Ní leor rialtas nach bhfreastalaíonn ar riachtanais
Níl fearg orm. Níl mé corraithe. Níl fiú iontas orm ag an phointe seo. Bhí muid ag fanacht le tamall le cinneadh maidir le Páirc Mhic Asmaint ach an bhfuil iontas ar aon duine nach dtógfar é in am do na Euros in 2028?
Chuala muid go mbeadh fógra ag teacht gan mhoill sula raibh Páirtí an Lucht Oibre sa rialtas. Ní gá dul siar rófhada chun na ráitis a bhí ag Chris Heaton-Harris (an cuimhin libh é?) a fheiceáil. Ar an 21 Meitheamh dúirt an Rúnaí Stáit ag an am, ‘Ní chaillfidh Iarthar Bhéal Feirste amach ar dheis na Euros a óstáil.” Dar ndóigh, b’fhurasta dó a rá agus na Tóraithe ar leaba a mbáis.
Ansin tháinig slánaitheoir ár ré, Hilary Benn, chun tarrtháil a thabhairt orainn in am an ghátair. Ní raibh sé sa chinniúint áfach. Nuair a thosaíonn na Euros ar an 9 Meitheamh 2028, beidh ruaille buille ar na sráideanna i Londain, Caerdydd, Manchain, Learpholl, Glaschú, Baile Átha Cliath, agus Birmingham. Seans go mbeidh ‘Zón an Lucht Tacaíochta’ againn anseo…
Dá gcuirfeá cruth ar an scéal seo, cruth tríthoiseach a bheadh ann óir tá i bhfad níos mó ná dhá thaobh aige. Ar mhaithe le sprioc an ailt seo, áfach, amharcfaidh mé ar an tionchar a bheidh ag an chinneadh seo orainn, agus an léargas a thugann sé ar an chaidreamh úr seo idir muid féin sna sé chontae agus rialtas úr Pháirtí an Lucht Oibre sa Bhreatain. Tógfar Páirc Mhic Asmaint cinnte. Ní in am do na Euros ach am éigin. Cén uair? Bhuel, is alt iomlán eile é sin i ndáiríre.
Cuimhnímis, áfach, ar Ghaeil na cathrach, Gaeil Aontroma agus Gaeil Uladh fosta. Druideadh Páirc Mhic Asmaint i mí an Mheithimh 2013 agus ní raibh baile buan ag an CLG in Aontroim ó shin. Dar ndóigh, baile nua an chlub a bheadh i bPáirc Mhic Asmaint, chomh maith le baile nua don CLG Uladh. Is deacair a chreidiúint gur fhás glúin iomlán de Ghaeil Aontroma aníos gan a staid baile féin. Tá súil agam, agus ba cheart, go mbeidh staid ag an chéad ghlúin eile in Aontroim. Agus sin sin!
Ar shíl duine ar bith go mbeadh athchóiriú ar an chaidreamh idir na sé chontae agus Rialtas na Breataine nuair a tháinig Páirtí an Lucht Oibre i gcumhacht? Níl aon dealrú ar an scéal go bhfuil difear ann. Tá na polasaithe céanna ar thacaigh na Tóraithe leo á leanúint ag Páirtí an Lucht Oibre — Nualiobrálachas. Níl an chéad bhuiséad seolta acu go fóill agus chonacthas ciorruithe ar an Liúntas Breosla Geimhridh cheana féin. Gníomh atá chomh doicheallach sin go raibh na Tóraithe ina éadan. Ní sin le rá nach ndéanfadh na Tóraithe a leithéid dá mbeadh siad i gcumhacht ach d’aon duine atá ag fanacht le hathrú teacht ar chúrsaí faoi stiúir Pháirtí an Lucht Oibre, ná bí ag tnúth le haon rud réabhlóideach ar ball.
Má chaitheann muid súil ar na sé chontae bheaga bhochta, éiríonn an scéal níos measa. B’fhéidir gur shíl an rialtas go mbeadh fiosrúchán ar dhúnmharú an dlíodóra, Pat Finucane, ina shólás Dé Céadaoin sular bhris siad an drochscéala. D’fhéadfadh Páirtí an Lucht Oibre a bheith níos fearr ag plé le cúrsaí oidhreachta ach tá sin le fiosrú fós. I ndiaidh 19:00 oíche Aoine, ámh, d’fhógair an rialtas nach mbeidh siad ag soláthar maoinithe chun Páirc Mhic Asmaint a atógáil do na Euros in 2028.
Ní hamháin sin, dúirt siad go gcuirfear ar fionraí an maoiniú do na Margaí Cathrach i nDoire agus an Srath Bán, i mórcheantar Bhéal Feirste, sa Lár-Iar-Dheisceart, agus i gCósta an Chlocháin agus na Gleannta. Tharraing siad siar ar chuid den fhógra seo ina dhiaidh. Mar atá, beidh an maoiniú ar fáil do Dhoire agus ceantar an tSratha Bháin, agus do mhórcheantar Bhéal Feirste ach tá soiléiriú de dhíth go fóill i dtaobh an dá cheann eile. Bhí dímheas agus aineolas na dTóraithe soiléir ar a laghad.
Maidir leis an rialtas ar an chnoc, cad is féidir liom a rá nach bhfuil ráite faoi Chéad ag an phointe seo? I ndiaidh na n-ócáidí grianghrafadóireacht uilig, tar éis na lámha a chroitheadh agus póigín a thabhairt do na bábaithe go léir, tchíonn muid fíorluach an Tionóil. Ní fiú faic iad. Ní hamháin go raibh beagnach leathchuid de na baill in éadan Páirc Mhic Asmaint a atógáil, ach bhí siad ar fad sásta an fhreagrach a leagan ar Rialtas na Breataine. Léiríonn an cás seo gné amháin den dóigh a dteipeann ar an Tionól fíor-rialú a dhéanamh. Ní gá ach amharc ar an dréachtchlár rialtais a seoladh an tseachtain seo caite.
Tagairt do Pháirc Mhic Asmaint nó don Ghaeilge ann? Ní dóigh liom é. Do Chearta Mionlach? Nóp. Ach maith iad go raibh siad in ann teacht le chéile den chéad uair le hocht mbliana anuas chun dréachtchlár a chur le chéile nach raibh comhráite ciotacha ag baint leis ionas nach dtitfeadh gach rud as a chéile den mhilliúnú huair.
Caithfidh mé admháil, mothaím gur duine dóchasach mé. Deacair a chreidiúint, tá a fhios agam. Bím ag amharc chun tosaigh i gcónaí. Ag dréim go mbeidh gach rud go breá. Go mbíonn ábhar dóchais ann i dtólamh. Léirigh an Tionól dom go bhfuil siad gan úsáid áfach. Mura socraíonn siad na ceisteanna móra atá rompu, cad is fiú dóibh? Bhí muid gann ar rialtas éifeachtach ar feadh na mblianta, agus níl mé ag rá go raibh gach rud go breá mar ní raibh, ach mura bhfeiceann muid difríocht fhollasach, cad is fiú? Is í seo uair na cinniúna dóibh, agus maidir lenár slánaitheoirí ar na suíocháin ghlasa i bParlaimint, bhuel, dá laghad a deirtear, is amhlaidh is fearr.
The post Ní leor rialtas nach bhfreastalaíonn ar riachtanais appeared first on NÓS.