Tá conradh á thairiscint ag Údarás na Gaeltachta chun creatlach agus cur chuige nua a fhorbairt do réiteach pleananna teanga sa Ghaeltachta amach anseo.
Beidh deireadh ag teacht le saolré cuid mhaith de na pleananna teanga atá á bhfeidhmiú sa nGaeltacht sna blianta beaga amach romhainn agus tá an tÚdarás anois ag iarraidh “creatlach” nua a chur ar fáil d’ullmhú na gcéad phleananna eile.
Tréimhse seacht mbliana a mhaireann na pleananna teanga atá ceadaithe faoin bpróiseas pleanála teanga agus beidh deireadh ag teacht le tréimhsí feidhmiúcháin na bpleananna in ocht gcinn de na Limistéir Pleanála Teanga Gaeltachta in 2025. Sna limistéir sin, beidh pleananna nua le hullmhú agus le cur faoi bhráid na Roinne Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spórt agus Meán le faomhadh.
€40,000 atá á thairiscint ag Údarás na Gaeltachta, agus iad ag iarraidh, mar shampla, go gcuirfí teimpléad nua do phlean teanga ar fáil a d’fhéadfadh eagraíochtaí pleanála teanga úsáid a bhaint as. Táthar ag iarraidh chomh maith go ndéanfaí ceistneoir samplach a dhearadh a d’fhéadfaí úsáid a bhaint as chun tuairimí an phobail a bhailiú. Chomh maith leis táthar ag iarraidh treoir ó na hiarrthóir maidir le conas “spriocanna agus bearta a aithint”.
Beidh tréimhse suas le cúig mhí ag an dream a n-éiríonn leo faoin bpróiseas tairisceana chun an creatlach nua a dhearadh agus a chur faoi bhráid an Údaráis.
Tá sé i gceist go mbeadh deis ag na heagraíochtaí pleanála teanga ionchur a bheith acu i ndearadh an chreatlaigh sin. Deirtear freisin go gcuirfear san áireamh aon mholtaí a thagann ón athbhreithniú neamhspleách atá ar bun i láthair na huaire ar fheidhmiú na chéad deich bplean teanga Gaeltachta agus ar dhul chun cinn an phróisis pleanála teanga go ginearálta.
Tuigtear go bhfuil an tuarascáil, atá bunaithe ar an obair athbhreithnithe sin agus atá á réiteach ag an gcomhlacht Barr Feabhais Teoranta, le foilsiú an mhí seo chugainn.
Agus é ag labhairt sa Dáil an tseachtain seo caite, dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Thomas Byrne nach raibh a fhios aige go díreach cén uair a gheobhadh sé féin an tuarascáil ach go raibh sé ag súil lena fáil.
“Tá an t-athbhreithniú fós ar siúl. Níl aon tionchar polaitiúil ar an bpróiseas sin. Táimid ag iarraidh go mbeidh sé neamhspleách agus go mbeidh an scéal iomláin inste dúinn. Caithfimid fanacht ar an obair sin. Táim ag súil leis an athbhreithniú. Táim ag súil leis na scéalta maithe a thiocfaidh amach as agus leis na drochscéalta b’fhéidir a thiocfaidh amach as…
„Tá a fhios agam go bhfuil fadhbanna ansin ach tá a fhios agam go bhfuil rudaí maithe ag teacht freisin. In áiteanna áirithe tá na pleananna seo ag obair,” a dúirt an tAire Stáit Byrne mar fhreagra ar cheist ón Teachta Dála Catherine Connolly.
Tá pleananna teanga ag feidhmiú i 26 Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta i láthair na huaire, in dhá Bhaile Seirbhíse Gaeltachta agus i gcúig cinn de Líonraí Gaeilge.
Léirigh Oifigigh Pleanála Teanga imní níos luaithe i mbliana faoin éiginnteacht a bhain le todhchaí an phróisis pleanála teanga agus faoina dtarlódh nuair a thiocfadh deireadh leis na pleananna reatha.