Tá laghdú tagtha ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge i gcúig cinn de na seacht gcontae Gaeltachta, de réir na bhfigiúirí nua daonáirimh a foilsíodh inniu.
Tháinig laghdú 1.6% ar líon na gcainteoirí laethúla lasmuigh den chóras oideachais sa Ghaeltacht – ó 20,586 in 2016 go dtí 20,261 in 2022.
Fágann sin go bhfuil líon na gcainteoirí laethúla sa Ghaeltacht laghdaithe 12.6% ó 2011 nuair a thug 23,175 duine le fios gur labhair siad an Ghaeilge gach lá lasmuigh den chóras oideachais.
Is é seo an dara daonáireamh as a chéile inar tháinig laghdú ar líon na gcainteoirí laethúla sa Ghaeltacht.
Laghdú 11% a bhí i gceist idir 2011-2016.
Ceantair Ghaeltachta Chiarraí (+ 4%) agus Phort Láirge (+8.8%) an t-aon dá áit inar tháinig méadú ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais idir 2016-2022.
I Maigh Eo ba mhó a tháinig meath ar labhairt na teanga agus laghdú 18.8% a tháinig ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais sa Ghaeltacht ansin.
Laghdú 38% atá tagtha ar líon na gcainteoirí laethúla i Maigh Eo idir 2011-2022 agus gan ach 7.1% de dhaonra Ghaeltacht Mhaigh Eo ag labhairt na Gaeilge gach lá taobh amuigh den chóras oideachais.
Laghdú ar líon na gcainteoirí a bhí i gceist chomh maith i nGaeltacht na Gaillimhe agus i nGaeltacht Dhún na nGall, an dá cheantar Gaeltachta is láidre sa stát. Laghdú 3% a bhí i gceist i gcás Ghaeltacht Dhún na nGall agus laghdú 0.7% a bhí i gceist sa Ghaillimh.
Tá an céatadán de dhaonra Ghaeltacht na Gaillimhe a labhraíonn an Ghaeilge gach lá taobh amuigh den chóras oideachais tite faoi bhun 20% agus 19.1% ina gcainteoirí laethúla ansin.
Nuair a fhágtar ceantair Ghaeltachta chathair na Gaillimhe as an áireamh, 26.4% den daonra atá ina gcainteoirí laethúla.
I gcás cheantair Ghaeltachta Chiarraí ba mhór an difríocht idir an t-ardú 4% ar líon na gcainteoirí laethúla a tuairiscíodh i nDaonáireamh 2022 agus an laghdú 18% idir 2011-2016.
Mórán mar a chéile a bhí an céatadán de dhaonra Ghaeltacht Chiarraí a thug le fios in 2016 agus in 2022 go labhraíonn siad Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais.
Laghdú 2.9% ar líon na gcainteoirí Gaeltachta a bhí i gceist i nGaeltacht Chorcaí agus laghdú 2.5% a bhí ann i nGaeltacht na Mí.
Sa daonáireamh deireanach in 2016 ba é Gaeltacht Phort Láirge an t-aon áit ar tháinig méadú ar líon na ndaoine a labhraíonn an Ghaeilge gach lá lasmuigh den chóras oideachais agus bhí méadú eile i gceist in 2022. Ardú 6.6% a bhí i gceist in 2016 agus ardú 8.8% a bhí i gceist in 2022.
Ardú 16% atá tagtha ar líon na gcainteoirí i nGaeltacht Phort Láirge ó 2011.
D’fhág an t-ardú ar dhaonra na Gaeltachta i bPort Láirge idir 2016-2022 gur tháinig laghdú ar an gcéatadán den daonra ar cainteoirí laethúla lasmuigh de chóras oideachais iad – ó 26.9% go dtí 25.4% in 2022.