A bheil Gàidhlig agad? Cúrsa seachtaine i nGaeltacht na hAlban
Sa léacht iomráiteach a thug an mórscríbhneoir Máirtín Ó Cadhain in 1968, ‘Páipéir Bhána agus Páipéir Bhreaca,’ tugann an Cadhnach léargas an-ghairid ar a thaithí féin ag foghlaim Ghaeilge na hAlban. Chaith sé achar sé mhí ar an Oileán Leódhas, scoite amach thar níos mó ná turas amháin, agus achar míosa i mbothán le ‘ceàird,’ nó ‘tincéir,’ fear a thug fuílleach mór scéalta agus ceoil dó, chomh maith le ciapadh (dea-mhéineach) ó bhéal!
Caitheann an t-eispéaras sin, a dtráchtann an Cadhnach air, solas ar ghné lárnach amháin a bhaineann leis an dá chultúr Gaeilge agus an caidreamh eatarthu: an fiodmhagadh!
Déanann Ó Cadhain aithris, i litriú nach bhfuil dílis do Ghaeilge chaighdeánach na hAlban ar na saolta seo, ar chaint an tincéara, a bhíodh ‘ag ithe agus ag gearra ar mhuintir na hÉireann le chuile chor “Sé feadhainn glé ainealach, leora, atá ann an Éirinn.”’ (Seo m’iarracht ar aistriúchán: ‘Is iad daoine an-aineolach atá in Éirinn’). Go deimhin, tá an baol ann nach raibh i gceist ach masla borb i leith na nÉireannach, ach más amhlaidh a bhí, agus ní dócha gurbh amhlaidh, ní móide go bhfanfadh an scríbhneoir clúiteach socair sa bhothán ag éisteacht lena leithéid de chadráil!
Ní dhéanann Ó Cadhain idirdhealú glan idir Gaeilge na hAlban agus Gaeilge na hÉireann sa ghiota beag seo leis (ar cuid de léacht ar ábhar eile é): tugann sé le fios go bhfuil roinnt stórfhocal atá beo in Albain nach bhfuil beo in Éirinn, agus go mbaineann sé a ghaisneas as corrfhocal acu sin a thuigfeadh an Gaeilgeoir ar an toirt. Cruthúnas é an méid seo, b’fhéidir, ar an gcomhthuiscint idir an dá theanga chomhaimseartha Ghaeilge seo, go pointe, agus ar na féidearthachtaí a eascraíonn as teagmháil eatarthu: saibhriú tuisceana agus cumarsáide i gceachtar den dá theanga.
Is leis an teagmháil teangan sin a éascú atá an eagraíocht, Colmcille, ar an bhfód. Is comhpháirt é Colmcille idir Foras na Gaeilge in Éirinn agus Bord na Gàidhlig in Albain ar cás leis caidreamh agus comhoibriú a chothú idir cainteoirí Ghaeilge na hÉireann agus cainteoirí Ghaeilge na hAlban.
An samhradh seo, a bhuí le sparánacht a chuir Colmcille ar fáil dom, thug mé féin aghaidh ar chúrsa Ghaeilge na hAlban do chainteoirí Ghaeilge na hÉireann. Bíonn an cúrsa sin á reáchtáil ar an Eilean Sgitheanach i nGaeltacht na hAlban, ag Sabhal Mòr Ostaig, institiúid teangan. Iain Nobel a bhunaigh an institiúid in 1973, thacaigh an institiúid le tionscadail acadúla chultúrtha a bhaineann le Gaeilge na hAlban uaidh sin i leith.
Ar maidin mhoch shamhraidh, rinne mé mo bhealach chomh fada le Glaschú, áit ar fhan mé leis an mbus a thabharfadh chun an oileáin mé. Thriall an bus Garbhchríocha na hAlban, áit a bhfuil beanna a dhéanfadh cnoc beag d’aon sliabh dá bhfuil in Éirinn. Tá an tírdhreach fiáin, sceirdiúil, agus álainn agus níor éirigh le lionsa mo ghutháin é a tharraingt ar aon bhealach sásúil.
Nuair a bhain mé an t-Eilean Sgitheanach féin amach tar éis sé uair ar an mbus, is beag an Ghaeilge a bhí le cloisteáil timpeall orm. Béarla amháin a bhí ag fear an tacsaí a thug mé chomh fada leis an gcoláiste, cé gur spéis leis an Ghaeilge agus go raibh sí ag a mhuintir tráth, dar leis. Béarla amháin a bhí sa siopa ar cheannaigh mé deoch ann, freisin, agus mé ag fanacht leis an tacsaí.
Ábhar faoisimh a bhí ann, go pointe, nárbh éigin dom mo ghnó ar fad a dhéanamh trí Ghaeilge na hAlban, mar b’fhearr an tuiscint agam uirthi ná mo chumas chun cainte, fiú amháin tar éis cúpla mí a chaitheamh ag déanamh iarrachta leis an teanga a shealbhú roimh an gcúrsa. Ábhar bróin a bhí ann chomh maith, áfach, nár airigh mé an teanga ar chás liom í a fhoghlaim ar an turas sin.
Nuair a d’fhiosraigh mé an scéal le muintir na háite, dúradh liom gur lú an Ghaeilge atá sa cheantar a bhfuil an coláiste lonnaithe ann ná in áiteanna eile ar an oileán céanna, agus gur beag an Ghaeilge atá ar an Eilean Sgitheanach féin le hais na n-oileán thiar. D’uireasa cairr de mo chuid féin, is beag an deis chun taiscéalaíochta a tháinig aníos, agus mar sin, is beag an deis a fuair mé castáil ar chainteoirí Gaeilge na háite nach raibh baint acu leis an gcoláiste. Talamh úr le treabhadh é an méid sin nuair a fhillfeas mé ar an áit.
Ar shroicheadh lóistín an choláiste dom, chuala mé grúpa daoine ag labhairt i nGaeilge na hÉireann. Ba iad na daoine iad a bheadh ar an gcúrsa liom, daoine a gcuirfinn aithne mhaith orthu i gcaitheamh na seachtaine, agus an teagascóir cumasach Iain Mac Illeachiar, fear a thabharfadh aire dúinn sa seomra ranga. An chéad mhaidin eile sa rang, fuair mé blaiseadh den fhiodmhagadh idirchultúrtha ar leag an Cadhnach a mhéar air nuair a mheabhraigh an múinteoir dom os ard gur ‘tá mé’ a bhí mé a rá agus ní ‘tha mi’, mar ba cheart, i nGaeilge na hAlban. Dúshlán a bhí ann dom, agus atá ann i gcónaí, gan titim i dtuilleamaí Ghaeilge na hÉireann, go háirithe ó thaobh na foghraíochta de.
Sna ranganna, cuireadh an-bhéim ar na príomhdhifríochtaí foghraíochta i nGaeilge na hAlban a d’fhéadfadh a bheith casta do Ghaeilgeoirí na hÉireann, cuirim i gcás, na fuaimeanna ‘ao’ agus ‘-chd,’ dhá fhuaim de chuid Ghaeilge na hAlban nach bhfuil ann dóibh i nGaeilge na hÉireann. Léiríodh na héagsúlachtaí is mó ó thaobh na gramadaí de, cuirim i gcás, ceartúsáid na copaile i nGaeilge na hAlban. Is é an struchtúr ‘an e tidsear atha annad?’ (‘An é múinteoir atá ionat?’) an leagan is coitianta i nGaeilge chomhaimseartha na hAlban, agus níl ann don struchtúr, ‘An múinteoir thú?’.
Tá an t-alt éagsúil i nGaeilge na hAlban freisin. Tá na foirmeacha a leanas ann: ‘an’; ‘am’; ‘na’; agus ‘nam’, ag brath ar thúslitir an iartheachtaí agus ar an tuiseal. Cuireadh béim ar na focail choitianta i nGaeilge na hAlbain nach n-aithneodh Gaeilgeoir na hÉireann gan mórán dua, mar shampla, ‘ag bruidhinn’, sin ‘ag labhairt’, agus ‘cuideachd’, sin ‘chomh maith.’
Tarraingíodh aird, freisin, ar na cairde bréige a chuirfeadh mearbhall ar aon duine nach mbeadh cleachtaithe leo, abair, ciallaíonn an focal ‘luath’ i nGaeilge na hAlban ‘tapa’: ní comhchiallach leis an bhfocal ‘moch’ é. (Is é ‘tràth’ an focal ar ‘luath’ i nGaeilge na hAlbain, dála an scéil).
An t-éacht ba mhó a bhaineamar amach sa rang, áfach, dar liom, ná gur éirigh linn dráma a chleachtadh agus a thaibhiú, ‘Na Bodaich Chrotach agus na Sìthichean’ (Na Fir Cruiteacha agus na Síoga) le go leor tacaíochta ón múinteoir.
B’iontach an deis blúirín de bhéaloideas na hAlban a thabhairt abhaile liom agus cúpla amhrán leis. Is modh éifeachtach foghlama é línte a chur de ghlanmheabhair i dteanga atá duine a fhoghlaim. Cabhraíonn sé le rithim, aiceann, foghraíocht agus, dar ndóigh, le stórfhocal. Ach, is mó Gaeilge na hAlban a tháinig chugam ó bheith ag caint le lucht teagaisc agus lucht cúnta an choláiste istoíche sa Talla Mòr (Halla Mór), an teachín tábhairne atá ar an gcampas, agus ag na ciorcail chomhrá a bhí ar siúl gach tráthnóna. B’in a chuir iachall orm an teanga a labhairt, scil nach n-eascraíonn as an léitheoireacht ná as foghlaim na gramadaí.
Ar theacht dheireadh an chúrsa, bhraith mé gur ghlac mé páirt i dtraidisiún ina dtriallann muintir na hÉireann chun na hAlban le Gaeilge na tíre sin a fhoghlaim mar chuid de, díreach mar a rinne Máirtín Ó Cadhain. Is iontach go réitíonn Colmcille an bealach leis an traidisiún sin a chothú.
Bhí dáréag comhscoláirí ar an gcúrsa liom a chuir go mór leis an eispéaras – daoine bríomhara cliste atá ag saothrú ar son Ghaeilge na hÉireann, daoine a bhfuil spéis acu uile Gaeilge na hAlban a chur chun cinn freisin. Ba mhór an phribhléid í a bheith ag plé leo ar feadh seachtaine. Tógáil ollmhór phearsanta a bhí sa turas a lig dom a bheith ag spraoi le teanga nua atá sách cóngarach do theanga atá ar mo thoil agam ar aon nós, agus a lig dom cumas cainte a bhaint amach sa teanga nua sin.
Taiscéalaíocht theangeolaíoch a bhí ann freisin a lig dom iarsmaí den Nua-Ghaeilge Mhoch atá fós beo beathach i nGaeilge na hAlban a aithint, agus snáitheanna teanga a tharraingt le céile i mo chloigeann. Chuir sé go mór le m’eolas ginearálta ar theanga na Gaeilge, rud nach bhfuil stop leis go fóill. Ar an gcúis sin amháin, gan a bheith ag trácht ar an gcomhluadar iontach a bhí ar an gcúrsa liom, mholfainn d’aon duine ar spéis leis giota beag de Ghaeilge na hAlban a fhoghlaim cur isteach ar an sparánacht.
The post A bheil Gàidhlig agad? Cúrsa seachtaine i nGaeltacht na hAlban appeared first on NÓS.