Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí Gnó atá ar fáil
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí Gnó atá ar fáil
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
‘an-bhliain-seo-ba-dheacra-agam-fein-go-pearsanta’-–-cinneadh-fos-le-deanamh-ag-louise-ni-mhuircheartaigh-faoi-choinneail-uirthi

‘An bhliain seo ba dheacra agam féin go pearsanta’ – cinneadh fós le déanamh ag Louise Ní Mhuircheartaigh faoi choinneáil uirthi

| Padraic O Ciardha | ,

Deir laoch peile Chiarraí Louise Ní Mhuircheartaigh nach bhfuil aon chinneadh déanta aici go fóill an imreoidh sí d’fhoireann an chontae arís an bhliain seo chugainn.

Bhí Ní Mhuircheartaigh ar fhoireann Chiarraí a bhuaigh Craobh Shinsir Peile na mBan níos luaithe an mhí seo, an chéad chraobh uile-Éireann ag mná na Ríochta le breis is 30 bliain.

Tá breis is leath dá saol caite ag Louise ag imirt le foireann an chontae, agus gradam Imreoir na Bliana buaite anuraidh aici anuraidh, ach deir sí nach bhfuil sí cinnte go fóill an bhfillfidh sí dá hochtú bliain déag le sinsir Chiarraí.

“N’fheadar. Tá an-chuid daoine tar éis an cheist sin a chur orm. Tá sé deacair saol a shamhlú gan caid ach braitheann sé go mór ar an mbainistíocht atá againn,” a dúirt Ní Mhuircheartaigh agus í ag tagairt do chomhbhainisteoirí Chiarraí, Declan Quill agus Darragh Long.

“Bheadh sé i bhfad níos fusa an cinneadh a dhéanamh má fhanann siadsan. An méid atá déanta acu dúinn mar imreoirí agus mar dhaoine, tá muid an-bhuíoch díobh.

“Tá mé chun ana-thaitneamh a bhaint as an gcéad chúpla seachtain eile agus cúpla mí eile agus suífear síos agus labhrófar le cúpla duine,” a dúirt Ní Mhuircheartaigh agus í ag labhairt ar an gclár An Saol ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Labhair sí sa gclár ar na dúshláin a bhí roimpi agus roimh fhoireann Chiarraí i mbliana, go háirithe tar éis dóibh cluichí ceannais na hÉireann a chailliúint an dá bhliain roimhe sin.

“Ba í i mbliana an bhliain ba dheacra agam féinig go pearsanta. Níor thosnaíos ar ais go dtí mí Eanáir is dócha. Bhí na cosa saghas ag teip go minic nuair a bheadh traenáil chrua ann. An chéad chúpla traenáil, bhíos ag streachailt liom agus ag fulaingt leis na ritheanna crua ach chabhraigh na cailíní ar fad liom agus chabhraigh an bhainistíocht liom. Arís, bhí an aisling sin ann, bhíomar ag súil go mór gurb í seo an bhliain agus táim an-shásta go gcuas thar n-ais.”

Ní raibh Ní Mhuircheartaigh, a bhfuil ceithre cinn de ghradam All Star buaite aici, i mbarr a réime i gcaitheamh an tsamhraidh, áfach agus deir sí gur chabhraigh comhrá lena deartháir Colm i ndiaidh bhua Chiarraí ar Ard Mhacha i gcluiche leathcheannais na hÉireann léi rudaí a chur ina gceart.

“Bhí an-bhrú orainn sa chluiche leathcheannais. B’in é an cluiche ba dheacra a bhí agam i mo sheacht mbliana déag ag imirt [le Ciarraí]. Níor bhaineas aon sásamh as an gcluiche san agus dúirt Colm liom go gcaithfinn an meon a athrú agus sin a dheineas,” arsa Ni Mhuircheartaigh.

“[Dúirt sé liom] sásamh a bhaint as, gan aon bhrú a chur orm féinig, mar an lá céanna, níor imríos go maith. Bhí sé ag rá ‘Níor chabhraigh an build-up sin leat so athraigh an meon’.”

Deir Ní Mhuircheartaigh nach mbeadh sí san áit ina bhfuil sí gan a clann agus is léir go ndeachaigh comhairle a dearthár i bhfeidhm uirthi roimh an gcluiche ceannais i gcoinne na Gaillimhe, nuair a scóráil sí sé phointe i dtaispeántas den scoth.

Deir sí go ndearna an fhoireann uile cuid den bhrú a bhaint den lá mór, go háirithe tar éis dóibh na cluichí ceannais a chailliúint in 2022 agus 2023.

“Bhí taithí faighte againn ó anuraidh agus an bhliain roimis. Dheineamar rudaí beagáinín difriúil i mbliana. Fiú ag imeacht suas, d’fhágamar ó Currans [lárionad barr feabhais CLG Chiarraí]. Ní raibh aon saghas sorcas romhainn nuair a bhíomar ag fágaint, sinn fhéinig a bhí ann. Chuamar suas deas socair.

“Maidin Dé Domhnaigh, bhailíomar linn amach as an óstán ar feadh tamaillín. Chuamar go dtí an tAifreann agus rudaí mar sin. Chabhraigh sin go mór. Thógamar amach na mothúcháin ar fad mar, is dócha, roimis seo bhíomar ar fad ag rá go gcaitheamar an jab a dhéanamh inniu agus brú á chur orainn féin, ach i mbliana dúramar go mbainimis sásamh as agus taitneamh a bhaint as an dturas ón gcluiche leathcheannais go dtí an lá mór. Sin an rud ba mhó is dócha, gan aon bhrú a chur orainn fhéinig agus cuimhneamh canathaobh go bhfuilimid ag imirt seo – mar is breá linn an chaid agus taitneamh a bhaint aisti agus sin a dheineamar.”

Baineadh Ní Mhuircheartaigh den pháirc agus cúig nóiméad fágtha sa gcluiche ceannais agus an beart déanta ag Ciarraí. Bhí meangadh mór gáire ar bhean Ard na Caithne.

“De ghnáth, bheadh pus orm is dócha nuair a bheinn ag teacht amach ach bhí a fhios agam go raibh an jab déanta,” ar sí.

“Níor thuigeas ar dtús go rabhadar do mo thógaint amach, bhí gleo timpeall, ach nuair a bhíos ag rith trasna an ghoirt bhíos ag rá, ‘Jesus, tá sé againn, tá sé déanta againn ar deireadh thiar thall’. Bhí cailíní ag gol ar an ngort ach ritheas isteach i lámha Declan [Quill] agus Darragh [Long], bhí sé an-speisialta agus rud é ná déanfaidh mé dearmad air go deo.”

Dúirt Ní Mhuircheartaigh gur mór an tógáil croí a bhí sna sluaite a tháinig amach in áiteanna ar nós Chill Airne agus níos gaire don bhaile i nGallarus agus ar an mBuailtín chun gaisce na foirne a cheiliúradh.

“Laethanta ab ea iad go mbeadh tú ag súil go dtarlódh siad ar feadh na mblianta agus ar deireadh tá sé tarlaithe agus braitheann sé go diail. Tá meangadh gáire orainn le coicís agus beidh go ceann tamall fada.”

Níos mó