Tá Parlaimint na hEorpa ag caitheamh leis an nGaeilge “mar theanga den dara grád” a deir iarrthóir sna toghcháin áitiúla.
Deir Cynthia Ní Mhurchú, atá ag seasamh d’Fhianna Fáil sa i dtoghlach an Deiscirt, go bhfuil sí “bréan” den tslí a chaitear leis an nGaeilge sa pharlaimint.
Cinneadh mí an Mhárta seo caite nach mbeadh dualgas ar an bParlaimint seirbhísí iomlána aistriúcháin agus ateangaireachta a chur ar fáil i nGaeilge go dtí deireadh na bliana 2029 ar a luaithe.
Vótáil san earrach síneadh go dtí deireadh an chéad téarma eile a chur le riail a fhágann nach gá na seirbhísí iomlána a chur ar fáil i nGaeilge agus i Máltais.
Easpa aistritheoirí agus ateangairí Gaeilge is cúis leis an gcinneadh gan seirbhísí uile na Parlaiminte a chur ar fáil i nGaeilge, a deirtear
Dúirt Cynthia Ní Mhurchú go dtabharfadh sí tús áite don Ghaeilge dá dtoghfaí í agus dúirt sí gur chóir deireadh a chur láithreach leis an socrú “a fhágann ár dteanga náisiúnta ar leataobh in institiúidí an Aontais Eorpaigh sa Bhruiséil”.
“Má éiríonn liom a bheith tofa, geallaim go dtabharfar tús áite do vóta nua i bParlaimint na hEorpa maidir le soláthar ateangaireachta Gaeilge sa Pharlaimint, chun deireadh a chur leis an maolú ar sholáthar na seirbhíse seo go 2029, agus chun a chinntiú go gcuirfear deireadh le constaicí d’ateangairí a fhostú le Gaeilge.
“Is mór an náire é an maolú seo. Céim siar arís í don Ghaeilge agus ní chuirfidh mé suas le díghrádú na teanga a thuilleadh.”
Dúirt an Feisire Eorpach de chuid Shinn Féin, Chris MacManus, cheana gur údar “díomá agus náire” é nach mbeadh dualgas ann na seirbhísí Parlaiminte ar fad a chur ar fáil i nGaeilge go dtí 2029 ar a luaithe.
I suirbhé a rinne Conradh na Gaeilge, gheall 70% d’iarrthóirí toghcháin go dtroidfidh siad do lánseirbhís i nGaeilge i bParlaimint na hEorpa.