‘Bog Amach’ ar ais don tríú sraith – agus ar lorg rannpháirtithe
Tá an comhlacht léiriúcháin Strident Media ar lorg rannpháirtithe le haghaidh an tríú sraith den chlár teilifíse ‘Bog Amach’, atá le craoladh i mbliana. Is í Bernadette Morris an stiúrthóir sraithe don chomhléiriú idir RTÉ agus BBC Gaeilge a chuidíonn le daoine teas tinteán nua a mhothú faoin tuath nó toit na cathrach móire a bholadh.
Craoladh an chéad sraith i Meitheamh 2022 le Tessa Fleming i ról an láithreora. I rith na sé chlár, chuidigh Tessa le teaghlaigh, lánúineacha agus daoine ina n-aonar an áit is áille agus is oiriúnaí in Éirinn a aimsiú chun cur fúthu.
Ghlac Emer Mhic an Fhailí ról shióg na dtithe don dara sraith, a tháinig amach ar an seinnteoir BBC i Meán Fómhair 2023. Sé chlár eile ina gcuidítear le fear a chaith breis agus 30 bliain ina chónaí i gCeanada, lánúin óg atá dúdóite de chíos a íoc, agus múinteoir a chaith a saol ar fad faoin tuath agus atá ag iarraidh blas den chathair a fháil.
Idir lucht na gcathracha atá ag iarraidh leas a bhaint as an saol tuaithe agus daoine thar lear ar mhian leo pilleadh ar an bhaile, tá an rogha tí áit inteacht amuigh ansin agus beidh ‘Bog Amach’ ann lena haimsiú.
“Tá méadú mór ar an líon daoine atá ag fágáil slán ag an gcathair, agus ag na tranglaim tráchta agus an brú spáis ar fad a bhaineann léi, chun saol ciúin suaimhneach a chaitheamh i gceantar tuaithe.”
Taispeánfar cuid de na ceantair is gleoite in Éirinn sa tsraith. Tabharfar rannpháirtithe go ceantair cois cósta nó faoi scáth na sléibhte. Áit a bhfuil do chroí, is ann a thabharfas do chosa thú, nó b’fhéidir gur ‘Bog Amach’ a dhéanfaidh é.
Díreoidh an tsraith ar an “réabhlóid shóisialta” atá ann ó tháinig an chianobair i mbarr a réime. Saor ón chomaitéireacht, ní gá a bheith ag smaoineamh ar an obair i gcónaí agus tú ag bogadh tí. Fuarthas réidh leis sin le teacht chun cinn na teicneolaíochta.
“An duine thú atá i do chónaí sa chathair ach atá ag brionglóideach faoi do rogha tí faoin tuath? An Gaeilgeoir thú atá ag cur fút thar lear agus a bhfuil fonn ort filleadh ar an bhfód dúchais? An duine ar scor thú atá ag iarraidh tí níos lú a cheannach nó bogadh chun na tuaithe? An duine thú a bhfuil áit faoin tuath á lorg agat chun cianobair a dhéanamh uaidh, chun gnó nó fiontar nua a thosú – nó díreach chun stíl nua maireachtála a chruthú duit féin?”
Beidh Strident Media ag glacadh le hiarratais ag casting@stridentmedia.com nó anseo. Is féidir Sraith 1 & 2 de ‘Bog Amach’ a fháil ar an seinnteoir RTÉ, nó is féidir Sraith 2 a fháil ar an seinnteoir BBC.
The post ‘Bog Amach’ ar ais don tríú sraith – agus ar lorg rannpháirtithe appeared first on NÓS.