Deir ceannasaí Oireachtas na Gaeilge nach leor a bheith ag “síormholadh” leabhar Gaeilge agus gur gá tuilleadh infheistíochta a dhéanamh in earnáil na foilsitheoireachta.
Bhí sí ag caint agus na gearrliostaí do ghradaim liteartha an Oireachtais á bhfógairt inné.
Dúirt Máirín Nic Dhonnchadha go raibh “éacht” á dhéanamh ag daoine a bhí ag saothrú i ngort na foilsitheoireachta Gaeilge ach go bhfuil “géarghá le hinfheistíocht shubstaintiúil” san earnáil, mar atá molta ag coiste Dála.
I dtuarascáil a foilsíodh ag deireadh na bliana seo caite, dúirt Comhchoiste Gaeilge an Oireachtais go raibh breis maoiniú stáit ag teastáil d’earnálacha na scríbhneoireachta agus na foilsitheoireachta Gaeilge má táthar leis an teanga a choinneáil beo.
I measc na moltaí a luadh sa tuarascáil, moladh go n-ardófaí an buiséad do Chlár na Leabhar Gaeilge, go ndéanfaí an buiséad a chuirtear ar fáil d’iriseoireacht scríofa na Gaeilge a dhúbailt agus go dtabharfaí leabhair Ghaeilge saor in aisce do dhaltaí scoile.
“Is den riachtanas é go gcuirfear na tacaíochtaí atá sonraithe sa tuarascáil ar fáil le go mbeidh ar chumas scríbhneoirí agus foilsitheoirí araon déileáil leis na dúshláin a bhaineann le tionscal na foilsitheoireachta ar bhonn domhanda, chomh maith leis na cúinsí breise a bhíonn le háireamh acu siúd a bhíonn ag saothrú i ngort na mionteangacha,” a dúirt Máirín Nic Dhonnchadha.
“Ní leor é mar straitéis a bheith á síormholadh siúd a n-éiríonn leo feidhmiú ar an ngannchuid – tá gníomhartha tacaíochta de dhíth le go mbeidh rath ar an earnáil.”
I mBealtaine na bliana seo, dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Thomas Byrne go bhfuil tuilleadh maoinithe stáit de dhíth ar fhoilsitheoirí agus scríbhneoirí Gaeilge ach níor ghlac sé go bhfuil géarchéim san earnáil.
Gheall sé, áfach, go mbreathnódh sé “go fabhrach” ar iarratais ar bhreis airgid don earnáil agus dúirt go raibh súil aige tuilleadh maoinithe a chur ar fáil do Chlár na Leabhar Gaeilge i mbliana.
I dtuarascáil an choiste, moladh go n-ardófaí an maoiniú a chuirtear ar fáil d’Fhoras na Gaeilge chun Clár na Leabhar Gaeilge a chur i bhfeidhm go dtí an leibhéal a bhí i gceist in 2008 – €1.8 milliún – agus go dtiocfadh méadú air sin bliain i ndiaidh bliana. Níos lú ná €1.1 milliún a chuirtear ar fáil don scéim i láthair na huaire.
Inné a d’fhógair Oireachtas na Gaeilge na hainmniúcháin do Ghradam Uí Shuilleabháin, do Ghradam Réic Carló agus do Ghradam de Bhaldraithe 2024.
Ocht leabhar atá ar ghearrliosta Ghradam Uí Shúilleabháin, an gradam foilsitheoireachta do leabhar na bliana ar fiú €5,000 é d’fhoilsitheoir an tsaothair bhuacaigh agus €2,500 d’údar an leabhair féin.