Tá bonn óir buaite ag Kellie Harrington na hÉireann ag na Cluichí Oilimpeacha den dara huair as a chéile.
Fuair an dornálaí as Rae Portland san ardchathair an ceann is fearr ar Yang Wenlu na Síne i mbabhta ceannais rannóg 60kg na mban anocht ar chúirt Philippe‑Chatrier i staid Roland Garros.
Fiú roimh a bua stairiúil anocht bhí gaisce déanta ag Harrington agus í ar an gcéad lúthchleasaí ban as Éirinn a bhuaigh bonn ag níos mó ná Cluichí Oilimpeacha amháin.
Agus greim coimeádta aici ar an gcraobh a bhuaigh sí i dTóiceo trí bliana ó shin, tá gaisce mór eile déanta aici nach bhfuil déanta ag mórán eile as Éirinn – bonn óir a bhuachan ag dhá Chluichí Oilimpeacha as a chéile.
Níl a leithéid déanta ag aon duine eile seachas na rámhaithe Paul O’Donovan agus Fintan McCarthy, a bhuaigh a ndara bonn óir Oilimpeach i bPáras, agus Pat O’Callaghan, a bhuaigh bonn óir i gcaitheamh an oird ag Cluichí 1928 agus 1932.
Bhí smacht ag Harrington ar chúrsaí ó thús an troda agus nuair a fógraíodh a bua stairiúil thug sí tamall ag rince san fháinne mar cheiliúradh agus a lucht tacaíochta imithe le báiní timpeall uirthi i Roland Garros.
Oíche mhór a bhí ann do lucht leanta na dornálaíochta agus an spóirt in Éirinn, go háirithe i dtuaisceart lár na cathrach, ceantar dúchais Harrington.
Craoladh beo ar scáileán mór an troid i bPáirc an Diamaint, mar a raibh slua mór bailithe chun féachaint ar a laoch, an seaimpín Oilimpeach, agus í ag iarraidh an beart a dhéanamh arís.
Seacht mbonn atá buaite ag Éirinn ag na Cluichí Oilimpeacha i bPáras, níos mó bonn ná mar a bhuaigh aon fhoireann Oilimpeach as an tír seo riamh.
Sa rámhaíocht bhuaigh Paul O’Donovan agus Fintan McCarthy bonn óir i gcomórtas bád beirte éadrom na bhfear agus sa linn snámha fuair Daniel Wiffen an chéad áit i mbabhta ceannais an chomórtais saorstíle 800m.
Bhuaigh an gleacaí Rhys McClenaghan bonn óir eile d’Éirinn nuair a tháinig sé sa chéad áit sa bhabhta ceannais ar an gcapall corr.
Tá trí bhonn cré-umha buaite ag foireann na hÉireann chomh maith.
Ba í Mona McSharry as Sligeach a bhuaigh an chéad bhonn d’Éirinn ag na Cluichí Oilimpeacha i bPáras nuair a tháinig sí sa tríú háit sa bhabhta ceannais i snámh brollaigh 100 méadar na mban agus tháinig Daniel Wiffen sa tríú háit sa rás ceannais sa snámh saorstíle 1500 méadar chun a dhara bonn a bhuachan.
D’éirigh le beirt rámhaithe eile as Éirinn, Philip Doyle agus Daire Lynch, bonn cré-umha a bhuachan i gcomórtas bád beirte na bhfear.