Tá sé molta ag Teachtaí Dála go mbeadh ar a laghad 5% de na díospóireachtaí i nDáil Éireann déanta i nGaeilge roimh dheireadh na bliana seo chugainn.
Tá an moladh ar cheann de roinnt moltaí atá déanta ag Teachtaí chun feiceálacht agus úsáid na Gaeilge i dTeach Laighean a chur chun cinn.
Léirigh anailís de chuid Tuairisc níos luaithe i mbliana go mbíonn níos lú ná 1% den chaint a dhéantar sa Dáil i nGaeilge.
Chomh maith leis an mórsprioc 5%, tá moltaí déanta maidir le níos mó Gaeilge a bheith in úsáid ag ceannairí na bpáirtithe i dTeach Laighean agus go bpléifí as Gaeilge ábhair seachas cúrsaí teanga agus an Ghaeltacht.
Tá an tuarascáil, atá feicthe ag Tuairisc, curtha le chéile ag grúpa stiúrtha ar a bhfuil deichniúr Teachtaí Dála agus baill foirne eile de chuid Theach Laighean. Bunaíodh an grúpa mar chuid de straitéis Ghaeilge an Tí a foilsíodh in 2021.
Tá an tuarascáil curtha faoi bhráid Oifig an Cheann Comhairle a deir gur cheart plean gníomhaíochta bunaithe ar na moltaí a chur le chéile chomh maith le grúpa faireacháin a bhunú chun monatóireacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an phlean.
Tá an grúpa stiúrtha ag iarraidh go mbainfí an sprioc 5% de na díospóireachtaí i nGaeilge amach faoi dheireadh 2024. Bheadh ar Theachtaí Dála i bhfad níos mó Gaeilge a úsáid ná mar atá faoi láthair chun an sprioc sin a bhaint amach.
I measc na mbealaí go bhféadfaí a chinntiú go gcloisfí níos mó Gaeilge sa Dáil, moltar sa tuarascáil go ndéanfadh ceannairí na bpáirtithe deiseanna a thapú chun an Ghaeilge a labhairt agus ceist amháin, ar a laghad, as Gaeilge a chur uair sa tseachtain. Tá moladh ann freisin sa tuarascáil go gcuirfí i nGaeilge an chéad cheist i ndiaidh na gCeisteanna Tosaíochta gach lá.
Rinne an grúpa stiúrtha scagadh ar shuirbhé a scaipeadh ar Theachtaí agus ar Sheanadóirí i dTeach Laighean in 2021 a thug le fios gur bhraith roinnt Teachtaí nach raibh dóthain muiníne acu chun an Ghaeilge a labhairt agus go raibh drogall freisin orthu na cluasáin ateangaireachta, atá ar fáil i Seomra na Dála, a chaitheamh nuair a bhí an Ghaeilge á labhairt.
Tá cluasáin níos discréidí ar cheann de na moltaí atá déanta ag an ngrúpa ach tá béim mhór curtha ar bhreis deiseanna foghlama a chur ar fáil do chomhaltaí agus do bhaill foirne i dTeach Laighean.
Moltar togra trialach a chur ar siúl ina ndéanfaí ranganna Gaeilge a thairiscint ag amanna a bheadh oiriúnach dóibh siúd a bheadh ag iarraidh páirt a ghlacadh iontu agus go mbeadh rogha ag daoine idir ranganna aonair nó ranganna grúpa.
Moltar an togra a thriail ar feadh sé mhí agus go mbeadh tréimhse sa Ghaeltacht ag deireadh an chúrsa mar chuid de.
Tá moltaí sa tuarascáil freisin maidir le háiseanna a chur ar fáil do Theachtaí atá ag iarraidh an Ghaeilge a úsáid ina gcuid oibre i dTeach Laighean. Moltar, mar shampla, go mbeadh tacaíocht aistriúcháin agus eagarthóireachta ar fáil do Theachtaí ar mhaith leo aitheasc 2-3 nóiméad i nGaeilge a ullmhú.
Moltar freisin d’Oifig an Cheann Comhairle cruinniú a eagrú le hionadaithe ó na meáin faoin tuairisciú a dhéantar sna meáin ar óráidí Gaeilge i dTithe an Oireachtais.
Deir an grúpa stiúrtha sa tuarascáil go bhfuil sé tábhachtach go gcuirfí na moltaí gearrthéarmacha i bhfeidhm “láithreach” agus go mbeifí ag súil le toradh ar chuid den obair roimh dheireadh 2023.
Tá ceist curtha ag Tuairisc ar Oifig an Cheann Comhairle maidir le cur i bhfeidhm na moltaí atá sa tuarascáil agus an plean gníomhaíochta a mholtar inti, ach ní raibh freagra faighte nuair a scríobhadh an scéal seo.