Tá sé fógartha ag an Taoiseach Simon Harris go bhfuil Éire leis an bPalaistín a aithint mar stát.
Maidin inniu dúirt an Taoiseach gur “beart a raibh fiúntas cumhachtach polaitiúil agus siombalach leis” a bhí san aitheantas seo do náisiún na Palaistíne. Dé Máirt seo chugainn, 28 Meitheamh, a thiocfaidh an fógra seo i bhfeidhm.
Rinne Éire, an Spáinn agus an Iorua fógra an lae inniu tar éis míonna fada comhairliúcháin ar fud na hEorpa agus sa Mheánoirthear.
Dúirt an Taoiseach Simon Harris: “Aithníonn Éire an Phalaistín inniu mar náisiún i measc náisiún agus na cearta agus na freagrachtaí céanna uirthi a théann leis sin. Tá Stát Iosrael agus a cheart maireachtáil go sábháilte faoi shíocháin aitheanta ag Éirinn leis na scórtha blianta.
“Is í aisling na hÉireann go bhféadfaidh leanaí Iosraelacha agus Palaistíneacha an 28 Bealtaine 2024 fás suas mar chomharsana faoi shíocháin.”
Dúirt an Tánaiste Micheál Martin:
“Is tráth stairiúil don tír seo atá i gcinneadh an lae inniu Stát na Palaistíne a aithint ar an 28 Bealtaine 2024. Creidimid go diongbháilte nach mbeidh aon tsíocháin sa Mheánoirthear go dtí go mbeidh an ceart céanna ag muintir Iosrael agus muintir na Palaistíne féinchinniúchán, státacht, síocháin, slándáil agus dínit a bheith acu.”
Chuir ceannairí Palaistíneacha fáilte roimh an gcinneadh agus thug údaráis na Palaistíne “nóiméad stairiúil” air.
A mhalairt poirt a bhí in Iosrael ag rá go gcuirfidís fios ar ambasadóirí na dtrí thír a rinne an fógra le féachaint ar fhíseán d’ionsaithe Hamas ar an 7 Deireadh Fómhair 2023.
“Cuimhneofar sna cuntais staire gur shocraigh Éire, an Spáinn agus an Iorua réalt óir a thabhairt do dhúnmharfóirí agus éigneoirí Hamas,” a dúirt Israel Katz, Aire Gnóthaí Eachtracha Iosrael.
Dúirt Katz go raibh fios curtha abhaile aige go hIosrael ar ambasadóirí Iosrael chun na hÉireann agus na hIorua chun cúrsaí a phlé.
Aithníonn 142 tír as an 193 atá ina mbaill de na Náisiúin Aontaithe stát na Palaistíne ach seachas an tSualainn, is beag de thíortha iarthar na hEorpa, an Ríocht Aontaithe ná na Stáit Aontaithe atá ina measc.