
Táin an Chrócaigh – an mhiotaseolaíocht, an pheil agus an chinniúint
Cathmhílte Chonnacht agus óglaigh Uladh ina gcéilí comhraic ar bhlár catha in oirthear na hÉireann. An duais is mó sa tír le tabhairt abhaile go caithréimeach ag na buaiteoirí. Teaicticí agus teacht aniar. Mortas agus muinín. Dóchas agus dabht. Soncanna le sárú, clú le cosaint, gradam le gnóthú.
D’fhéadfaí a rá gur cur síos gonta iad na línte sin thuas ar Tháin Bó Cúailnge, an eachtra eipiciúil úd de chuid na nGael a thit amach idir laochra ón dá chúige thart ar dhá mhíle bliain ó shin, más fíor don traidisiún, agus déarfainn féin go bhfuil cuid mhór den fhírinne ann.
Ach, in éis imeacht na mblianta agus in ainneoin na bearna idir an mhiotaseolaíocht agus saol na linne seo, d’fhoirfeadh na línte ceannann céanna mar achoimre ar mhór-ócáid náisiúnta eile, coimhlint chomhaimseartha a chuirfear os ár gcomhair Dé Domhnaigh seo ar thalamh naofa Pháirc an Chrócaigh: Cluiche Ceannais Peile na hÉireann idir Ard Mhacha agus Gaillimh.
Tá ceannáras CLG níos lú ná uair an chloig tiomána ó phríomhláthair na Tána agus, mar a rinne arm Mhéabha rompu, beidh na Connachtaigh ag teacht anoir ina sluaite, ag trasnú na tíre le troid a chur ar na hUltaigh.
Sa Rúraíocht bhí fir an tuaiscirt, a bhuí le sárchumhachtaí Chú Chulainn, in ann an ruaig a chur ar fhir an iarthair, cé gur goideadh Donn Cúailnge, tarbh na nUltach, ar scor ar bith agus gur tógadh go Ráth Cruachan é, áit ar mharaigh sé Fionnbheannach, tarbh na gConnachtach, i dtroid fhada fhíochmhar sular fhill sé abhaile arís le bás a fháil.
Bunaithe ar an mhéid sin, d’fhéadfadh toradh chluiche mór na bliana a bheith casta go maith ach ar a laghad ní fheicfear aon riastradh – an cuthach mire marfach a thiocfadh ar Chú Chulainn agus é i mbun troda – ar pháirc na himeartha i leagan 2024 den scéal.
Mar sin féin, mar Ultach ón Úllord a bhfuil leath mo shaoil caite agam anois ag dúil leis an chontae filleadh athuair ar lár an aicsin ar an lá is mó i bhféilire spóirt na tíre (stádas atá aige in éineacht le Cluiche Ceannais na hIomána ar ndóigh), tá súil agam go mbeidh imreoirí Ard Mhacha in ann cuid de chrógracht agus de chumas an churaidh chéanna a mhealladh chucu féin in am an ghá tráthnóna amárach.
Is í an chomparáid sin an chéad rud a rith liom agus mé ag machnamh ar na macallaí miotaseolaíochta idir eipic mhór na hÉireann agus peilchath an Domhnaigh ach, idir scairt faoi thicéidí agus bolgam tae, tháinig smaoineamh eile chugam, teachtaireacht a bhí ceilte i gceo na gcianta.
In aois seo na neamhchinnteachta agus na himní síoraí – áirim cogaíocht bharbartha agus cliseadh aeráide, scoilteanna sa tsochaí agus míshuaimhneas sa tsícé – is léir nach ar leas an chine dhaonna, ná ar leas na Máthairchruinne trí chéile, atá na córais agus na struchtúir atá curtha i bhfeidhm againn, ná na luachanna ar a bhfuil siad tógtha.
Tá freagraí nua de dhíth orainn, réitigh úra ar sheancheisteanna, inspioráid mhisniúil le haghaidh na todhchaí.
I measc na bhfoinsí inar féidir linn teacht ar spreagadh den chineál sin tá an mhiotaseolaíocht, na scéalta a d’ársaigh ár sinsir riamh anall, a thug treoir dá saol agus a mhúnlaigh a ndearcadh ar an Domhan. Bíonn bríonna agus cialla i bhfolach i ngníomhartha na gcarachtar agus ina gcuid focal, sna mórthéamaí agus sna mionsonraí.
Mar atá luaite agam, tá athinsint ar cheann amháin dár scéalta ag borradh chun beatha anois díreach.
Cinnte, is féidir breathnú ar an chluiche idir Ard Mhacha agus Gaillimh mar leagan nua-aoiseach de sheanchogadh na gcúigí, ach tá comhairle eile le fáil ann chomh maith.
Tráth amháin bhí na Connachtaigh agus na hUltaigh ag marú a chéile ar mhachairí an oirthir, deargnaimhde a rinne ár agus uafás mar a bheadh na déithe á rá leo.
Dé Domhnaigh beidh na mílte daoine ón dá chúige ag teacht le chéile faoi shíocháin agus faoi shonas chun tráthnóna lán spóirt agus spraoi a chaitheamh le chéile in Ardchathair Éireann.
Beidh dianchoimhlint ann gan amhras, caint throdach, b’fhéidir, agus buillí beoga ach, ag deireadh an lae, croithfidh idir imreoirí agus tacadóirí lámha a chéile, tabharfaidh siad croí isteach dá chéile agus déanfaidh siad comhghairdeas agus comhbhrón le chéile dá réir.
Má tá a leithéid d’athmhuintearas agus de chneasú indéanta, is amhlaidh is féidir linne codanna dínn féin, ár gcaidreamh le daoine eile agus an chumarsáid idir sciartha éagsúla den phobal a leigheas chomh maith. Sin agus an dóigh a gcaitheann muid leis an Domhan í féin agus le gach neach a chónaíonn uirthi.
Comhartha dóchais in ainneoin na n-ainneoin.
San eagrán is déanaí seo den tseansraith, in ionad fola agus fuatha tá suáilcí uaisle fiúntacha á múscailt ionainn uilig agus á gcur i ngníomh san fhíorshaol.
Is é rud atá á rá linn go bhfuil an scéal fós á scríobh agus gur fúinne atá sé an chaibidil áirithe seo a chríochnú.
Is iad na peileadóirí a bheidh in iomaíocht le chéile ar an fhéar úrghearrtha ach ní hiad amháin a bhfuil glaoch chun catha orthu, ach orainne ar fad.
Glaoch chun ceangal leis an áit arb as dúinn – ár gcontae agus ár bpláinéad in éineacht – agus seasamh ar a son go daingean dearfach.
Glaoch chun teacht le chéile mar dhream ilchineálach agus ár gcuid fuinnimh a chaitheamh ar mhaithe le cúis atá níos mó ná muid féin.
Glaoch chun meas a léiriú ar an duine eile agus an dea-mhéin a chleachtadh in aghaidh na ndúshlán, beag beann ar an toradh deiridh.
Glaoch chun cuideachta a dhéanamh le clann agus le cairde, chun aithne a chur ar strainséirí agus chun fáilte a chur roimh chách chuig an cheiliúradh.
Ní glaoch aon uaire don deireadh seachtaine seo amháin é ach oiread ach glaoch do gach lá den bhliain.
Tá sé ciúin, is ar éigean atá sé le cluinstin go fiú, ach is ann dó.
Má fhreagraíonn muid é beidh ról á imirt againn sna hiarrachtaí atá riachtanach le cor a chur inár gcinniúint agus lena chinntiú go dtiocfaidh muid uilig fríd ré seo na guaise agus na deighilte.
Ar nós ár laochra peile, beidh ullmhúchán agus dúthracht ag teastáil, croí cróga agus fadradharc.
Iarratas atá ann atá ag teacht chugainn aniar ó na sinsir agus anoir ó na glúnta atá go fóill le teacht, iad ag impí orainn Domhan nua a chruthú ina bhfuil tús áite ag an tuigbheáil agus ag an chomhbhá, ag an chineáltas agus ag an mheas, ag an inbhuanaitheacht agus ag an ghrá.
Níl aon amhras ach go bhfuil géarghá leis.
Freagraímis an glaoch agus cuirfimis, ar ár mbealaí féin, leis an Táin atá ag titim amach san aois seo.
Idir an dá linn, go mbaine muid ar fad sult as gaiscí an lae amárach agus go raibh an bua ag an fhoireann is fearr.
The post Táin an Chrócaigh – an mhiotaseolaíocht, an pheil agus an chinniúint appeared first on NÓS.