Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
john-feinstein-–-an-scribhneoir-spoirt-is-fearr-sa-domhan-mor-tri-cheile

John Feinstein – an scríbhneoir spóirt is fearr sa domhan mór trí chéile

| Martan O Ciardha | ,

Ní hamháin gurb é John Feinstein an scríbhneoir spóirt is fearr i Meiriceá, nó go deimhin sa domhan mór fré chéile, ach ní mó ach gurb é is bisiúla freisin. Má thagann dhá leabhar eile óna pheann, beidh leathchéad scríofa aige – an liosta sárdhíola bainte amach ag leath acu siúd.

Tá bunáite na gcinn is fearr acu ar an tseilf ar mo chúl agus mé á scríobh seo. Bhíodar ar fad ann lá den tsaol, ach de bharr mo chion ar an údar agus (dá ndéarfainn é) mo chuid gnaíúlachta féin, feicim bearna nó dhó ina measc nuair a chaithim súil orthu na laethanta seo.

Ar iasacht a d’imigh siad sin, ach nár fhilleadar. Níos minice ná a chéile nuair a thosaím ag moladh John Feinstein le duine nár chuala trácht air cheana, is minic leo a rá gur mhaith leo a shaothar a léamh agus mo léan, tá a fhios agaibh fhéin an chuid eile.

Is beag de mhúisiam a chuireann sé orm le fírinne. Tá fáil éasca go leor ar chóip eile. Níos fearr ná sin arís is maith liom a cheapadh gur thaithnigh an leabhar chomh mór sin leis an té a fuair ar iasacht é gur thug seisean do dhuine éicint eile é agus go bhfuil níos mó daoine ag cur aithne ar an údar agus ag baint sásamh as a shaothar.

Spórtanna Mheiriceá is mó a bhíonn i gceist i leabhair Feinstein. Is ar mhargadh na tíre sin atá siad dírithe den chuid is mó. Le spórt an ghailf a bhaineann roinnt mhaith acu, ach bhainfeadh daoine nach suim leo aon spórt solamar astu. Iad siúd agus na cinn faoin gcispheil, an Pheil Mheiriceánach agus an daorchluiche.

Mórshaothar í an bheathaisnéis a scríobh Feinstein faoi Red Auerbach, cóitseálaí cáiliúil na Boston Celtics.

Úrscéalaí freisin é. Bhuaigh ceann dá chuid úrscéalta do dhaoine óga gradam tábhachtach roinnt blianta ó shin, ach fós measaim gurb é an spórt a neart.

Tá ar a chumas scéal a chur os do chomhair ar bhealach nach bhfuil aon duine eile ina cheard in ann sin a dhéanamh. Deir siad siúd is fearr aithne air gurb é an bua is mó atá aige go bhfuil sé in ann an té nach bhfaca sé ariamh roimhe a chur ar a shuaimhneas agus gurb in an chúis go mbíonn muinín as ag fiú na laochra spóirt is cuthailí.

Tá sé ráite faoi freisin nach mbíonn sé sásta ariamh go bhfuil an t-eolas ar fad bailithe aige. Agus na déaga d’agallaimh déanta, tiocfaidh sé ar thóir ceann eile nuair a chuimhníonn sé ar thaobh éicint den scéal nár tháinig ina intinn go dtí sin.

Ní sna lúthchleasaithe iomráiteacha amháin a chuireann Feinstein suim. Tá leabhair den scoth scríofa aige faoi imreoirí, a saol agus a muintir nach n-aithneofaí taobh amuigh de chaolacha a dtithe féin. Scothcheardaí is ea é a mheallann an léitheoir, cuma an bhfuil an té a bhfuil sé ag cur síos air ag saothrú $20m sa mbliain nó ag streachailt leis an saol ar fhoireann scoile i mbaile beag iargúlta i limistéir an dusta in iardheisceart Kansas.

A Good Walk Spoiled an leabhar is cáiliúla dá chuid. Cur síos atá ann ar an méid a thit amach le linn séasúr an PGA 1994. Tagann a theideal ón míniú a bhí ag údar eile, Mark Twain, ar chluiche an ghailf.

Ach is leabhar a scríobh sé 14 bliain dár gcionn is ansa liom féin Tales from Q School: Inside Golf’s Fifth Major.

Chuile bhliain tráth an ama seo, tosaítear sna Státaí ar an ‘Q School’, an comórtais cháilithe a thugann áit ar PGA Tour an tséasúir dár gcionn do ghalfairí a bheadh ar a thóir sin.

Ní bréag an céasadh croí a bhaineann leis a chur i gcomparáid le hIfreann.

Ag deireadh gach séasúir, tugann an PGA cuireadh ar ais don 125 imreoir is mó a shaothraigh airgead san iomaíocht a deineadh an bhliain sin a bheith leo arís an ceann dár gcionn.

Mura bhfuil eisceacht déanta dóibh, cailleann aon imreoir atá rangnaithe níos airde ná sin a gcárta – anuraidh tharla sé do Zach Johnson, captaen na Státaí i gCorn Ryder na bliana sin agus buaiteoir Chomórtais Oscailte na Breataine 2015 agus Na Máistrí 2007.

Más mian le Zach nó lena leithéid an cháilíocht a bhaint amach arís níl de rogha acu ach a dhul sa gcoimhlint sna comórtais cháilithe. Tá 3 staid ag baint leis sin agus 1,200 galfaire sa mbád céanna.  Ina measc sin tá leithéidí Johnson atá ag breith isteach ar an 50 bliain anois agus ógánaigh a bhfuil trí bliana scoláireachta gailf curtha isteach acu in ollscoileanna na tíre agus mórán eile nach iad.

An tseachtain seo tháinig Réamhbhabhtaí 2024, a imríodh in 8 stát, tagtha chun críche. Bhí 650 galfaire san iomaíocht iontu siúd a d’íoc $3,000 ar chead imeartha. 78 acu a bhain áit amach sa gcéad bhabhta eile a bheas ar siúl an mhí seo atá ar leic na tairsí againn.

Sa mbabhta sin agus sa gceann a leanfaidh méadóidh líon na n-iomaitheoirí nuair a thiocfas galfairí as tíortha eile isteach mar aon leo siúd a bhí idir an 125 -165 áit nuair a chríochnaigh an séasúr seo.

I mí na Nollag a imreofar an babhta ceannais. As sin ní bhfaighidh ach an CÚIGEAR is fearr a dhéanfaidh cárta iomaíochta PGA 2025.

Níl duine is fearr a dhéanfadh cur síos ar chora casta shaol an ghalfaire gairmiúil ná Billy Horschel a buaigh Comórtas an PGA i Wentworth an tseachtain seo caite agus a d’fhág suaite os comhair na teilifíse mé agus mo mhaicín bán Rory McIlroy sáraithe ag an nóiméad deireanach don dara Domhnach as a chéile.

Ba ag an ‘Q School’ a shaothraigh Billy a chárta in 2009. Ní túisce sin aige ná gortaíodh a rosta. Ceithre chomórtas a d’imir sé an bhliain sin agus faoin Aoine bhí a chuid imeartha déanta i chuile cheann acu.

Fuair sé a chárta ar ais an bhliain dár gcionn, gur chaill arís é agus ar a cheathrú cuairt ar scoil in 2012 shaothraigh sé a chuid dindiúirí arís.

Ní raibh aon stop leis ina dhiaidh sin, cé go raibh 60 comórtas imeartha aige sular bhuaigh sé ceann – an Zurich Classic 2013 i New Orleans.

Faoin tráth sin bhí sé áirithe ar uimhir 49 ar an liosta fiúntais agus cead isteach aige i mórchomórtais ghailf na cruinne.

D’fhág a bhua an tseachtain seo caite go bhfuil suas le $40m carntha aige as a chuid imeartha amháin.

‘Aoibhinn beatha an scoláire.’

Níos mó