Mona McSharry a bhuaigh an chéad bhonn d’Eirinn ag na Cluichí Oilimpeacha i bPáras nuair a tháinig sí sa tríú háit sa bhabhta ceannais i snámh brollaigh 100 méadar na mban sa La Defense Arena.
Tháinig bean Shligh sa an bonn cré-umha léi ar éigean nuair a fuair sí an ceann is fearr ar Benedetta Pilato na hIodáile agus an bhean is sciobtha ar domhan, Lilly King Stáit Aontaithe Mheiriceá,
Tatjana Smith na hAfraice Theas a fuair an bonn oír agus Qiantang Tang na Síne a tháinig sa dara háit.
Tá an-mhuinín ag snámhaí eile, Daniel Wiffen, go n-éireoidh leis an bonn óir a thabhairt sa gcomórtas snámh saorstíle 800 méadar a bheidh ar siúl san oíche anocht, Dé Máirt, san ionad céanna, Airéine La Défense.
Maidin inné a d’éirigh le Daniel Wiffen, a bhfuil craobh an domhain aige faoi láthair, a áit sa snámh ceannais a chinntiú nuair a d’éirigh leis an 800 méadar a shnámh in 7:41.53. Soicind amháin a bhí aige ar an té ba ghaire dó ach creideann sé go bhfuil tuilleadh le tabhairt aige.
As Machaire Lainne i gcontae Ard Mhacha é Wiffin agus ar ndóigh ní i ngan fhios dó a rinne a chontae dúchais éacht inné agus Corn Sam Mhig Uidhir crochta leo acu. Tá súil ag an snámhaí go bhfuil an t-ádh ag rith le hArd Mhacha faoi láthair.
“Sea, bhuaigh Ard Mhacha. An 14 Iúil lá mo breithe, Lá Bastille. Nach 100 bliain ó shin a ghlac Éire páirt sna cluichí Oilimpeacha [an chéad uair mar náisiún neamhspleách]? Nach bhfuil an chuma ar an scéal go bhfuil na réaltaí ar ár son?”
Níor chuir dornálaí na hIodáile, Alessia Masiano, mórán dua ar Kellie Harrington sna babhtaí ceathrú ceannais sa rannóg 60 cileagram inné. Bhí bua 5-0 ag an gcuradh Oilimpeach as Baile Átha Cliath ar an Iodálach. Ar an gCéadaoin a bheidh Kellie sa bhfáinne arís.
Beidh dornálaithe eile de chuid na tíre seo sa bhfáinne amárach i mbabhta a 16 agus a 32.
Beidh Phillip Doyle agus Daire Lynch sna babhtaí leathcheannais sa mbád beirte.
Beidh cluiche leathcheannais agus cluiche ceannais rugair na mban ar siúl agus beidh foireann haca na bhfear ag imirt in aghaidh na hIndia.