Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
tagann-eolaithe-ar-fhianaise-gurbh-ann-do-bheatha-ainmhioch-2.1-billiun-bliain-o-shin

Tagann eolaithe ar fhianaise gurbh ann do bheatha ainmhíoch 2.1 billiún bliain ó shin

| conor torboid | ,

Deir grúpa eolaithe gur thángthas ar fhianaise nua a thacaíonn le teoiric dá gcuid gurbh ann d’orgánaigh aimpléiseacha ar an domhan 1.5 billiún bliain níos luaithe ná an ghnáth-thuairimíocht. Measann an mhórchuid de shaineolaithe nach raibh ann do bheatha ainmhíoch go timpeall 635 milliún bliain ó shin. D’fhógair an fhoireann taighde seo gur tháinig siad ar an fhianaise i gcarraigeacha sa Ghabúin a léiríonn go raibh cúinsí timpeallachta fóirsteanach d’ainmhithe 2.1 billiún bliain ó shin.

De réir an taighde, ar féidir é a léamh anseo, d’fhorbair na horgánaigh aimpléiseacha seo i muir intíre agus is cosúil nár bhog siad ón fharraige seo riamh agus sa deireadh d’éag siad. Foilsíodh an taighde seo agus díospóireacht ar siúl faoi an iarsmaí iad na foirmíochtaí ar thángthas orthu in Franceville, an Ghabúin.

D’oibrigh an tOllamh Ernest Chi Fru as Ollscoil Caerdydd le foireann idirnáisiúnta ar an staidéar. Rinne na heolaithe tástálacha ar na carraigeacha thart ar na foirmíochtaí san fho-imchuach in Franceville, ar lorg cothaithigh amhail ocsaigin agus fosfar a thacódh le beatha ainmhíoch.

Má ghlactar leis an teoiric sa todhchaí, meastar go mbeadh na hainmhithe aoncheallacha seo cosúil le slam-mhúscán, orgánach aoncheallach eile a atáirgeann trí spóir.

Athrú mór ón ghnáth-thuairimíocht is iad na tuairimí seo agus easaontaíonn roinnt eolaithe leo.  Deir an tOllamh Graham Shields as Coláiste Ollscoile Londain nach féidir leis tacú leis an teoiric go daingean. Aontaíonn sé go bhféadfadh na cothaithigh a bheith ní ba dhlúithe 2.1 billiún bliain ó shin ach nach gciallaíonn sin go mbeadh orgánaigh aimpléiseacha ann freisin.

Pictiúr: Grafaic a léiríonn ceimic an imchuach.

Deir an tOllamh Chi Fru go gcruthaíonn a chuid oibre teoiricí áirithe faoi na próisis a ghin beatha ainmhíoch ar an domhan. Tháinig ann do chuid de na smaointe seo 10 mbliana ó shin nuair a d’aimsigh eolaithe an fhoirmíocht in Franceville. Deir an tOllamh Chi Fru agus a chomhghleacaithe go raibh iarsmaí le fáil san fhoirmíocht, rud a léirigh go raibh orgánaigh in ann “croitheadh”. Níor thacaigh achan eolaí leis seo.

Chun tuilleadh fianaise a aimsiú, rinne Chi Fru agus an fhoireann anailís ar dhríodar a baineadh ón charraig sa Ghabúin le druilire. Léirigh ceimic na carraige gur cruthaíodh “saotharlann” áisiúil d’orgánaigh aimpléiseacha sular foirmíodh an fhoirmíocht.

Creideann siad táirgeadh an ocsaigin agus an fosfar nuair a bhuail dhá phláta ilchríochacha in aghaidh a chéile faoin uisce. Chruthaigh seo gníomhaíocht bholcánach agus scaoileadh an dá ghás. Scaradh cuid den uisce ón chuid eile den aigéan agus d’fhorbair muir éadomhain intíre lán cothaitheach.

Spreag an timpeallacht chosanta seo na cúinsí oiriúnacha le haghaidh fótaisintéise. Leis an flúirse ocsaigine, meastar go raibh orgánaigh ábalta forbairt ar bhealach. Deir Chi Fru gur an timpeallacht iargúlta seo a mharaigh na horgánaigh óir nach raibh na huiscí ag tabhairt go leor cothaitheach nua isteach.

Mheabhraigh an mac léinn dochtúireachta Elias Rugen ó Mhúsaem Stair an Dúlra go raibh an carbón, an nítrigin, an t-iarann agus an fosfar san aigéan ag déanamh rudaí “nach raibh feicthe roimhe sin.”

“Níl a dhath le rá nach raibh ann d’orgánaigh aimpléiseacha chomh fada siar le 2 billiún bliain ó”, a deir sé, ach go bhfuil tuilleadh fianaise de dhíth chun tacú leis dar leis.

An bhfuil an domhan, agus beatha ainmhíoch, i bhfad níos sine nár mar a shíl muid? An dtiocfar ar charraig eile 10 mbliana uaidh seo a léiríonn go raibh ainmhithe dochreidte ann 5 billiún bliain ó shin?

An síleann tú féin go raibh an “sram” seo ann fadó, nó an measann tú go bhfuil an ceart ag an Bhíobla agus gur cruthaigh Dia gach ainmhí idir an cúigiú agus an séú lá? Pé léamh atá agat ar an scéal, nach orainne atá an t-ádh go bhfuil muid ag mairstin ar na saolta seo le huirlisí a chuidíonn linn an domhan seo agus an chruinne fhairsing a thuiscint.

The post Tagann eolaithe ar fhianaise gurbh ann do bheatha ainmhíoch 2.1 billiún bliain ó shin appeared first on NÓS.

Níos mó