Tá na póilíní i Stáit Aontaithe Mheiriceá ag fiosrú chúlra fhear gunna a gabhadh in Florida i ndiaidh eachtra inar deineadh iarracht Donald Trump a fheallmharú.
De réir tuairiscí sna meáin i Stáit Aontaithe Mheiriceá, Ryan Wesley Routh is ainm don té a gabhadh agus a bhfuil amhras faoi go raibh baint aige leis an eachtra inar scaoileadh le Donald Trump agus é ag imirt gailf.
Seo an dara huair le dhá mhí ar éirigh le Trump teacht slán ó eachtra lámhaigh.
Tuairiscítear gur chuir Ryan Wesley Routh postálacha amach ar na meáin shóisialta ag éileamh ar dhaoine dul ag troid in aghaidh na Rúise san Úcráin.
De réir CNN, dúirt oifigeach de chuid na hÚcráine gurb é an cur síos is fearr a d’fhéadfaí a dhéanamh ar an dteagmháil a bhí ag Ryan Wesley Routh leo ná go raibh “seachrán” air.
De réir tuairiscí bhí taifead coiriúlachta aige agus ciontaíodh é as roinnt coireanna, ina measc arm folaithe a bheith ina sheilbh.
Dúirt polaiteoirí ar gach taobh gur údar faoisimh mór a bhí ann nár gortaíodh an t-iar-uachtarán san eachtra.
Dúirt Kamala Harris, Leas-Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá agus iarrthóir toghcháin na nDaonlathach: “Tá mé sásta go bhfuil sé slán. Níl aon áit don fhoréigean i Meiriceá.”
Dúirt JD Vance, leathbhádóir Trump sa toghchán, gur labhair sé leis an iar-uachtarán in ndiaidh na heachtra. Bhí Trump in “ardghiúmar” a rud a chuirfeadh iontas ort, a dúirt Vance.
Tuairiscíodh aréir go raibh Donald Trump slán sábháilte i ndiaidh don tSeirbhís Rúnda stop a chur le hiarracht é a fheallmharú agus é ag imirt gailf ar a chúrsa in West Palm Beach in Florida.
Scaoil gníomhairí de chuid na Seirbhíse Rúnda le fear gunna a bhí sna sceacha ar an gcúrsa gailf.
Theith an fear gunna ón láthair i bhfeithicil agus d’fhág sé ina dhiaidh raidhfil ionsaithe ar chuma an AK-47 agus málaí droma.
Ghabh Trump buíochas leis an tSeirbhís Rúnda agus na póilíní as é a choimeád slán.
“Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le gach duine as bhur n-imní a léiriú agus as bhur mbeannachtaí. Is cinnte gur lá spéisiúil a bhí ann!” arsa Trump.
Dhá mhí ó shin, bhain mionghortú do chluas dheas Trump nuair a scaoileadh leis ag slógadh toghchánaíocht in Pennsylvania.
Agus gan ach seacht seachtaine fágtha go dtí lá na vótála, tá aird tarraingthe ag an dá eachtra ar an dúshlán a bhaineann le hiarrthóirí toghcháin a choimeád slán.