Tá ómós léirithe ag Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn don teagascóir, aistritheoir, bádóir agus gníomhaí timpeallachta, Padraic de Bhaldraithe, atá tar éis bháis.
Ba as Baile Átha Cliath ó dhúchas é Padraic ach chaith sé cuid mhór dá shaol i gConamara, i bhFoirnis agus i mBearna.
Dúirt an tUachtarán go raibh fíorbhrón air a chloisteáil go raibh a “sheanchara” imithe ar shlí na fírinne.
“Bhí Padraic ar dhuine de na cairde ab fhearr a bhí agam ón uair go raibh muid beirt mar mhic léinn iarchéime in Ollscoil na Gaillimhe agus b’iontach go deo an cara é.
“Bhí sé ina dhúchas a bheith cairdiúil agus dúil aige sa chomhluadar. Dá réir sin bhí sé lán le haoibhneas, greann agus fíorchúirtéiseach ar gach ócáid. Ba i réimse an oideachais a shaothraigh sé a bheatha mar mhúinteoir, mar chigire agus mar scrúdaitheoir ar feadh cuid mhór dá shaol, ach bhí a chroí agus a anam gan srian freisin i réimsí eile den saol – go háirithe sa cheol traidisiúnta, sa tseoltóireacht agus i gcosaint na mara.”
Luaigh an tUachtarán go raibh de Bhaldraithe fíorghníomhach sa Ghrúpa Éireannach maidir le Míolta Móra agus Deilfeanna a bhíonn ag faire amach do bheatha na farraige agus go raibh spéis ar leith aige freisin sa cheardaíocht a bhaineann le tógáil báid.
Bhí an Ghaeilge agus cearta teanga gar dá chroí chomh maith,
“Bhí spéis ar leith aige i ngach gné de chás na teanga; bhí sé gníomhach i gcur chun cinn cearta teanga agus rinne sé obair mhór ar feadh na mblianta mar shaoraistritheoir,” a dúirt an tUachtarán.
“Ba dhuine fial flaithiúil é Padraic. Bhí mise ar dhuine acu sin a fuair cúnamh, comhairle agus tacaíocht uaidh ar feadh na mblianta fada. Tá mé sásta go bhfuair mé deis cuairt a thabhairt air le fíorghairid ag tráth go raibh sé tinn. Is cinnte go mbraithfidh mé uaim go mór a chairdeas agus go mairfidh sé i mo chuimhne ar feadh i bhfad ar chuid mhór cúiseanna.
“Ba mhaith liom féin agus le Saidhbhín ár gcomhbhrón a chur in iúl dá bhean chéile Máire, do chlann agus do gharchlann Phadraic, dá dheartháireacha agus deirfiúracha, dá ghaolta eile agus dá chairde ar fad.”
Beidh Padraic de Bhaldraithe á thórramh ina theach cónaithe i mBearna inniu, Dé Céadaoin an 10 Iúil, idir 5-7pm. Aistreofar a chorp óna theach cónaithe Déardaoin an 11 Iúil agus beidh seirbhís i gCréamatóiriam na Sionna ag meán lae.