choimhlint ag baint leis an gcinneadh seo, ach chomh luath is a bhí na cáipéisí foilsithe, thosaigh an t-achrann – ar líne ar dtús ach ansin i measc na bpolaiteoirí is mó sa tír. Agus cé go mbainim taitneamh as Aire Rialtais na Nua-Shéalainne ag tvuiteáil pictiúir ó Cheapach na Seannach, is fuath liom an t-aineolas a bhíonn le feiceáil sna teachtaireachtaí freagartha.

Is fadhb amháin í lucht anaithnid Twitter, is fadhb iomlán eile í nuair a thagann ceannaire an fhreasúra amach ag rá go gcuirfeadh ainmneacha Māori mearbhall ar an bpobal, agus nuair a deir urlabhraí an phairtí pholaitiúil is mó sa tír gur cheart na comharthaí bóthair a bheith “i mBéarla” (tá siad agus beidh siad, fiú dá mbeadh an Mhaorais orthu!). Ní thuigeann na polaiteoirí seo na hargóintí atá á ndéanamh acu – go mbeidh deacrachtaí ag cuairteoirí leis na comharthaí nua, go gcuirfidh siad an pobal i mbaol timpistí agus araile, argóintí atá clúdaithe go maith cheana féin ag Waka Kotahi sna cáipéisí comhairliúcháin.

Ní fhágann sé sin ach cúis amháin lena seasamh – tuigeann siad go bhfuil vótaí ar fáil leis. Beidh olltoghchán ar siúl i gceann cúpla mí, olltoghchán atá idir dhá cheann na meá faoi láthair, agus tá na páirtithe ar an eite dheis sásta freastal ar phobal ciníoch chun iad a mhealladh agus a ghríosú.

Agus léiríonn an chaint sin an fhadhb is mó sa tír – toradh an choilíneachais. Tagraíonn cuid de mhiotaseolaíocht na tíre leis an mbréag go raibh an coilíneachas anseo cothrom ar an bpobal Māori. Cé gur síníodh conradh leo i 1840 (Conradh Waitangi, a raibh fear ó Phort Lairge, John Hobson, mar phríomhoifigeach air), rinneadh é sin toisc nach raibh rialtas na Breataine láidir a dhóthain ag an am chun ionradh a dhéanamh. Chomh luath agus ab fhéidir, rinneadh neamhaird air.

Is é an coilíneachas cúis le meath na teanga dúchais, agus is dá bharr an choilíneachais go bhfuil cuid mhaith den mhuintir Pākehā ag maireachtaint ar thalamh díshealbhaithe. Tá roinnt mhaith daoine sásta iarracht a dhéanamh dul i ngleic leis sin, ach i gcás roinnt eile cothaíonn sé fearg agus fuath i leith an chultúir Māori. Go minic bíonn na daoine céanna, na polaiteoirí atá luaite agam thuas san áireamh, sásta an cultúr céanna a chur i dtús áite chomh luath is a fhágann siad an tír. Ní nach ionadh, is é croílár na tír é, agus caithfidh an pobal Pākehā seasamh ar a shon níos mó amach anseo.

Beidh Conradh na Gaeilge ag tacú go láidir le hathrú na gcomharthaí bóthair. Is é ceann de na haidhmeanna atá againn ná tacaíocht chomh minic agus is féidir le mionteanga na tíre seo. Is fíor go seasann gach mionteanga ina haonar ina tír féin, agus go bhfuil buntáistí ag gach ceann acu agus constaicí difriúla rompu. Ach seasaimid le chéile ag an am céanna, iad go léir i gcoinne mhórtheangacha coilíneacha na cruinne. Cuirfidh comharthaí bóthair dátheangacha leis an tsochaí, meallfaidh siad cuairteoirí agus cabhróidh siad le stádas agus feiceálacht Te Reo Māori. Níos tábhachtaí ná sin, caillfidh pobal ciníoch agus polaiteoirí ciníocha na tíre an cath seo, agus caillfidh siad an cogadh. Agus gach uair a bhíonn bua ag mionteanga amháin, buann siad go léir…

Cad é an comhthéacs polaitiúil ina ndéanfar an cinneadh faoi comharthaí bóthair dátheangacha?

Lorna Johnson, Comhairleoir Cathrach, Palmerston North

Thosaigh athbheochan na teanga Maoraise sna seachtóidí. Chuaigh eagraíochtaí Maoracha i mbun feachtais chun aitheantas a fháil don teanga, thug siad cás chun na cúirte agus bhuaigh siad é.

D’aithin an rialtas go raibh an Mhaoiris ina seoid náisiúnta sa bhliain 1985.  Deimhníodh mar theanga oifigiúil í ina dhiaidh sin sa bhliain 1987 agus bunaíodh scoileanna lán-Mhaoraise agus céim ar chéim bhí an teanga le feiceáil sa saol poiblí.

Níos lú ná fiche bliain ó shin, sa bhliain 2004, cuireadh tús le teilifís sa teanga dhúchais, cé go raibh raidió Maoraise ar fáil ó na 1940idí. Ach thog sé tamall sula raibh an teanga le feiceáil ar an raidió agus ar an teilifís náisiúnta. Le linn na tréimhse sin baineadh úsáid as achtanna teanga ó Éirinn agus stádas na Gaeilge chun cur leis an bhfeachtas.

Tá an tír athraithe as cuimse le déanaí. Déarfainn go bhfuil an teanga ag dul chun cinn go tapa anois. Cloistear an Mhaorais ar an raidió náisiúnta chuile lá agus feictear í ar na nuachtáin. Tá go leor daoine ag úsáid a gcúpla focal Maoraise nuair a bhíonn siad ag caint le chéile ag an obair, nó ar na meáin shóisialta. Is comhairleoir cathrach mé agus tosaíonn agus críochnaíonn gach cruinniú comhairle le beannachtaí Maoraise anois cé nárbh é sin an cás seacht mbliana ó shin nuair a thosaigh mé. Is mór an cuidiú gur cainteoirí Maorais iad cuid de na comhairleoirí eile anois freisin.

D’athraigh an rialtas ainmneacha na rann rialtais cúpla bliain ó shin agus tá níos mó óráidí i Maorais sa pharlaimint. I mo chathair féin, tá sé mar pholasaí againn ainmneacha Maoraise a thabhairt ar shráideanna nua nó ar pháirceanna nua, má iarrtar é, ach ó tharla nac mbíonn ach ainm amháin ar an chomhartha, ní polasaí dátheangach é. Tá ainm Maoraise na catharach le feiceáil anois ar chomharthaí agus sa lógó corparáide.

Ar an drochuair, is ceist í an teanga a dhealaíonn an pobal ó am go ham. Cuirtear argóintí atá cosúil leis na hargóintí faoin nGaeilge in Éirinn. “Tá gach duine breá ábalta labhairt i mBéarla”, “Beidh sé róchostasach”, “Cuirfidh na comharthaí dátheangacha mearbhall ar dhaoine” agus mar sin de. Go háirithe le linn bhliain olltoghcháin, is deis é do pholaiteoirí na heite deise an fód a sheasamh i gcoinne na teanga.

Beidh sé suimiúil na torthaí sa chomhairliúchán poiblí faoi chomharthaí bóthair dátheangacha a fheiceáil. An bhfaighidh an rialtas tacaíocht dá mholtaí nó an mbeidh siad ag teacht salach ar ghnáththuairim an phobail?

Níos mó