Sprechen sie Gaelainn?
An bhfuil aon bhuachaint ar an gcéad radharc ar áit nua ón eitleán nuair a bhriseann na scamaill? Cé go bhfuilim tar éis a bheith sa Ghearmáin cheana, bhain an radharc agus mé ag eitilt isteach go Frankfurt Hahn m’anáil díom. Páirceanna glasa, an Rhine ag gearradh slí tríd an ngleann… go hálainn ar fad. Ní mise an t-aon duine a thóg pictiúr de ó fhuinneog shalach an eitleáin.
Bhí cara liom ag obair le hinstitiúid Eorpach mar aistritheoir in Frankfurt, agus é ar intinn agam cuairt a thabhairt air le tamall. Fuaireas eitilt ón bhFearann Fuar go Frankfurt Hahn agus ar ais ar €30 agus b’sheo liom chun na Gearmáine!
Thosnaigh mo thaithí Ghaelach in Aerfort Chiarraí, áit gur bhuaileas le beirt chomhghleacaithe liom as Corca Dhuibhne. Agus sinn ag caint go sceitimíneach agus daoine ag féachaint orainn, fiosrach fénár dteanga, rith sé liom gur fíor é nach féidir leat imeacht in aon áit ach go mbuailfidh tú le duine ar d’aithne.
Ar an dtalamh in Frankfurt Hahn (ná fuil in aon ghiorracht do chathair Frankfurt), bhí an bus go Frankfurt caillte agam agus ag triúr ógbhan Éireannach eile. Agus sinn seasta ag an Busbahnhof, thosnaigh na mná eile ag plé fear na dticéid as Gaelainn. Bhain sé preab diamhair astu nuair a chaitheas mo chuid cúpla focal chucu inár dteanga ársa chomh maith. Seans nach fánach an áit a bhfaighfeá Gaeilgeoir.
Bhí taithí iontach Gearmánach agam in Frankfurt. D’itheas Weisswurst agus sauerkraut, d’ólas beoir ar an dtraein go deas sibhialta, thriaileas mo chúpla focal Gearmáinise leis na daoine áitiúla, agus fuaireas fíon ar an tsráid i ngloiní fíona déanta as gloine. Ní chuimhneodh na Gearmánaigh ar é a ól as gloine phlaisteach.
Is beirt Ghaeilgeoirí iad mo chairde agus mar sin chaitheamar cuid dár gcuid ama ag caint fén mbaile, ag éisteacht le Beairtle Ó Domhnall agus ag waltzáil timpeall an árasáin bhig. Thugamar fé phub Éireannach ansan, agus ní rófhada a bhíomar ansan, ag baint súp as an gceol Éireannach agus an fíon Gearmánach a bhí ana-dheas agus ana-shaor, gur chualamar bean Éireannach ag múineadh cúpla focal dá cara ón Nua Shéalainn. Bhuel aithníonn ciaróg ciaróg eile ag deireadh an lae agus seo againn cara nua.
Ar ár slí abhaile, an triúr againn ag caint agus ag cadráil mar a bhíonn, d’fhiafraigh fear dínn cad as dúinn, agus cén teanga a bhí á labhairt againn. Cheap sé go mb’fhéidir gur ón tSualainn a bhíomar – toisc a ghile is a bhíomar! Chuir sé ana-spéis sa Ghaelainn agus d’imíomar linn ana-shásta go raibh na Gaeil ar comhchaighdeán le muintir na Sualainne.
Ní fada a bhíos in Frankfurt, ach fuaireas deis iontach bualadh le baill do chraobh Chonradh na Gaeilge, Craobh Bhaile Átha na bhFranc, sa Frankfurt Art Bar atá píosa lasmuigh de, agus difriúil ó, lár na cathrach. I mbun cleachtaidh a bhí muintir an chraoibh do cheiliúradh a bhí ar na bacáin do Bhealtaine, agus chaitheamar tráthnóna bríomhar ag canadh ‘Samhradh Samhradh’ agus ag rince.
Labhraíos le Stiofán, an Cathaoirleach, agus le Dónal, Rúnaí Chraobh Bhaile Átha na bhFranc, fé chonas a tharla sé go bhfuil craobh den Chonradh ann in aon chor. Tosnaíodh Preab-Ghaeltacht cúig bliana ó shin ach thit an lug ar an lag le linn na paindéime. Anois, agus iad thar n-ais fé lántseol, cruinníon siad Gaeil na cathrach uair sa mhí, agus bíonn seisiún ceoil agus rince Éireannach ag an am céanna.
Bíonn suas le deichniúr ag an dteacht le chéile, cuid acu ag teacht ón dtaobh amuigh den gcathair, agus is ar chúrsaí cainte — “Ní póilíní gramadaí sinn!”— amhránaíochta agus drámaíochta, atá an bhéim, chun an Ghaelainn a fhoghlaim agus chun cuid de chultúr na hÉireann a thabhairt thar sáile. Tá ranganna Gaelainne ar siúl sa chathair agus meascán d’Éireannaigh agus Gearmánaigh á ndéanamh.
I dtaobh na n-imeachtaí atá le teacht, an rud is mó atá ar intinn ag na Gaeil i mBaile Átha na bhFranc ná Tionól i mí Mheán Fómhair chun craobhanna Conradh na Gaeilge chomh maith le clubanna Chumann Lúthchleas Gael in áiteanna eile sa Ghearmáin a thabhairt le chéile. Samhlaím go mbeidh sé cosúil le meascán idir an tOireachtas agus Comórtas Peile na Gaeltachta thar lear.
B’fhearr dúinn féachaint ar phraghas na n-eitiltí san anois…
Ar an iomlán, is mó Gaelainne ná Béarla nó fiú Gearmáinis a labhraíos agus mé ar mo cheithre lá saoire in Frankfurt. Cathair álainn, lán le stair, ealaíona, agus Gaelainn a bhuí le Craobh Bhaile Átha na bhFranc! Is féidir súil a choimeád ar imeachtaí na craoibhe ar Instagram (@preabghaeltachtffm) nó ar Twitter/X.
The post Sprechen sie Gaelainn? appeared first on NÓS.