Deir Sinn Féin go gcuirfidh an páirtí treoirlínte pleanála nua don Ghaeltacht i bhfeidhm laistigh de bhliain má éiríonn leo dul i gcumhacht i ndiaidh an chéad olltoghcháin eile.
Tá moill mhór leis na treoirlínte, a gheall an tAire Tithíochta Darragh O’Brien beagnach trí bliana ó shin, ach tá sé leagtha amach ag Sinn Féin i bpolasaí tithíochta nua go bhfoilseodh an páirtí na treoirlínte Gaeltachta ar bhonn práinne dá mbeadh siad sa rialtas agus go gcuirfí i bhfeidhm iad laistigh de bhliain.
Deir an páirtí go bhfoilseofaí freisin na treoirlínte pleanála atá beartaithe do cheantair thuaithe chomh maith le treoirlínte eile do na hoileáin le stop a chur leis an titim ar an daonra sna ceantair sin agus chun borradh a chur faoi chúrsaí sóisialta agus faoin ngeilleagar iontu.
“D’fhonn tacaíocht a thabhairt do dhaoine le cónaí agus obair i measc an phobail sa Ghaeltacht, faoin tuath agus ar na hoileáin, foilseoimid ar bhonn práinne na dréacht-treoirlínte pleanála tuaithe agus na dréacht-treoirlínte pleanála don Ghaeltacht agus cinn do na hoileáin agus tabharfaimid faoi chomhairliúchán poiblí fónta leis na pobail sin ionas go ndéanfaí na trí threoirlínte a achtú laistigh de 12 mí,” a deirtear i mBéarla sa bplean A Home of Your Own, a seoladh Dé Luain.
“An príomhchuspóir a bheidh leis na treoirlínte sin, ní hé amháin go gcuirfí stop leis an mbánú atá á dhéanamh ar an bpobal faoin tuath, ar oileáin agus sa Ghaeltacht, ach go gcuideofaí cur leis an daonra sna ceantair sin ar bhealach a bheadh inmharthana ó thaobh na heacnamaíochta, an chomhshaoil agus go sóisialta.”
In 2022, sheol Sinn Féin polasaí do chúrsaí tithíochta sa nGaeltacht inar moladh cosaint a thabhairt don phatrún lonnaíochta Gaeltachta, Scéim Labhairt na Gaeilge a athbhunú agus measúnú tionchair teanga riachtanach a thabhairt isteach.
Cúis mhór mhíshásaimh é nach bhfuil na treoirlínte pleanála don Ghaeltacht foilsithe go fóill ag an rialtas. Dúirt an tAire O’Brien níos luaithe i mbliana go mbeadh na treoirlínte, a gheall sé ar dtús in 2021, foilsithe aimsir na Cásca ach níl tásc ná tuairisc orthu ó shin.
Reáchtáladh agóid lasmuigh de Theach Laighean mí na Bealtaine agus Conradh na Gaeilge, an grúpa feachtais BÁNÚ agus grúpaí eile ag éileamh go bhfoilseofaí na treoirlínte gan mhoill.
Deir lucht feachtais go bhfágann cúrsaí pleanála sa nGaeltacht go bhfuil sé dodhéanta ag daoine óga tithe a thógáil ina gceantar féin agus go mbíonn orthu cur fúthu in áit éigin eile dá bharr, rud a chuireann leis an ngéarchéim teanga sa nGaeltacht.
Tá tuilleadh plé le déanamh ar bhille pleanála nua an rialtais nuair a fhillfidh an Seanad níos deireanaí an mhí seo ach tá cáineadh déanta ag Conradh na Gaeilge ar an reachtaíocht atá molta agus é ráite nach bhfuil dóthain inti chun dul i ngleic leis an fadhbanna atá ann.
Ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald a sheol plean nua tithíochta an pháirtí, plean a chosnódh €39 billiún agus a sholáthródh 300,000 teach thar thréimhse cúig bliana. Chaithfí €37 billiún ar thithe nua a thógáil agus chuirfí an €2 billiún eile i dtreo tithe a cheannach.
Chuirfeadh an stát 125,000 de na tithe ar fáil mar thithíocht shóisialta agus inacmhainne. Gealltar go gcuirfí tithe inacmhainne ar fáil ar phraghas idir €250,000-€300,000.