Deir Sinn Féin gur chóir don rialtas tacaíocht na hÉireann a léiriú láithreach d’iarratas na Spáinne go mbronnfaí an stádas céanna san AE is atá ag an nGaeilge ar an gCatalóinis, an Bhascais agus an Ghailísis.
Pléifear iarratas na Spáinne go hoifigiúil den chéad uair inniu ag cruinniú de Chomhairle Gnóthaí Ginearálta an AE Dé.
Mar a tuairiscíodh ar an suíomh seo an tseachtain seo caite, deir an tAire Gnóthaí Eachtracha Micheál Martin go raibh sé róluath cinneadh críochnúil a dhéanamh faoi iarratas na Spáinne.
Thug Martin leid go mbeifear ag tacú leis an iarratas ar stádas oifigiúil do na trí theanga, iarratas atá á dhéanamh mar chuid d’idirbheartaíocht iarthoghcháin.
Tuairiscítear go bhfuil ballstáit áirithe de chuid an AE ag cur cos i bhfeac mar gheall ar an iarratas agus iad buartha faoi chostas aistriúcháin agus go spreagfaí a thuilleadh iarratas dá leithéid.
Tuairiscítear chomh maith go bhfuil sé i gceist ag tíortha áirithe moill á chur leis an bpróiseas.
An tSualainn an chéad tír a léirigh go poiblí an drogall atá orthu géilleadh don iarratas.
“Is dóigh linn go gcaithfear scagadh níos críochnúla a dhéanamh ar na himpleachtaí dlí agus airgeadais a bhainfeadh leis an moladh,” a dúirt rialtas na Sualainne.
Cháin urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, Aengus Ó Snodaigh, Micheál Martin as a rá go raibh sé “róluath” seasamh cinnte a ghlacadh faoin moladh toisc nach raibh aon chur i láthair foirmeálta déanta go fóill ag Rialtas na Spáinne faoina n-iarratas.
Dúirt Ó Snodaigh gur gá don rialtas “teachtaireacht láidir lom” a thabhairt faoin moladh roimh chruinniú an lae inniu.
Dúirt Micheál Martin go raibh Éire “i gcónaí go láidir ar son an iolrachais i gcúrsaí teanga” go gcuirfí “an méid sin san áireamh” agus cinneadh á dhéanamh faoin seasamh a ghlacfar sa phlé a dhéanfar ag an gComhairle.
Dúirt Aengus Ó Snodaigh, áfach, gur chóir tacaíocht an rialtais don iarratas a fhógairt go neamhbhalbh anois agus nach raibh á n-éileamh ag an Spáinn ach “na cearta céanna a bhain muid amach de bharr streachailte”.
An Ghaeilge an teanga dheireanach a cuireadh le liosta teangacha oifigiúla an AE, stádas a bronnadh uirthi in 2007.
“Ba chóir go dtuigfeadh an Tánaiste an méid sin agus go seolfadh sé teachtaireacht láidir dlúthpháirtíochta thar ceann na hÉireann thar lear,” a dúirt Aengus Ó Snodaigh.
“Tuigimid ónár dtaithí féin an tábhacht a bhaineann leis an gcineál sin stádais ag leibhéal an AE maidir le slite beatha agus deiseanna a chruthú do lucht labhartha na teanga agus dearcadh dearfach a chothú faoin dteanga.”
Ba chóir, a dúirt Ó Snodaigh, d’Éirinn agus don AE trí chéile meas a léiriú do na trí theanga mhóra atá i gceist agus “cearta teanga a chur chun cinn dá saoránaigh”.
Chun go mbeadh an stádas céanna ag teangacha comhoifigiúla na Spáinne, chaithfeadh Comhairle an Aontais Eorpaigh cinneadh a dhéanamh d’aon ghuth a rialacháin a leasú.
Is faoin Spáinn a bheadh sé tacaíocht na mballstát eile go léir a fháil don phlean stádas oifigiúil a bhronnadh.
Bhí freagra á thabhairt ag an Aire Gnóthaí Eachtracha Micheál Martin ar cheist a chuir Marc Ó Cathasaigh, Teachta Dála de chuid an Chomhaontais Ghlais, air.
Chuir Rialtas na Spáinne an t-iarratas faoi bhráid an AE mar chuid den iarracht atá ar siúl ag Pedro Sánchez tacaíocht a mhealladh ó pháirtithe eile chun rialtas a bhunú agus fanacht ina Phríomh-Aire.
D’fhág toradh neamhchinnte olltoghchán na Spáinne mí Iúil go raibh ar Sánchez, ceannaire an PSOE, na sóisialaithe, margadh a dhéanamh le páirtithe na Catalóine agus Thír na mBascach agus tá an t-éileamh ar stádas do na trí theanga mar chuid den mhargadh sin.
I litir a sheol Aire Gnóthaí Eachtracha na Spáinne, José Manuel Albares, chuig Comhairle an Aontais Eorpaigh an mhí seo caite, dúirt sé gur chóir teangacha oifigiúla eile na Spáinne a chur leis an liosta 24 teanga a bhfuil stádas oifigiúil san AE acu.
In 2005, tar éis feachtas fada, lorg Rialtas na hÉireann stádas mar theanga oifigiúil agus oibre don Ghaeilge san Aontas Eorpach agus bronnadh an stádas sin ar an teanga in 2007.
Fógraíodh, áfach, go mbeadh teorainn ag baint le líon na n-ábhar agus na seirbhísí a bheadh ar fáil i nGaeilge i gcomparáid le teangacha eile go dtí 2010.
Maolú na Gaeilge a tugadh ar an socrú sin ar cuireadh síneadh cúig bliana eile leis ina dhiaidh sin, go dtí an 31 Nollaig 2016.
In 2015 d’iarr Rialtas na hÉireann ar an AE go gcuirfí deireadh leis an maolú de réir a chéile nó go mbeadh deireadh ar fad leis ón 1 Eanáir 2022.