Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí Gnó atá ar fáil
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí Gnó atá ar fáil
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
bua-‘stairiuil’-ag-an-eite-fhiordheis-i-dtoghchain-stait-sa-ghearmain

Bua ‘stairiúil’ ag an eite fhíordheis i dtoghcháin stáit sa Ghearmáin

| Tuairisc.ie | ,

Seo an chéad uair ón dara cogadh domhanda go mbeidh páirtí atá an-fhada amach ar an eite dheis i bparlaimint stáit sa Ghearmáin

Bua ‘stairiúil’ ag an eite fhíordheis i dtoghcháin stáit sa Ghearmáin

Tá bua mór faighte ag an bpáirtí de chuid na heite fíordheise Alternative für Deutschland i dtoghchán in Thuringia in oirthear na Gearmáine.

Seo an chéad uair ón dara cogadh domhanda go mbeidh páirtí atá an-fhada amach ar an eite dheis i bparlaimint stáit sa Ghearmáin.

Dúirt ceannaire AfD i stát Thuringia, Björn Höcke, gur “bua stairiúil” a bhí ann.

32% den vóta a fuair an páirtí frith-inimirce, de réir na bpobalbhreitheanna díreach tar éis vótála.

Tháinig an páirtí coimeádach Críostaí, an CDU, sa dara háit agus 23% den vóta acu.

Bhí an AfD i bhfad chun cinn ar thrí pháirtí rialtais na Gearmáine ach is beag seans go n-éireoidh leis an bpáirtí de chuid na heite fíordheise rialtas a bhunú in Thuringia toisc gurbh ar éigean a bheadh páirtithe eile sásta oibriú leo.

Mar sin féin, féachfar ar thorthaí an toghcháin mar léiriú ar dhearcadh an phobail faoin rialtas roimh olltoghchán na bliana seo chugainn.

Dúirt Tino Chrupalla, ceannaire AfD i bParlaimint na Gearmáine, an Bundestag, go raibh sé soiléir go raibh “athrú” ag teastáil ó dhaoine ó thaobh na polaitíochta de.

Tháinig AfD an-ghar don bhua agus iad sa dara háit sa toghchán stáit mór eile a bhí ar siúl inné, sa tSacsain.

Tháinig CDU chun cinn ar éigean ar AfD ansin, 31.9% in aghaidh 30.6%.

Tá AfD sa dara háit sna pobalbhreitheanna náisiúnta faoi láthair chomh maith.

Tháinig an BSW, an páirtí nua de chuid na heite clé, sa tríú háit sa dá stát. Bhí drochlá ag na Glasaigh, atá sa chomhrialtas faoi láthair, agus gan acu ach 3.2% in Thuringia agus 5.2% sa tSacsain. Agus níos lú ná 5% den vóta acu in Thuringia, chaill na Glasaigh a n-áit sa pharlaimint ansin.

Dúirt méara Bheirlín, Kai Wegner ón CDU, páirtí atá sa lár ar dheis, gur “oscailt súl” a bhí sna torthaí sa dá stát.

Dúirt sé gur léiriú “uafásach” a bhí sna toghcháin stáit go bhfuil go leor daoine sa Ghearmáin a bhraitheann nach labhraíonn páirtithe daonlathacha an láir ar a son a thuilleadh.

Deir an AfD gur chóir do na páirtithe eile glacadh le toradh na vótála agus dul i mbun cainte leo faoi rialtas a bhunú in Thuringia agus sa tSacsain. Tá AfD áirithe mar pháirtí “antoisceach” go smior ag údaráis faisnéise na Gearmáine.

Níos mó