Is oideachasóir agus scríbhneoir de bhunadh Gaza í Al-Orjwan Shurrab. Tá sraith alt á scríobh aici mar gheall ar a saol féin agus ar shaol mhuintir Gaza ó thosaigh an cogadh i nDeireadh Fómhair 2023. Seo an ceann deireanach sa tsraith ar Tuairisc. Antain Mac Lochlainn a d’aistrigh. Is féidir na cinn eile a léamh anseo.
Lean an saol ar aghaidh, an tóraíocht shíoraí ar bhia, ar uisce agus ar chógais. Bhí an t-ádh orainne, a raibh níos mó de mhaoin an tsaoil againn ná mar a bhí ag a lán teaghlach eile. Múinteoir de chuid UNRWA is ea m’athair céile agus tá mo mháthair fostaithe ag Údarás na Palaistíne. Tá tuarastal seasta acu a chuidíonn linn riachtanais an tsaoil a cheannach. Ach is iomaí earra nach mbíonn le fáil anois ach ar an mhargadh dhubh, agus praghas dá réir sin orthu.
Fógraíodh sos cogaidh ar an 24 Samhain. Ba mhór an faoiseamh dúinn é. Bhí mé suite de go raibh an cogadh thart. Chreid gach duine againn go leanfadh an idirbheartaíocht ar aghaidh – lá amháin, lá eile fós – go dtí go mbeadh socrú buan ann. Beag a shíl mé go dtosódh an cogadh arís ná go rachadh sé chun donais. Ach féach gur mar sin a tharla.
Mhúscail Muhammed [fear céile an údair] mé an mhaidin áirithe seo agus dúirt liom déanamh réidh le filleadh ar an scoil UNRWA ar lorg muid tearmann inti cheana. Bhí deireadh leis an sos cogaidh, a dúirt sé. Shíl mé gur ag magadh a bhí sé ach dúirt sé nár chúrsaí magaidh ar bith é. Léigh mé an scéal ar fad ar mo ghutháin póca ansin. Ní fhéadfaí teacht ar chomhréiteach. Bhí Iosrael meáite ar an ionradh ar Khan Younis a chur i gcrích. D’imigh bomaite nó dhó agus chuala mé na buamaí á bpléascadh an athuair. Dheifrigh mé liom, gur bhailigh mé éadaí agus bréagáin na bpáistí.
Ba le croí trom a shiúil mé isteach sa scoil úd arís tar éis sos cogaidh seacht lá. Bhraith mé go raibh an domhan mór i ndiaidh loiceadh orm. An é nach leor seacht lá chun an fhírinne faoi chás Gaza a chraobhscaoileadh? Ní hé gur scéal rúin é.
Tá sléacht á dhéanamh ar mo mhuintir. Tá scrios á dhéanamh ar mo thír féin. An féidir go dtabharfaidh tíortha an domhain cead a gcinn d’Iosrael leanúint den obair?
Ba sheacht measa ná riamh é, an saol a bhí againn sa scoil, idir shalachar, bhruscar agus bhrúdán. D’fhan muid ar feadh seachtaine go dtí gur ordaigh arm Iosrael dúinn imeacht as Khan Younis agus aghaidh a thabhairt ar áiteanna ‘sábháilte’ in Rafah agus Al-Mawazi. Ní raibh ach ceithre cheantar de chuid Rafah ceaptha mar thearmann do theifigh agus ní raibh Mohammed ag iarraidh dul ann. Bhí tuirse agus lionn dubh air agus tuigeadh dó nach raibh áit ar bith sábháilte níos mó. Ach d’áitigh m’athair céile nach dtiocfadh linn fanacht agus ghéill Mohammed dó faoi dheireadh.
Bhain muid Tal Al Sultan amach, i mórcheantar Rafah. Áit lom atá ann gan teach gan teallach. Ní raibh ach dornán beag puball ann nuair a tháinig muidne an oíche fhuar fhliuch sin. Níorbh fhada gur chuala muid na buamaí á bpléascadh. D’éirigh scamall dearg os cionn Khan Younis.
Ba in Khan Younis a bhí col ceathracha Mohammed go fóill. Sheol duine acu teachtaireacht téacs chugainn, ag iarraidh orainn tárrtháil a thabhairt air. Is é rud go raibh sé sáinnithe faoi charn smionagair. Tháinig seisean slán, ach cailleadh cúig cloigne déag de mhuintir Mohammed.
Thosaigh teaghlaigh eile ag teacht an lá dár gcionn, gur chuir siad a bpubaill féin suas. Taobh istigh de roinnt uaireanta an chloig, is ar éigean a bhí slí chun siúil ann. Tharraing na mílte duine ar an áit, ag teitheadh as Khan Younis. Ba bheag duine ina measc nach raibh i ndiaidh a dtithe cónaithe nó daoine muinteartha a chailleadh.
Thosaigh an tóraíocht chráite ar uisce, bia, éadaí, blaincéid agus riachtanais eile. D’éirigh le gach dream sna pubaill thart orainne uisce a aimsiú in áit éigin, i mosc nó i bhfoirgneamh de chuid UNRWA.
I gcaitheamh na hoíche, dhéanadh mise agus Mohammed idir deich agus cúig lítear déag uisce a iompar go dtí an puball fá choinne é a úsáid sa lá. Scéal eile ar fad a bhí ann i dtaca le huisce óil – chaithfeá a bheith ag faire amach go géar do lucht a dhíolta. D’éirigh an saol níos deacra i rith an ama. Luach ard ar ghlasraí agus ar thorthaí. An plúr a bheith gann. Agus bainne púdair mar an gcéanna. B’éigean do mo dheirfiúr a cuid clúidíní féin a dhéanamh dá leanbh. De ghiotaí seanéadaigh a dhéanadh sí iad, nó bhí $30 ar phaicéad siopa, an uair a bhí a leithéid le fáil.
Idir an dá linn, rinne mé do dhícheall mo pháistí a thabhairt slán, gan fios a bheith acu go raibh cinedhíothú ar siúl. Beag a shíl mé go mairfeadh an cogadh chomh fada seo.
Iarscríbhinn: Chonaic muid grianghraf le gairid. Pictiúr ón aer dár gcomharsanacht féin in Khan Younis. Níor aithin mé é. Tá ár dteach cónaithe scriosta. Tá deireadh caillte againn. Nuair a fuair muid amach go raibh mé ag súil le leanbh, d’éalaigh muid chun na hÉigipte. Tá mé buíoch de na daoine a chuir airgead chugainn le go dtiocfadh linn sin a dhéanamh. Ní fhéadfainn leanbh a thabhairt ar an saol gan uisce glan, gan ainéistéise, gan áit chónaithe shábháilte.
Bíodh sin mar atá, tá ualach ar chroí gach duine againn. Is in Gaza atá ár ndaoine muinteartha go fóill. Tá créachta na tíre fós ag cur fola.
Is féidir tuilleadh de scéalta Orjwan agus scríbhneoirí eile de chuid Gaza a léamh ar wearenotnumbers.org
‘Sa chistin a bhí sé nuair a maraíodh a mháthair, bhí sise ag déanamh bainne dó’