Deir Uachtarán na hÚcráine Volodymyr Zelensky, go bhfuil fórsaí a thíre ag déanamh dul chun cinn ina n-ionradh ar thailte na Rúise.
Mhaígh Zelensky go raibh dul chun cinn roinnt ciliméadar déanta ag saighdiúirí na hÚcráine agus iad i mbun an ionsaí is mó ar an Rúis ón dara cogadh domhanda.
Dúirt Zelensky go raibh dul chun cinn á dhéanamh in áiteanna éagsúla i gceantar Kursk agus go raibh breis is 100 saighdiúir de chuid na Rúise gafa acu.
Dúirt leasphríomh-aire na hÚcráine, Iryna Vereshchuk, go dtabharfaí cead do dhaoine in Kursk aslonnú agus go mbeadh cead isteach sa cheantar ag eagraíochtaí idirnáisiúnta daonnúla.
Dúirt Zelensky go raibh ionsaí mór dróin déanta ag an Úcráin ar cheithre aerbhunáit de chuid na Rúise.
Maíodh chomh maith gur tugadh chun talún scairdeitleán Su-34 de chuid na Rúise.
Mhaígh údaráis na Rúise gur tugadh chun talún 117 drón de chuid na hÚcráine.
Tá staid éigeandála fógartha chomh i gceantar eile sa Rúis, Belgorod, mar a bhfuil dochar déanta ag na hionsaithe dróin.
Chuir an Rúis i leith na hÚcráine go raibh coireanna á ndéanamh acu agus go raibh aon seans ar chainteanna síochána curtha ar an méar fhada.
Tuairiscítear go bhfuil an Rúis tosaithe ar roinnt saighdiúirí a aistriú ón Úcráin chun iad a chur ar dualgas in Kursk.
Ceann de na haidhmeanna a luaitear le hionradh na hÚcráine ar an Rúis ná go mbeadh faoiseamh ag trúpaí na hÚcráine ó shíor-ionsaí na Rúise.
Ní léir go bhfuil aon trúpaí aistrithe amach ag an Rúis go fóill as oirthear na hÚcráine, mar a bhfuil dul chun mór déanta ag an Rúis le roinn míonna anuas.