Tá staidéar coimisiúnaithe ag Roinn na Gaeltachta agus an Roinn Tithíochta maidir le cén chaoi gur féidir ráiteas tionchair teanga caighdeánaithe d’fhorbróirí a bheadh ag iarraidh tithe a thógáil sa Ghaeltacht a chur i bhfeidhm.
Is cuid é an staidéar seo den obair atá ar bun ag an dá roinn chun treoirlínte atá le tabhairt isteach sa chóras pleanála don Ghaeltacht a réiteach.
Tá na treoirlínte geallta le fada ag an Aire Tithíochta Darragh O’Brien ach tá siad curtha ar athlá arís agus arís eile ó fógraíodh go raibh a leithéid le forbairt.
Mar fhreagra ar cheist ón Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh, dúirt an tAire O’Brien go bhfuil na treoirlínte le foilsiú “go luath” le haghaidh comhairliúcháin phoiblí ach níl dáta ar bith luaite lena bhfoilsiú.
Dúirt an tAire ar dtús go rabhadar le foilsiú roimh dheireadh 2021 ach sáraíodh an sprioc sin agus roinnt mhaith eile ó shin. Dúirt an tAire Stáit Peter Burke roimh an Nollaig seo caite go raibh na treoirlínte le foilsiú go luath sa bhliain nua ach tá an sprioc sin sáraithe chomh maith.
Tá aontaithe ag grúpa idir-rannach ar a bhfuil oifigigh ó na Ranna Tithíochta agus Gaeltachta staidéar a dhéanamh ar na dualgais a chuirtear ar fhorbróirí a bhíonn ag iarraidh tithe a thógáil sa Ghaeltacht. Dúirt an tAire O’Brien go raibh an staidéar coimisiúnaithe chun féachaint ar mhodheolaíocht agus formáid an Ráitis Tionchair Teanga a úsáidtear i dtograí forbartha.
Faoi láthair, is faoi na comhairlí contae ar leith atá sé measúnú tionchair teanga a iarraidh maidir le forbairt agus gan an cur chuige céanna in úsáid acu. Thug ionadaithe ó Chomhairle Contae Dhún na nGall le fios don Oireachtas in 2021 nár lorg siad ráiteas tionchair teanga ach i gcás ceann amháin den 23,000 iarratas a rinneadh ar fhorbairtí tithíochta sa chontae le breis is deich mbliana anuas.
Nuair a bheidh na treoirlínte dréachtaithe ag an Roinn Tithíochta, dúirt an tAire O’Brien go gcaithfidh siad a bheith faoi réir lena scagadh ansin don Mheasúnú Straitéiseach Comhshaoil (MSC), agus chun críocha an Mheasúnaithe Iomchuí (MI).
“Faoi réir na measúnuithe scagthástála a bheith críochnaithe agus nuair nach bhfuil measúnú iomlán ag teastáil, tá sé beartaithe dréacht de na treoirlínte a fhoilsiú le haghaidh comhairliúcháin phoiblí go luath,” a dúirt sé.
Chomh maith leis an ráiteas tionchair teanga caighdeánaithe, dúradh roimhe seo go dtabharfaí isteach freisin scrúdú líofachta nua do dhaoine a bheadh ag iarraidh cónaí sna tithe sin. Scrúdú Gaeilge labhartha amháin a bheadh i gceist agus é bunaithe ar Theastas Eorpach na Gaeilge (TEG).
Tá éiginnteacht ann go fóill maidir le cé air a bheadh an scrúdú sin a dhéanamh, agus é ráite go mbraithfeadh an céatadán de na daoine a mbeadh orthu an scrúdú a dhéanamh ar a láidre is a bhí an Ghaeilge sa cheantar áirithe sin.