I nGaillimh a chaith Údarás na Gaeltachta beagnach 40% dá bhuiséad caiteachais ó 2018 i leith, de réir figiúirí nua.
De réir na hanailíse atá déanta ag Tuairisc ar na figiúirí nua is i bPort Láirge is lú a chaith Údarás na Gaeltachta airgead sa tréimhse chéanna, agus gan ach 2% den bhuiséad caite i nGaeltacht na nDéise le sé bliana go leith anuas.
Rinneadh 39% den chaiteachas i nGaeltacht na Gaillimhe agus i nGaeltacht Dhún na nGall a caitheadh 29% den bhuiséad. Fágann sin gur sa dá chontae Gaeltachta is láidre sa tír ó thaobh na teanga de a caitheadh 68% den iomlán.
9% a chaith Údarás na Gaeltachta i gCiarraí, mar a bhfuil an tríú ceantar Gaeltachta is láidre sa tír, Corca Dhuibhne. D’fhág sin go raibh Maigh Eo, an contae is laige ó thaobh labhairt na Gaeilge de, sa tríú háit ó thaobh caiteachas an Údaráis. 10% den mhaoiniú a fuair Maigh Eo, rud a d’fhág chun cinn é ar cheithre chontae Gaeltachta eile, Ciarraí, Corcaigh (6%), an Mhí (5%) agus Port Láirge (2%).
Tugann na figiúirí, a cuireadh ar fáil don Teachta Dála Neamhspleách Matt Shanahan ó Phort Láirge, briseadh síos ar an airgead atá caite ag an rialtas ar chruthú fostaíochta agus ar an bpleanáil teanga sa Ghaeltacht le roinnt blianta anuas.
Mar a léirigh anailís a rinne Tuairisc ar fhigiúirí eile a bhain le caiteachas Údarás na Gaeltachta le cúig bliana anuas, chaith an eagraíocht €50 milliún ar thograí caipitil idir 2019 agus 2023. Chuaigh formhór an airgid sin i dtreo na Gaillimhe agus Dhún na nGall. Níor caitheadh aon phingin den €50 milliún sin i bPort Láirge.
Sna figiúirí is déanaí, tugtar léargas ar an ardú atá tagtha ar chaiteachas bliantúil an Údaráis ar fhoirgnimh agus ar eastáit tionsclaíochta sa Ghaeltacht ó 2018.
Chaith an tÚdarás díreach faoi bhun €4 milliún ar fhoirgnimh agus eastáit an bhliain sin ach bhí sé sin ardaithe go dtí €14.6 milliún faoi dheireadh 2023, ardú 3.5 uair in achar sé bliana.
Caitheadh 44% den infheistíocht a rinne Údarás na Gaeltachta i bhfoirgnimh agus eastáit ó 2018 i nGaillimh. D’ardaigh an caiteachas i nGaillimh ó €1 milliún in 2018 go dtí €6.8 milliún faoi 2023.
Ardú ó chaiteachas €0.2 milliún go dtí €2.4 milliún sa bhliain a bhí i gceist i Maigh Eo agus ó €0.1 milliún go dtí €2 milliún a bhí i gceist i gCiarraí le linn na tréimhse céanna.
€13.7 milliún, nó 25% den chaiteachas iomlán ó 2018, a chuaigh i dtreo foirgnimh agus eastáit i nDún na nGall.
Is chuig Dún na nGall a chuaigh an sciar is mó den airgead a chaith Údarás na Gaeltachta ar dheontais agus infheistíocht. D’íoc an tÚdarás beagnach €36 milliún ó 2018 i ndeontais agus infheistíocht agus chuaigh 36% de sin nó €12.7 milliún chuig cliantchomhlachtaí na heagraíochta i nDún na nGall.
Chuaigh beagnach aon trian eile, €11.4 milliún, chuig comhlachtaí i nGaillimh agus chuaigh an tríú sciar is airde chuig dreamanna i Maigh Eo – €4.2 milliún nó 12%.
Nuair a chuirtear an caiteachas atá déanta ag Údarás na Gaeltachta ar fhoirgnimh, ar dheontais agus ar infheistíocht i gcomhlachtaí agus ar chúrsaí cothabhála, níl ach €1.3 milliún caite i bPort Láirge ó 2018. Ba i gcontae na Mí a bhí an dara caiteachas is lú ach tá an €5.7 milliún a caitheadh sa Mhí sna réimsí sin fós cuid mhaith níos mó ná an méid a caitheadh sna Déise. Caitheadh os cionn €43 milliún ar fad i nGaillimh.
Maidir le cúrsaí Forbartha Pobail & Pleanáil Teanga, de réir na bhfigiúirí chaith an tÚdarás €32 milliún ar na réimsí sin ó 2018.
Caitheadh an sciar is mó den airgead sin freisin i nGaillimh – €11.4 milliún nó 36% den iomlán. Chuaigh €9.3 milliún chuig cumainn forbartha pobail agus an córas pleanála teanga i nDún na nGall le linn na tréimhse céanna.
Ba iad contaetha na Mí agus Phort Láirge a fuair na sciartha is lú den airgead agus beagán sa bhreis ar €1 milliún a caitheadh ar chúrsaí forbartha pobail agus pleanála teanga sa dá chontae sin ó thús 2018.
€4 milliún nó 12% den iomlán a caitheadh i gCiarraí, níos airde ná an €2.9 milliún a caitheadh i Maigh Eo agus an €2.1 milliún a caitheadh i gCorcaigh.