‘An Taibhse’ á léiriú i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich
Bhailigh daoine le chéile i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich, Béal Feirste, Dé Sathairn le hamharc ar ’An Taibhse’, an chéad fhadscannán uafáis Gaeilge.
Is é John Farrelly a scríobh agus a stiúir an scannán agus tá Jim Sheridan — a bhfuil clú agus cáil air de bharr ‘My Left Foot’ agus ‘In the Name of the Father’ — i measc na léiritheoirí.
Suite díreach i ndiaidh an Ghorta Mhóir, is faoi chailín óg, Máire, agus a hathair atá an scannán. Bogann an bheirt acu go háras iargúlta chun aire a thabhairt dó i rith an gheimhridh, ach ní haon éalú é an teach mór ó uafáis an tráma.
Taispeánadh ‘An Taibhse’ i bhféilte i réimse áiteanna go dtí seo — Baile Átha Cliath, Gaillimh, Londain agus Ísafjörður san Íoslainn ina measc. Is san Íoslainn a bhain an scannán gradam amach as cur chun cinn agus caomhnú mionteangacha.
Reáchtáladh painéal cainte i ndiaidh an léirithe Dé Sathairn. Ar an phainéal bhí Beth Nic Aodha (a chuidigh leis an iar-léiriúchán), Rebecca Monaghan (an dara stiúrthóir cúnta agus aistritheoir na scripte) agus Ross Power (físghrafadóir). Labhair Meon Eile leis an triúr acu roimh ré faoi ‘An Taibhse’ agus faoin rath atá ar an scannán.