Rinne níos lú na 2.2% de dhaltaí A-leibhéal ó thuaidh scrúdú Gaeilge i mbliana.
As an 12,690 dalta sa tuaisceart a thug faoin A-leibhéal i mbliana, fuair 282 dalta torthaí don scrúdú A-leibhéal Gaeilge.
Tá an Ghaeilge ar an dara teanga is mó a roghnaíonn daltaí don A-leibhéal ó thuaidh le dhá bhliain anuas toisc titim mhór a bheith tagtha ar líon na ndaltaí a roghnaíonn an Fhraincis mar ábhar scrúdaithe.
248 dalta a thug faoi A-leibhéal sa Fhraincis i mbliana, i gcomparáid le 357 in 2019, titim 31%.
Tá líon na ndaltaí a roghnaíonn an Ghaeilge don A-leibhéal seasmhach go maith le cúig bliana anuas. In 2019, thug 291 dalta faoin scrúdú A-leibhéal Gaeilge i gcomparáid le 282 dalta mbliana.
Seachas an Béarla, is í an Spáinnis an teanga is mó a ndéantar staidéar uirthi ó thuaidh ag an A-leibhéal.
379 dalta a thug faoin Spáinnis ag an A-leibhéal i mbliana, nó 3% de dhaltaí A-leibhéal.
In 2019, roghnaigh 457 dalta an Spáinnis don A-leibhéal as 12,187 dalta a thug faoi scrúduithe A-leibhéal an bhliain sin, titim 19%.
Roghnaigh 73 dalta an Ghearmáinis don A-leibhéal i mbliana, i gcomparáid le 69 dalta in 2019, an t-aon teanga nár tháinig titim ar líon na ndaltaí a roghnaigh í don A-leibhéal.
Seachas aon dea-scéal faoin Ghaeilge, is léiriú iad na figiúirí seo ar “drochstaid na dteangacha” ó thuaidh, a deir Oifigeach Polasaí Oideachais Gael Linn, Séamus Mac Eochaidh.
“Tá an Ghaeilge ag feidhmiú mar ábhar scoile i gcóras nach bhfáiltíonn roimh fhoghlaim na dteangacha, nó foghlaim na Gaeilge ach go háirithe.
“Cé go bhfuil ábhar dóchais i measc na ndeacrachtaí ann agus an Ghaeilge ar an dara teanga is mó a bhí roghnaithe ag GCSE, níl ach 282 ag foghlaim na Gaeilge ag an A-leibhéal, figiúr a d’fhan beagnach mar an gcéanna ó anuraidh [285 dalta].
“Dá mbeadh na tacaíochtaí cuí ann ón Roinn Oideachais, thiocfadh scéal níos dearfaí a chur ar thalamh sna blianta romhainn agus fás a fheiceáil ar an fhigiúr sin gan dabht,” a dúirt Mac Eochaidh.
Deir Gael Linn go bhfuil deacrachtaí móra ann chomh maith le córas na marcanna agus nach bhfuil daltaí A-leibhéal na Gaeilge ag fáil “cothrom na Féinne” i gcomparáid le daltaí a dhéanann staidéar ar theangacha eile agus ábhair eile.
Bhí bunmharc de 199/250 nó 80% de dhíth ar dhalta le grád A a bhaint amach sa scrúdú A-leibhéal Fraincise i mbliana. Bhí 229/250 nó 91% de dhíth ar dhaltaí sa scrúdú A-leibhéal Gaeilge le Grád A a thuilleamh.
Bunmharc de 203/250 nó 82% a bhí i gceist do dhaltaí na Spáinnise a fuair A ag an A-leibhéal agus 196/250 nó 78% an bunmharc a bhí de dhíth ar dhaltaí i scrúdú A-leibhéal na Gearmáinise.
Dúirt Mac Eochaidh go bhfágann an córas lochtach nach bhfuil daltaí ag fáil “na marcanna atá tuillte acu”.
“Tá sé le feiceáil arís i mbliana, go háirithe leis an ghrád A*, buaireamh atá á léiriú ag An Gréasán le blianta anuas. Bheadh os cionn 90% de dhíth i ngach modúl ag A2 (an dara bliain den chúrsa A-leibhéal) le A a bhaint amach.
“Scaiptear an scéal seo i measc na ndaltaí agus cuireann sé seo bac ar dhaltaí an Ghaeilge a roghnú don A-leibhéal,” a dúirt Mac Eochaidh
Tá athbhreithniú déanta ag an Chomhairle Curaclaim, Scrúdúcháin agus Measúnaithe [CCEA] ar chóras na ngrád i gcás na dteangacha i dTeastas Ginearálta an Mheánoideachais [GCSE] agus A-Leibhéal, ach níl torthaí an athbhreithnithe sin foilsithe ag an CCEA fós.
Tá ráiteas iarrtha ag Tuairisc ar an CCEA faoin scéal.