Dúirt an tAire Oideachais Norma Foley tráthnóna gur dóigh gur dúbailt líon na ndaltaí a fhaigheann oideachas trí Ghaeilge an phríomhsprioc a bheadh ag polasaí nua atá á réiteach do scoileanna lán-Ghaeilge.
Tá cáineadh géar déanta le seachtain ar an gcreatpholasaí nua don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeilge toisc nach bhfuil aon spriocanna cinnte ann maidir le bunú scoileanna nua ná cur le líon na ndaltaí atá ag fáil a gcuid oideachais trí mheán na Gaeilge.
Ag cruinniú de choiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta tráthnóna, cuireadh brú ar an Aire Oideachais Norma Foley a dheimhniú go mbeadh spriocanna agus sprioc-amanna cinnte sa pholasaí féin nuair a d’fhoilseofaí é.
Cé go ndúirt an tAire nach raibh “tuairim faoin spéir” aici céard a bheadh sa pholasaí, dúirt sí go samhlódh sí go mbeadh spriocanna luaite ann.
Dúirt sí gur shíl sí go bhféadfadh gur líon na ndaltaí a fhaigheann oideachas lán-Ghaeilge a dhúbailt laistigh de dheich mbliana an sprioc a bheadh sa pholasaí.
Dúirt sí go mbeadh an sprioc sin ag teacht le gealltanas atá i gclár an rialtais. Gealltar sa chlár sin go n-oibreofaí “i dtreo líon na ndaoine óga atá i scoileanna Gaeilge a dhúbailt”.
Agus deireadh an Rialtais ag teannadh linn, is ag laghdú atá líon na ndaltaí a fhreastalaíonn ar scoileanna lán-Ghaeilge seachas ag méadú.
Beagnach 58,000 duine óg a bhí ag fáil a gcuid oideachais trí mheán na Gaeilge sa stát in 2023, idir bhunscoileanna agus iar-bhunscoileanna.
Chuir an Teachta Dála neamhspleách Catherine Connolly agus an Teachta Dála de chuid Shinn Féin Mairéad Farrell brú ar an Aire níos mó sonraí a thabhairt i dtaobh an pholasaí agus gealltanas a thabhairt go n-úsáidfeadh sí an chumhacht atá aici chun a chinntiú go mbeadh sprioc shoiléir sa pholasaí.
Dúirt an tAire go gcaithfeadh sí fanacht go bhfeicfeadh sí an polasaí, a bhfuil “bailchríoch á chur faoi láthair air”, ach go mbeadh sé “difriúil” ón gcreatpholasaí.
Dúirt an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil Éamon Ó Cuív go raibh géarghá le spriocanna cinnte sa pholasaí nua agus dúirt sé gur léir nach raibh “aon chosán soiléir” ag an Roinn Oideachais faoi láthair chun cur le líon na scoileanna lán-Ghaeilge ar mhaithe le freastal ar an éileamh ar an ngaeloideachas.
Dúirt sé go gcaithfí an córas bunú scoileanna a leasú ionas nach mbeadh an cás do bhunú scoileanna lán-Ghaeilge “in iomaíocht” leis an éileamh ar scoileanna Béarla.
Pléadh an creatpholasaí nua do scoileanna lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht ag cruinniú i mBaile Átha Cliath Dé hAoine seo caite ag a raibh eagraíochtaí Gaeilge agus lucht taighde i láthair.
Léiríodh imní faoin “easpa uaillmhéine” agus “dóchais” a bhaineann leis an pholasaí nua agus dúradh go raibh “easnaimh mhóra” ann, go háirithe i dtaca le spriocanna.
Deirtear sa chreat don pholasaí nua, a bhfuil cóip de feicthe ag Tuairisc, nach bhfuil sé i gceist scéim aitheantais a bheith ann do scoileanna lán-Ghaeilge mar atá do scoileanna Gaeltachta ach go bhfuil tábhacht le caighdeáin a leagan síos “a thacóidh” leis na scoileanna lasmuigh den Ghaeltacht.
Tá polasaí á fhorbairt le tamall ag an Roinn Oideachais don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht agus súil lena fhoilsiú le linn na scoilbhliana seo.