Tá ráite ag an bpáirtí Éire Neamhspleách gur cheart na milliúin breise a chur ar fáil d’Údarás na Gaeltachta chun an teanga agus an fhostaíocht a chur chun cinn sna ceantair Ghaeltachta.
Agus olltoghchán ar na bacáin, sheol an páirtí polasaí don Ghaeilge agus don Ghaeltacht le gairid agus é dírithe den chuid is mó ar acmhainní breise a chur ar fáil don Údarás.
Deirtear sa bpolasaí go bhfuil nasc láidir idir cúrsaí fostaíochta agus rath na Gaeltachta agus go gcaithfidh an tÚdarás a chinntiú go bhfuil caomhnú agus cur chun cinn na Gaeilge i gcroílár a chuid gníomhartha.
Deir Éire Neamhspleách go bhfuil teipthe ar an rialtas infreastruchtúr agus seirbhísí cuí a chur ar fáil do phobal na Gaeilge agus nach bhfuil cothrom na Féinne á fháil ag Údarás na Gaeltachta ó thaobh maoinithe de i gcomparáid le háisíneachtaí stáit eile.
Faoin bpolasaí, deirtear gur chóir go méadófaí an maoiniú caipitil a fhaigheann an tÚdarás chun cur lena hacmhainn tacú le forbairt eacnamaíochta agus soláthar post sa nGaeltacht agus gur cheart maoiniú ilbhliantúil a chur ar fáil chun pleananna agus tograí straitéiseacha fadtéarmacha a chur i bhfeidhm.
Deir Éire Neamhspleách gur cheart go mbeadh an t-airgead a chuirtear ar fáil don Údarás ag teacht leis na méaduithe a tugadh d’áisíneachtaí eile ó aimsir an chúlaithe eacnamaíochta. Dar le Conradh na Gaeilge, tá buiséad Údarás na Gaeltachta fós cuid mhaith níos lú ná mar a bhí roimh 2008 in ainneoin go bhfuil ardú 66% tagtha ar bhuiséid Enterprise Ireland agus ardú 30% ag an IDA.
Maidir le cúrsaí tithíochta, tá Éire Neamhspleách ag iarraidh go gcuirfí “maoiniú agus solúbthacht” ar fáil don Údarás chun talamh a cheannach agus a dhíol chun tithíocht inacmhainne a chur ar fáil sa nGaeltacht.
Dá gcuirfí polasaí an pháirtí i bhfeidhm, dhéanfaí an buiséad reatha don phleanáil teanga a dhúbailt chomh maith agus chuirfí le líon na nOifigeach Pleanála Teanga atá ag obair ar fud na Gaeltachta.
Luaitear sa bplean chomh maith bunú ‘Gníomhaireacht um Fhuinneamh In-Athnuaite na Gaeltachta’, a bheadh faoi stiúir an Údaráis. An aidhm a bheadh leis sin ná ar a laghad togra fuinneamh in-athnuaite amháin, a bheadh faoi stiúir an phobail, a bhunú i ngach ceantar Gaeltachta taobh istigh de chúig bliana.
Tá maoiniú €50 milliún á éileamh chun feabhas a chur ar rochtain leathanbhanda ardluais sa nGaeltacht agus chun tuilleadh gteiceanna a fhorbairt, chomh maith le ciste nuálaíochta €20 milliún a thacódh le taighde agus forbairt a dhéanamh ar fhiontair Ghaeltachta.
Áitíonn Éire Neamhspleách nach mór €40 milliún a chaitheamh thar thréimhse cúig bliana chun infreastruchtúr caitheamh aimsire amuigh faoin aer a fhorbairt i gceantair Ghaeltachta.