Tá Koh Lipe chomh galánta céanna leis an mangó agus rís a fhaightear air
Thosaigh sé, mar a thosaíonn an chuid is mó de na heachtraí iontacha, os comhair 7-Eleven in ionad siopadóireachta Malaeisiach. Agus mé ag taisteal trí Oirdheisceart na hÁise ar an mbealach chuig bainis in Melbourne, bhí mé ar an oileán aoibhinn trópaiceach, Langkawi. Ag breathnú timpeall an tsiopa saor ó dhleacht sa phríomhbhaile, Kuah, thug mé faoi deara póstaer ag fógairt seirbhís bád farantóireachta go dtí an t-oileán beag Téalannach, Koh Lipe. Cuardach Google gearr agus cuairt ar Booking.com níos déanaí, bheartaigh mé dul.
Tá an bonneagar ag cé Kuah sách suntasach, beagnach cosúil le haerfort dea-eagraithe. Bhí an fhoireann cairdiúil agus garach. Bhí an bád farantóireachta féin measartha maith amháin, ach bhí fáilte roimh fhaoiseamh na haerchóirithe comhaimseartha ón mbogthaise mharbhánta taobh amuigh. Aistear mórthaibhseach amach is amach ab ea an turas i dtreo Trá Pattaya i mbád adhmaid earrfhada. Ba é comhcheangal na spéire goirme gile leis an ngaineamh siúcra-bhán púdrach agus an t-uisce turcaide an radharc is áille a chonaic mé riamh.
Baineann Koh Lipe a ainm ón Mhalaeis ‘Pulau Nipis’ le brí ‘oileán tanaí’. Tá an t-ainm seo oiriúnach; níl an t-oileán ach 2.5 chiliméadar ar leithead agus 3.5 chiliméadar ar fad. D’áitrigh na daoine Urak Lawoi, nó ‘ruagairí reatha na mara’, an t-oileán ar dtús. In ainneoin roinnt achrainn leis an rialtas Téalannach maidir le srianta iascaireachta, tá a gcultúr fós láidir. Reáchtálann siad féilte spioradálta chun urraim a thabhairt dá sinsir. Tá stair an oileáin luachmhar dóibh, agus coimeádann siad creidimh anamacha a sinsear agus ardmheas domhain don oileán agus don bhfarraige.
‘Oileáin Mhaildíve na Téalainne’ a thugtar air, ach baineann i bhfad níos lú sluaite le Koh Lipe ná a mhacasamhlacha cáiliúla Krabi agus Koh Phi Phi. Cuireann an t-oileán deiseanna iontacha scúbadóireachta, snorclála, agus cadhcála ar fáil. Faightear aon cheathrú de na speicis éisc trópaiceacha ar an domhain seo. Tá an réimse lóistín éachtach, ó bhotháin bhambú bhunúsacha ar imeall na trá go hionaid saoire agus tithe móra cúig réalta. Tá an t-oileán forbartha, ach go taitneamhach, ag caomhnú cothromaíocht a sheachnaíonn turasóireacht na sluaite agus scrios timpeallachta. Tá mealltacht ina chumas áiseanna nua-aimseartha a chur ar fáil agus a áilleacht nádúrtha agus oidhreacht chultúrtha a choinneáil.
Bhí na daoine ar Koh Lipe cairdiúil agus fáilteach. Thosaigh m’eachtra le sú mangónna úr áitiúil ag an Harmony Café ar Thrá Pattaya. Ag spaisteoireacht anuas an t-imeallbhord, chas mé ar Walking Street bríomhar le siopaí lámhcheardaíochta agus bialanna ar gach taobh. Chnádaigh fulachtaí, agus líon na bolaithe deataigh éisc, sicín, agus mairteoil ghriollta an t-aer. Dhéanfadh an easpa sraithe domhanda leithéidí Starbucks agus McDonald’s maitheas duit. Ina ionad sin, bhuail mé le taitneamhachtaí áitiúla, mar shampla taoschnónna ar nós na Téalainne ó dhíoltóirí fonnmhara. Lig madraí seachránacha a scíth go suaimhneach sa scáth, ag cur leis an atmaisféar Téalannach tipiciúil.
Ba tharraingt mhór dom é an saol cócaireachta. Bhí mo chéad bhéile ag an Thai Lady Pancake Shop (rí-ainmnithe!) thar barr – sailéad úr papá agus curaí glas saibhir le roti úrbhácáilte agus rís chnó cócó bhealaithe. Níos déanaí, thóg tacsaí cliathánach mé go dtí mo lóistín, an Reef Hotel in aice le Trá an Dul Faoi, rite le heasaoránaigh Dhanmhargacha chairdiúla. Bhí balcóin fhairsing agam san óstán glan nua-aimseartha. Bhí radharc uaithi amach ar an Muir Andaman. Agus mé i mo shuí ar an lochtán le deoch, bhí mé in ann an ghairm chun urnaí a chloisteáil, meabhrú d’éagsúlacht chultúrtha an oileáin.
Bhí Trá Éirí na Gréine (Haad Chao Ley a thugtar air i dTéalainnis) lán chomh hálainn le Pattaya. Tar éis siúlóide feadh na farraige turcaide scáthaithe le pailmeacha arda, d’fhill mé ar Thrá Pattaya chun píosa snorclála a dhéanamh. Bhí na huiscí gléghlana beo le beatha mhuirí, sclamhairí buídhroimeacha agus treabháillí mórshúileacha san áireamh. Ag ól súimíní manglaim ag an Mali Resort ar imeall na trá, d’fhéach mé ar chúir Brahminy agus iolair mhara bhánbholgacha ag déanamh fáinne thart lasnairde. Chuir a n-eitilt ghrástúil le hatmaisféar suaimhneach an oileáin.
An oíche sin, shiúil mé go Trá Pattaya, áit a raibh neart tairiscintí uair an tsonais agus cabaireacht shuairc daoine ar saoire. Threoraigh ceol suaimhneasach an Reggae Bar mise go dtí Walking Street bríomhar, lena stainníní sráide ar gach taobh. Ba gharúpach úr griollta é an príomhchúrsa blasta ag an mbialann neamhfhoirmeálta Bung Roon. Bhí ceol beo ó pháistí áitiúla ag tionlacan an bhéile. Bhí an chomhthimpeallacht beoga agus ceiliúrtha, ach i bhfad ó na claonta drabhlásacha faighte in áiteanna Téalannacha eile.
An mhaidin dár gcionn, d’éirigh mé go luath chun éirí na gréine a fháil ag an trá in aice liom. In ainneoin brat scamaill mí-ámharach, bhí an radharc fós sonrach. Bhí bricfeasta agam ag Café Mojo i m’óstán; pancóga bolgacha le banana caramalaithe. Tar éis snámh deireanach ag an trá, stop mé le haghaidh caoineog fhuar agus mangónna buí le rís chnó cócó. Fuair mé cúpla cuimhneachán suaracha ar Walking Street; b’fhéidir gur ceannaíodh maighnéidín cuisneora, caithfidh mé a adhmáil. Ba iad cloicheáin suánacha griollta le rís bealaithe mo bhéile deireanach ag an Thai Lady Pancake Shop – críoch bhlasta ar mo thuras, mar ba chuí.
Ní raibh an turas earrfhada ag imeacht Koh Lipe chomh spraíúil céanna, ach rinne mé mo mhachnamh ar an eachtra le dúil. Ó thránna trópaiceacha agus bia blasta úr go slí mhaireachtála réchúiseach agus cultúr ar leith, tá Koh Lipe draíochtúil, tríd is tríd. Tá tarraingteacht an oileáin le fáil ina cairdiúlacht, ag déanamh ceann scríbe de a mhothaíonn eachtrannach agus inaitheanta araon. Maireann mealltacht Koh Lipe i mo chuimhne, cumasc foirfe áilleacht nádúrtha, cultúr luachmhar, agus fíorfháilte. D’fhill mé ar m’ionad saoire Langkawi le mo scíth ligthe agam, ach le goin aiféala bheag nár mhair mo thuras go parthas ach oíche amháin.
The post Tá Koh Lipe chomh galánta céanna leis an mangó agus rís a fhaightear air appeared first on NÓS.