‘Dea-scéal don Ghaeltacht’ é go bhfuil conradh mór do sholáthar fuinnimh gaoithe ar muir le bronnadh ar thogra i gConamara, a deir Údarás na Gaeltachta.
Chuir Údarás na Gaeltachta fáilte roimh chinneadh EirGrid conradh soláthair fuinnimh gaoithe a bhronnadh ar an scéim mhór chumhachta atá beartaithe sa cheantar mara thart ar Charraigeacha na Sceirde, naoi míle siar ó chósta Charna i nGaeltacht Chonamara.
Comhlacht nuabhunaithe, Corio Generation, a bheidh i gceannas ar fhorbairt na feirme móire gaoithe ar charraigeacha na Sceirde, ach cead pleanála a fháil.
Tá Corio ag súil go mbeidh siad in ann calafort Ros an Mhíl a úsáid mar láthair seirbhíse don fheirm gaoithe.
De réir tuarascála a choimisiúnaigh Údarás na Gaeltachta d’fhéadfaí 900 post a chruthú in earnáil an fhuinnimh i nGaeltacht na Gaillimhe dá ndéanfaí Ros an Mhíl a fhorbairt mar mhol don earnáil sin.
“Is deá-scéala don Ghaeltacht é seo agus tá sé tráthúil i gcomhthéacs na forbartha atá dhá dhéanamh ar chalafort Ros an Mhíl i láthair na huaire,” a dúirt Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Tomás Ó Síocháin.
“Fáiltímid roimh an fhorbairt atá á dhéanamh ar earnáil an fhuinnimh inathnuaite i nGaeltacht na Gaillimhe, earnáil a bheas rí-thábhachtach d’iarthar na hÉireann sna blianta amach romhainn.
“Beidh Údarás na Gaeltachta ag obair go dlúth leis na pobail áitiúla chun a chinntiú gur chun tairbhe phobal na Gaeltachta a bheas aon fhorbairt a thugtar chun críche.”
Mar chuid den chonradh déanfaidh lucht na forbartha infheistíocht €24 milliún sa bhliain sa phobal Gaeltachta.
450MW a cuireadh ar leataobh don fhorbairt Ghaeltachta sa cheant stáit.
Tá infheistíocht suas le €1 billiún le déanamh ag comhlacht idirnáisiúnta fuinnimh, Green Investment Group (GIG), i bhforbairt na feirme gaoithe amach ó chósta Chonamara. Bhunaigh siad an comhlacht nua, Corio Generation chun ceannas a ghlacadh ar a bhfuil ar siúl an ngrúpa i dtaobh giniúint cumhachta ón ngaoth.