Den chéad uair le deich mbliana, d’fhéadfadh nach iad páirtithe na scarúnaithe a bheidh i gcumhacht sa Chatalóin agus an líon is mó vótaí faighte sa toghchán ansin ag an bpáirtí sóisialach
61 suíochán a bhuaigh na ceithre pháirtí atá ar son neamhspleáchas na Catalóine agus 68 suíochán a theastaíonn do mhóramh.
42 suíochán a bhí ag na sóisialaigh, atá faoi cheannas Salvador Illa, iar-aire sláinte, ardú ón 33 suíochán a bhuadar in 2021. Beidh orthu tacaíocht a fháil ó pháirtithe eile chun go mbeidís i gcumhacht agus tosóidh an mhargáil pholaitiúil láithreach.
Dúirt Salvador Illa gur tús le “ré nua” sa Chatalóin a bhí sa toradh.
Dúirt Carles Puigdemont, an t-iaruachtarán agus ceannaire Junts, an páirtí is mó de na páirtithe atá ar son an neamhspleáchas, go ndéanfaidh sé iarracht rialtas a bhunú leis na scarúnaithe eile.
“Is féidir linn móramh a chur le chéile a mbeadh ciall leis, ní ceann iomlán ach bheadh sé níos mó ná ceann Illa. Pé rogha a dhéanfaidh iarrthóir na sóisialach beidh baint ag an PP [Partido Popular, páirtí de chuid na heite deise] leis,” arsa Carles Puigdemont.
Más drochlá a bhí ann do Puigdemont agus lucht éilimh an neamhspleáchais lá maith ab ea do Pháirtí Sóisialach Pedro Sánchez, príomh-aire na Spáinne.
D’fhág toradh neamhchinnte olltoghchán na Spáinne an samhradh seo caite go raibh ar Sánchez, ceannaire an PSOE, margadh a dhéanamh le páirtithe na Catalóine agus Thír na mBascach. Mar chuid den mhargadh sin rinneadh go mbronnfaí ar an gCatalóinis, an Bhascais agus an Ghailísis an stádas céanna sa Aontas Eorpach atá ag an nGaeilge.