Tá sé ráite ag an iarsheanadóir agus cainteoir líofa Gaeilge Niall Ó Donnghaile gurb eisean an té atá i gceist leis an gconspóid faoi bhall de Shinn Féin a sheol teachtaireachtaí míchuí chuig déagóir.
Bhí Ó Donnghaile ar dhuine de na baill Oireachtais is mó a bhíodh ag caint faoi chás na teanga nó gur éirigh sé as anuraidh.
Dheimhnigh sé tráthnóna gurb é a sheol na teachtaireachtaí míchuí i mí Mheán Fómhair seo caite.
De réir na dtuairiscí cuireadh an PSNI ar an eolas faoi na teachtaireachtaí a seoladh go dtí an déagóir ach ní bhfuarthas aon ghearán oifigiúil ó aon duine faoin scéal.
Dúirt Ó Donnghaile go ndeachaigh sé i gcomhairle le Sinn Féin agus gur ghlac sé leis gur chóir dó éirí as an bpáirtí agus as an Seanad.
Dúirt sé go dtabharfadh a chinneadh éirí as an deis dó díriú ar a shláinte agus go raibh deacrachtaí sláinte aige a mbíonn sé ag plé leo lena dhochtúir ó 2021.
“Glacaim leis chomh maith go bhfuil náire shaolta tarraingthe agam ar mo mhuintir, mo chairde agus m’iar-chomhghleacaithe – is oth liom go ndearna mé é sin,” a dúirt Ó Donnghaile.
“Ó d’éirigh mé as saol na polaitíochta agus an saol poiblí nach mór bliain ó shin, agus anois agus mé i mo ghnáthshaoránach, bím ag díriú go príomha ar fheabhas a chur ar mo mheabhairshláinte agus ar thacú le gaol liom atá go dona tinn le tamall – seo an rud is tábhachtaí dom agus táim ag iarraidh go dtabharfadh daoine seans do gach duine a bhfuil baint acu leis an scéal seo bogadh ar aghaidh, agus go léireofaí meas ar ár bpríobháideachas.”