Deir an tOllamh Pádraig Ó Duibhir, saineolaí aitheanta i réimse an oideachais in Éirinn, go bhfuil an “bonn bainte” de ghluaiseacht an oideachais lán-Ghaeilge toisc bunú scoileanna nua a bheith faoi chúram na Roinne Oideachais.
Deir Ó Duibhir go dteastaíonn athrú mór sa gcur chuige i dtaobh bunú scoileanna nua má tá an polasaí nua don oideachas lán-Ghaeilge atá á fhorbairt faoi láthair chun cur le líon na bpáistí atá ag fáil oideachas lán-Ghaeilge.
Tá molta ag Ó Duibhir go leagfaí critéir shoiléire síos sa pholasaí nua a dhéanfadh níos fusa é do thuismitheoirí éileamh a dhéanamh ar scoil lán-Ghaeilge a bhunú ina gceantar.
Ag labhairt dó le Tuairisc, dúirt Ó Duibhir gur gá don pholasaí nua dul i ngleic leis an deacracht a bhíonn ag tuismitheoirí éileamh a dhéanamh ar scoil lán-Ghaeilge i gceantracha nach bhfuil an rogha sin ar fáil dóibh.
“Nuair a thosaigh mise amach ag múineadh i 1985, an critéar a bhí ag an Roinn Oideachais ag an am go mbunófaí bunscoil lán-Ghaeilge dá mbeadh tuismitheoirí scór páistí ag iarraidh oideachas lán-Ghaeilge.
“B’in mar a thosaigh Gaelscoil Chaitlín Maude i dTamhlacht i 1985 agus go leor Gaelscoileanna eile a bhfuil an-rath orthu anois.
“Ar an drochuair, tá an bonn bainte den chóras a bhí ann maidir le bunú scoileanna lán-Ghaeilge agus an chumhacht uilig ag an Roinn Oideachais.”
Chuir Ó Duibhir agus taighdeoirí ó Sealbhú, institiúid taighde in DCU, a gcuid moltaí i láthair oifigigh na Roinne Oideachais ag cruinniú faoin chreatpholasaí nua don Pholasaí don Oideachais lán-Ghaeilge i mBaile Átha Cliath Dé hAoine seo caite.
Deir Ó Duibhir go léiríonn an feachtas ‘2, 4,6, 8’ d’iarbhunscoil lán-Ghaeilge i lár chathair Bhaile Átha Cliath “an deacracht mhór” a bhaineann le scoileanna lán-Ghaeilge a bhunú faoi láthair.
“Bhí ar thuismitheoirí feachtas fada a mhair trí bliana a reáchtáil mar gheall nach bhfuil aon chritéir shoiléire ag an Roinn faoi scoileanna lán-Ghaeilge a bhunú.
“In Albain, ní theastaíonn ach ceathrar páistí réamhscoile ar mian lena gcuid tuismitheoirí go gcuirfí oideachas trí mheán na Gàidhlig ar fáil dóibh agus caithfidh na húdaráis áitiúla an t-éileamh sin a shásamh agus scoil a bhunú.
“Teastaíonn a leithéid de chur chuige i dtaobh bunú scoileanna lán-Ghaeilge de má tá ardú mór le teacht ar líon ndaltaí atá ag fáil oideachas lán-Ghaeilge,” a dúirt Ó Duibhir.
Tá cáineadh géar déanta ag eagraíochtaí Gaeilge agus oideachais ar an “easpa uaillmhéine” a bhaineann leis an pholasaí nua don oideachas lán-Ghaeilge atá á fhorbairt ag an Roinn Oideachais faoi láthair.
Níl aon rud luaite sa chreatpholasaí faoin cheart a bheith ag páistí ar an ghaeloideachas, moladh a rinneadh roimhe seo i dtuarascáil eile a rinne Sealbhú mar chuid d’fhorbairt an pholasaí.
Níl aon sprioc luaite sa chreatpholasaí ach oiread faoi bhunú tuilleadh scoileanna lán-Ghaeilge, tráth a bhfuil líon na ndaltaí a fhaigheann a gcuid oideachais trí Ghaeilge ag titim den chéad uair le 50 bliain.
Deir Ó Duibhir gur chóir go leanfadh an Roinn na “múnlaí uaillmhianacha” atá i bhfeidhm in Albain, sa Bhreatain Bheag agus i dTír na mBascach.
Tá sé ina cheart de réir an dlí ag páistí i dTír na mBascach oideachas trí mheán na Bascaise a fháil.
Tá molta chomh maith ag Sealbhú go leagfaí spriocanna soiléire síos maidir leis an mhéadú ar líon na ndaltaí a bheidh ag fáil oideachas lán-Ghaeilge, atá mar aidhm, rud atá déanta i gcás oideachas Breatnaise sa Bhreatain Bheag.
22% de dhaltaí atá ag fáil oideachais trí Bhreatnais faoi láthair agus é ina sprioc go mbeadh 40% de dhaltaí sa chóras tumoideachais Breatnaise faoi 2050.